Céim 1
1. Comhlánaigh Céim 1 den iarratas ar ghrinnfhiosrúchán mar chuid de d’iarratas ar chlárú ar líne.
Tá an tairseach Gaeilge don phróiséas grinnfhiosrúcháin á fhorbairt faoi láthair. Idir an dá linn, chun do grinnfhiosrúcháin a dhéanamh as Gaeilge, is feidir an fhoirm seo a íoslódáil, a líonadh agus a sheoladh sa phost chuig oifigí an Comhairle Mhúinteoireachta nó ar ríomphost chuig eolas@teachingcouncil.ie.
2. Ní mór duit cruthúnas de cháipéisí aitheantais a uaslódáil.
3. Má bhí tú i do chónaí lasmuigh d’Éirinn nó de Thuaisceart Éireann ar feadh tréimhse carnaí de 12 mhí nó níos mó tar éis 18 mbliana d’aois beidh ort:
-fótachóip a chur ar fáil de d’imréiteach póilíní do gach tír ina raibh tú i do chónaí.
Céim 2
Nuair atá an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis d’iarratas agus cruthúnas de cháipéisí aitheantais a sheiceáil agus d’iarratas a chur isteach go dtí an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin:
1. gheobhaidh tú ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin le nasc díreach chuig an bhfoirm iarratais ar ghrinnfhiosrúchán ar líne, agus
2. beidh 30 lá agat leis an iarratas ar ghrinnfhiosrúchán ar líne a chomhlánú agus a chur isteach
3.cuirfidh tú isteach ann do chuid seoltaí uile ó rugadh tú go dtí an lá atá inniu ann, na seoltaí uile thar lear san áireamh
4. beidh ort postchóid iomlána (6 charachtar) a chur isteach do gach seoladh de chuid Thuaisceart Éireann ina raibh tú i do chónaí.
An nochtadh (toradh) grinnfhiosrúcháin a fháil
Ansin:
1. gheobhaidh tú ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ina gcuirfear in iúl duit gur eisíodh do nochtadh grinnfhiosrúcháin chuig an gComhairle Mhúinteoireachta
2. gheobhaidh tú ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta ina mbeidh nasc chuig do nochtadh grinnfhiosrúcháin a luaithe agus atá sé próiseáilte, agus
3. beidh ort logáil isteach nó cuntas a chruthú le Digitary* chun féachaint ar do nochtadh.
*Digitary is ea réiteach na Comhairle Múinteoireachta ar líne a úsáidfidh múinteoirí chun a nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil. Le do thoil féach ar an leathanach Ceisteanna Coitianta le haghaidh níos mó eolas ar Digitary.
Do nochtadh grinnfhiosrúcháin a roinnt le fostóir
1. Beidh tú in ann do nochtadh a roinnt le fostóirí nó le fostóirí a d’fhéadfadh a bheith agat ar líne ag baint úsáid as Digitary.
2. Logáil isteach i do chuntas Digitary agus lean na treoracha le do nochtadh a roinnt.