Chun a bheith i do mhúinteoir bunscoile in Éirinn, ní mór duit clár oideachais tosaigh múinteoirí (OTM) a bhaint amach.
Chun a bheith i do mhúinteoir iar-bhunscoile in Éirinn, ní mór duit clár oideachais tosaigh múinteoirí (OTM) a bhaint amach.
Tá dhá bhealach ann.
Is é an chéad bhealach ná clár fochéime OTM a bhaint amach. Tógann sé seo ceithre bliana go ginearálta. Is é an dara bhealach ná iarchéim a bhaint amach, ar a dtugtar Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO). Tógann sé seo dhá bhliain. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an MGO le linn na bliana deiridh de do bhunchéim Leibhéal 8, nó nuair atá do chéim Leibhéal 8 bainte amach agat. Ba chóir go mbainfeadh do chéim Leibhéal 8 le réimse ábhair curaclaim*. Nuair a bheidh do chlár fochéime OTM nó an MGO bainte amach agat, beidh tú i dteideal clárú mar mhúinteoir iar-bhunscoile leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Nóta: Ní gá aon chumas Gaeilge a bheith agat, mura mian leat a bheith i do mhúinteoir iar-bhunscoile Gaeilge, nó obair i ngaelscoil.
Taispeánann an léaráid thíos an dá bhealach is coitianta as a dtagann clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
*Roimh áit a fháil ar an MGO (iar-bhunscoile) ní mór duit na riachtanais d'ábhar curaclaim amháin ar a laghad a bheith comhlíonta agat mar atá leagtha amach i Riachtanais an Ábhair Churaclaim.
Soláthraithe creidiúnaithe oideachais tosaigh múinteoirí don mhúinteoireacht iar-bhunscoile Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford (i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta na Mumhan) Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh) Coláiste Hibernia (MGO amháin) Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh, Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh (i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár Tíre Iarthar Láir) Coláiste Mhuire gan Smál (Durlas) Ollscoil Mhá Nuad Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Coláiste San Aingeal Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Ollscoil na Gaillimhe Coláiste na hOllscoile, Corcaigh Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath Ollscoil Luimnigh
Bí ag smaoineamh Is tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) a dhéantar formhór na n-iarratas ar chláir fochéime OTM. Ní mór duit an próiseas iarratais a sheiceáil leis an ollscoil/ coláiste. Mar is amhlaidh le gach cúrsa CAO, ní mór duit na riachtanais iontrála ar fad atá leagtha síos ag an ollscoil / coláiste a chomhlíonadh i do bhliain iontrála. D'fhéadfadh go gciallódh sé seo go mbeadh ort líon áirithe pointí a bhaint amach id'Ardteistiméireacht. Nó do mhic léinn lánfhásta, b'fhéidir go mbeidh ort freastal ar agallamh. Sula ndéanann tú iarratas, déan cinnte liosta iomlán na riachtanas iontrála a léamh, mar go bhféadfadh difríochtaí a bheith ann idir na hinstitiúidí tríú leibhéal. Má roghnaíonn tú clár fochéime OTM a dhéanamh, déanfaidh do chúrsa ábhar curaclaim amháin nó níos mó a chomhcheangal le staidéar oideachas múinteoirí, rud a chuirfidh ar do chumas ábhar amháin ar a laghad a mhúineadh go leibhéal ardleibhéil na hArdteistiméireachta tar éis duit do chéim a bhaint amach. Má roghnaíonn tú an MGO a dhéanamh, ní mór duit na riachtanais a chomhlíonadh chun ábhar amháin ar a laghad a theagasc go leibhéal ardleibhéil na hArdteistiméireachta. Moltar duit féachaint an gcomhlíonann an bhunchéim aroghnaíonn tú Riachtanais Ábhar Curaclaim na Comhairle Múinteoireachta don ábhar/na hábhair is mian leat a mhúineadh. Agus ábha(i)r á roghnú agat le múineadh, cuimhnigh go mbíonn éileamh níos mó ar roinnt ábhar ná ar ábhair eile. I measc n-ábhar seo tá nuatheangacha iasachta, Gaeilge, matamaitic, eacnamaíocht bhaile, agus ábhair eolaíochta. Beidh sé seo tábhachtach nuair a bheidh iarratas á dhéanamh agat ar phoist mhúinteoireachta. Má dhéanann tú staidéar ar mhúinteoireacht iar-bhunscoile lasmuigh d’Éirinn agus má ghnóthaíonn tú stádas 'múinteora láncháilithe’, is féidir leat iarratas adhéanamh ar chlárú mar mhúinteoir in Éirinn faoi Threoir an AE 2005/36/EC. Déanfar measúnú ar do cháilíochtaí lena chinntiú go bhfuil siad ar chomhchaighdeán leis na cinn a ghnóthaíonn céimithe na gclár OTM in Éirinn. Má aimsítear difríochtaí suntasacha idir do cháilíocht agus an cháilíocht a ghnóthaíonn céimithe na gclár creidiúnaithe in Éirinn, féadfar coinníollacha a chur i bhfeidhm ar do chlárú. Cinntíonn sé seo go bhfuil an bunchaighdeáin chéanna d'oideachas tosaigh múinteoirí bainte amach ag gach múinteoir in Éirinn. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Cháilithe Lasmuigh d'Éirinn . Is scéim maoinithe é an Clár le haghaidh Bealach Rochtana ar Ard-Oideachas atá deartha chun tacú le agus rochtain mhéadaithe ar OTM a sholáthar do chatagóirí áirithe daoine. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag studentfinance.ie
Cuireann roinnt ollscoileanna agus coláistí cúrsaí ar fáil chun tacú le rochtain ar oideachas tosaigh múinteoirí do dhaoine ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht go traidisiúnta sa mhúinteoireacht. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag leathanach gréasáin na Roinne Oideachais 'Teaching Transforms '.
Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais? Is foinse iontach faisnéise é leathanach gréasáin na Roinne Oideachais 'Teaching Transforms'
Freastalaíonn foireann na Comhairle Múinteoireachta agus na Roinne Oideachais go rialta ar aontaí gairme i gcoláistí agus in ollscoileanna. Coinnigh súil ar na leathanaigh shóisialta chun an t-eolas is déanaí a fháilevents @teachingcouncil / @Education_Ire
Faoi imeachtaí 2023 atá ar na bacáin liostaithe thíos.
Dé Máirt, 24 Eanáir - Aonach Intéirneachta agus Iarchéime - Ollscoil na Gaillimhe Dé Máirt, 07 Feabhra - Imeacht: Bíodh grá agat do do ghairm bheatha - OT Bhaile Átha Cliath, Campas Sráid Aungier (Foirgneamh Sráid Aungier) Déardaoin, 09 Feabhra - Imeacht: Bíodh grá agat do do ghairm bheatha - OT Bhaile Átha Cliath, Gráinseach Ghormáin (Central Quad Building) Dé hAoine, 24 Feabhra - Gairmeacha sa Mhúinteoireacht - Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Dé hAoine/ Dé Sathairn, 10/11 Márta - Comhdháil Bhliantúil Institiúid na dTreoirchomhairleoirí - OTA Sligeach Dé hAoine, 10 Márta - Aonach Gairme Bhéal Feirste Foirgnimh Tionóil Dé Sathairn, 03 Aibreán - Lá Oscailte Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Campas Naomh Pádraig Dé Sathairn, 22 Aibreán - Lá Oscailte MIC Durlas - Coláiste Mhuire gan Smál, Durlas Dé Luain /Dé Máirt, 24/25 Aibreán - Cruinniú Mullaigh Scoile - Cruinneachán Aeir, Ionad CLG Chonnacht, Cluain an Churraigh, Béacán, Contae Mhaigh Eo