Na 3 phríomhchúis a bhfuil Foirmeacha D - An Droichead á gcur ar ais chuig Múinteoirí Nuacháilithe (MNC)
Ní mór Foirmeacha D a chur isteach ar líne trí chuntas tairsí MNC ar www.teachingcouncil.ie
Is iad seo a leanas na trí phríomhchúis a gcuirtear Foirmeacha D an Droichid ar ais chuig MNCanna lena gceartú:
- Leathanaigh ar iarraidh - Ní mór na cúig leathanach ar fad den fhoirm um Dhearbhú Comhpháirteach a uaslódáil
- Foirm um dhearbhú comhpháirteach neamhiomlán - Ní mór do leathanach 5 den Fhoirm um Dhearbhú Comhpháirteach a bheith dátaithe agus stampáilte agus sínithe ag an MNC agus ag gach ball den FTG
- Ní féidir glacadh le Seanfhoirmeacha páipéir D - Ar chríochnú phróiseas an Droichid, ba cheart do MNC logáil isteach ar agcuntas tairsí agus Foirm D a chomhlánú ar líne.