Ábhair Tacaíochta Cosán

Tá réimse ábhar tacaíochta forbartha againn atá bunaithe ar an gcomhrá leanúnach a bhíonn againn le múinteoirí mar chuid de Phróiseas Forbartha Cosán. Is ábhair tacaíochta iad chun:

  • Tuilleadh a fhoghlaim faoi Cosán agus faoin bPróiseas Forbartha
  • Tuilleadh a fhoghlaim faoi mhachnamh, agus faoi mhachnamh ar fhoghlaim ghairmiúil ach go háirithe
  • A bheith páirteach i Cosán agus sa Phróiseas Forbartha ar bhonn uile-scoile, trí ábhair féin-éascaithe
  • Pleanáil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht sa Phróiseas Forbartha amach anseo ar bhonn duine aonair, ghrúpa nó uile-scoile.

Cuimsítear sna hábhair fínéid ina léirítear na cuir chuige éagsúla atá ag múinteoirí chun dul i ngleic le foghlaim ghairmiúil agus le machnamh, chomh maith le hábhar ar mhúnlaí agus ar shainmhínithe ar mhachnamh. Chomh maith leis sin cuimsítear iontú réimse d'ábhair féin-éascaithe do scoileanna agus roinnt léitheoireachta breise maidir leis an gcúlra a bhaineann le foghlaim ghairmiúil agus le machnamh.

Fáiltímid roimh aiseolas uait ar na hábhair sin, agus is féidir sin a sheoladh ar ríomhphost chuig cosan@teachingcouncil.ie.