Beartas Aitheantais na Comhairle Múinteoireachta

Tá feidhm ag an mbeartas céannachta a leanas maidir le gach iarratas ó mhúinteoirí ar nochtaí grinnfhiosrúcháin faoi na hAchtanna um an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 go 2016.

Ní mór dhá dhoiciméad aitheantais, ceann ó Ghrúpa A agus ceann ó Ghrúpa B a sheoladh go dtí an Chomhairle Mhúinteoireachta in éineacht le d’Fhoirm Cuiridh um Ghrinnfhiosrúchán, agus í sínithe.

Grúpa A

Cruthúnas ar Chéannacht
  • Ceadúnas Tiomána Reatha (rogha is fearr)
  • Pas Reatha (náisiúnacht ar bith)
  • Cárta Seirbhísí Poiblí Éireannach

agus

Grúpa B

  • Cruthúnas ar Sheoladh Baile
  • Bille Fóntais - Gáis/Leitreachais/Líne Talún/ Leathanbhanda (Ní ghlacfar le bille Fón Póca)
  • Ráiteas Bainc/Cárta Creidmheasa
  • Comhfhreagras faoi Chlárú i gColáiste
  • Doiciméad a fuarthas ó gníomhaireacht
  • Rialtais ina dtugtar do sheoladh baile 
Doiciméid Inghlactha

1. Grúpa A – Cruthúnas ar Chéannacht – Ba cheart go mbeadh d’ainm agus do shloinne ag freagairt dóibh siúd ar do chruthúnas CA/ID. Má d’athraigh d’ainm nó do shloinne, caithfear cóip de Dheimhniú Pósta, d’Fhoraithne Colscartha/ Idirscartha nó de Ghníomhas Aonpháirtí a sheoladh in éineacht leis an gcruthúnas ar CA/ID atá seolta agat.

2. Grúpa B – Cruthúnas ar Sheoladh Baile – caithfidh an dáta a bheidh ar gach doicméad a bheith sa tréimhse sé mhí sula bhfaightear an doiciméad sa Chomhairle.

3. Ní féidir glacadh le comhfhreagras ón gComhairle Mhúinteoireachta mar chruthúnas triú páirtí ar sheoladh baile.

4. Ní féidir glacadh le ceadúnas tiomána reatha mar chruthúnas ar sheoladh baile.

5. Cinntigh le do thoil go bhfuil na sonraí ar fad, ar nós ainm agus sloinne, dáta breithe agus seoltaí le feiceáil go soiléir ar na cóipeanna a sheoltar isteach.

6. Caithfidh do sheoladh baile a bheith ag freagairt don chruthúnas ar sheoladh baile atá seolta agat.