Bunmhúinteoireacht

Chun a bheith i do mhúinteoir bunscoile in Éirinn, ní mór duit clár oideachais tosaigh múinteoirí (OTM) a bhaint amach.

Tá dhá bhealach ann.

  1. Is é an chéad bhealach ná clár fochéime OTM a bhaint amach. Tógann sé seo ceithre bliana.
  2. Is é an dara bhealach ná iarchéim a bhaint amach, ar a dtugtar Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO). Tógann sé seo dhá bhliain. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an MGO le linn na bliana deiridh de do bhunchéim Leibhéal 8, nó nuair atá do chéim Leibhéal 8 bainte amach agat.

                      Pictiur-a-thaispeanann-dha-bhealach-coitianta-chuig-teagasc-bunscoile

 

Soláthraithe creidiúnaithe oideachas tosaigh múinteoirí - bunmhúinteoireacht

  • Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Coláiste Hibernia (MGO amháin)
  • Institiúid Oideachais Marino
  • Coláiste Mhuire gan Smál
  • Ollscoil Mhá Nuad (Roinn Froebel don Bhun- agus Luath- Oideachas)

    Learscail---solathraithe-cailiochtai-oideachais-tosaigh-muinteoiri-do-theagasc-bunscoile

 

Bí ag smaoineamh

  1. Is tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) a dhéantar formhór na n-iarratas ar chláir fochéime OTM. Ní mór duit an próiseas iarratais a sheiceáil leis an ollscoil / coláiste.
  2. Mar is amhlaidh le gach cúrsa CAO, ní mór duit na riachtanais iontrála ar fad atá leagtha síos ag an ollscoil / coláiste a chomhlíonadh i do bhliain iontrála. D'fhéadfadh go gciallódh sé seo go mbeadh ort líon áirithe pointí a bhaint amach i d'Ardteistiméireacht. Nó do mhic léinn lánfhásta, b'fhéidir go mbeidh ort freastal ar agallamh. Sula ndéanann tú iarratas, déan cinnte liosta iomlán na riachtanas iontrála a léamh, mar go bhféadfadh difríochtaí a bheith ann idir na hinstitiúidí tríú leibhéal.
  3. D'fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir na próisis iarratais do chláir MGO. Ní mór duit féachaint ar shuíomh gréasáin gach institiúid tríú leibhéal chun eolas suas chun dáta a fháil ar na riachtanais iontrála, conas d'iarratas a chur isteach, cad é an dáta deiridh agus cad iad na táillí.
  4. Ní mór d'iarratasóirí MGO 65% nó níos mó a bhaint amach ar an gcuid cainte de scrúdú Gaeilge Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) Meánleibhéal 1 (B1), roimh an dáta deiridh d'iarratas. Is féidir le hiarratasóirí ar MGO Coláiste Hibernia a dteastas TEG a thaispeáint nó is féidir leo tabhairt faoi agallamh trí Ghaeilge leis an gColáiste.
  5. Do bhunmhúinteoireacht, tá íosghrád mhatamaitic, Béarla agus Gaeilge ag teastáil ag an Ardteistiméireacht (nó a comhionann) mar atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais. Tá sonraí iomlána ar na riachtanais iontrála le fáil ar shuíomhanna gréasáin na n-institiúidí tríú léibhéal.
  6. Ní mór do gach mac léinn OTM bunscoile dhá shocrúchán a dhéanamh sa Ghaeltacht ar a dtugtar an Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht.
  7. Má dhéanann tú staidéar ar mhúinteoireacht bhunscoile lasmuigh d'Éirinn agus má ghnóthaíonn tú stádas 'múinteora láncháilithe', is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chlárú mar mhúinteoir in Éirinn faoi Threoir an AE 2005/36/EC. Déanfar measúnú ar do cháilíochtaí lena chinntiú go bhfuil siad ar chomhchaighdeán leis na cinn a ghnóthaíonn céimithe na gclár OTM in Éirinn. Má aimsítear difríochtaí suntasacha idir do cháilíocht agus an cháilíocht a ghnóthaíonn céimithe na gclár creidiúnaithe in Éirinn, féadfar coinníollacha a chur i bhfeidhm ar do chlárú. Cinntíonn sé seo go bhfuil an bunchaighdeán céanna d'oideachas tosaigh múinteoirí bainte amach ag gach múinteoir in Éirinn. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Cháilithe Lasmuigh d'Éirinn.

Is scéim maoinithe é an Clár le haghaidh Bealach Rochtana ar Ard-Oideachas atá deartha chun tacú le agus rochtain mhéadaithe ar OTM a sholáthar do chatagóirí áirithe daoine. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag studentfinance.ie

Cuireann roinnt ollscoileanna agus coláistí cúrsaí ar fáil chun tacú le rochtain ar oideachas tosaigh múinteoirí do dhaoine ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht go traidisiúnta sa mhúinteoireacht. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag leathanach gréasáin na Roinne Oideachais 'Teaching Transforms'.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais?

Is foinse iontach faisnéise é leathanach gréasáin na Roinne Oideachais 'Teaching Transforms'

Freastalaíonn foireann na Comhairle Múinteoireachta agus na Roinne Oideachais go rialta ar aontaí gairme i gcoláistí agus in ollscoileanna. Coinnigh súil ar na leathanaigh shóisialta chun an t-eolas is déanaí a fháilevents @teachingcouncil / @Education_Ire

Faoi imeachtaí 2023 atá ar na bacáin liostaithe thíos.

  • Dé Máirt, 24 Eanáir - Aonach Intéirneachta agus Iarchéime - Ollscoil na Gaillimhe                                                                
  • Dé Máirt, 07 Feabhra - Imeacht: Bíodh grá agat do do ghairm bheatha - OT Bhaile Átha Cliath, Campas Sráid Aungier (Foirgneamh Sráid Aungier)
  • Déardaoin, 09 Feabhra - Imeacht: Bíodh grá agat do do ghairm bheatha - OT Bhaile Átha Cliath, Gráinseach Ghormáin (Central Quad Building)
  • Dé hAoine, 24 Feabhra - Gairmeacha sa Mhúinteoireacht - Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
  • Dé hAoine/ Dé Sathairn, 10/11 Márta - Comhdháil Bhliantúil Institiúid na dTreoirchomhairleoirí  - OTA Sligeach
  • Dé hAoine, 10 Márta - Aonach Gairme Bhéal Feirste  Foirgnimh Tionóil
  • Dé Sathairn, 03 Aibreán - Lá Oscailte Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Campas Naomh Pádraig
  • Dé Sathairn, 22 Aibreán - Lá Oscailte MIC Durlas - Coláiste Mhuire gan Smál, Durlas
  • Dé Luain /Dé Máirt, 24/25 Aibreán - Cruinniú Mullaigh Scoile - Cruinneachán Aeir, Ionad CLG Chonnacht, Cluain an Churraigh, Béacán, Contae Mhaigh Eo