Taighde ar Riachtanais Iontrála

Luaitear san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, go ndéanfaidh an Chomhairle “athbhreithniú ar na caighdeáin oideachais agus oiliúna atá oiriúnach do dhuine ag tabhairt faoi chlár oideachais múinteoirí … agus comhairle a chur ar fáil don Aire agus, de réir mar is cuí, na hinstiúidí lena mbaineann”.

Foilsíodh doiciméad comhairliúcháin faoi riachtanais iontrála sa bhliain 2012, inar leagadh amach riachtanais iontrála íosta beartaithe, chomh maith leis an achar ama molta leis na riachtanais leasaithe sin a chur i bhfeidhm. Bhí cruinnithe ag an gComhairle le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhlachtaí príomhoidí, comhlachtaí bainistíochta scoile, Institiúidí Ardoideachais, ceardchumainn múinteoirí, meantóirí, múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí nua-cháilithe. D’fháiltigh an Chomhairle freisin roimh aiseolas scríofa trí shuirbhé ar líne. Dúnadh an suirbhé in Earrach na bliana 2013 agus, tar éis anailís a dhéanamh ar an aiseolas uile, tugadh faoi deara go raibh cuid mhór de na saincheisteanna a ardaíodh le linn an chomhairliúcháin an-chasta agus go raibh gá le tuilleadh taighde a dhéanamh ionas go mbeadh an Chomhairle in ann comhairle shoiléir agus fhianaise-bhunaithe a chur ar fáil don Aire.

Ina dhiaidh sin fostaíodh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) leis an taighde a dhéanamh, agus tá an tuarascáil dheiridh air sin ar fáil anseo (foilsithe 10 Samhain 2016). Bhí na tátail seo mar bhonn le plé agus comhairle na Comhairle. Tá an chomhairle seo curtha faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna, a dhéanfaidh an cinneadh deiridh ar an ábhar.