Thug an Chomhairle Mhúinteoireachta, mar chuid de phróiseas forbartha Cosán, cuireadh do mhúinteoirí, mar dhaoine aonair, grúpaí nó mar scoileanna iomlána chun iniúchadh a dhéanamh ar chreat Cosán ina gcomhthéacsanna áirithe féin agus aiseolas a chur ar fáil don Chomhairle, ar mhaithe le heolas a chur ar fáil d’fhorbairt leanúnach an chreata.
Thionóil an Chomhairle Mhúinteoireachta, Lá Foghlama Comhroinnte an 19 Bealtaine 2018, áit a raibh cuireadh tugtha do mhúinteoirí bunscoile, iar-bhunscoile agus do mhúinteoirí breisoideachais chun teacht le chéile chun a dtaithí go dtí seo ar an bpróiseas a chomhroinnt.
Rinneadh iarracht ar an lá freisin aon cheisteanna a bheadh ag na rannpháirtithe maidir leis an bpróiseas a fhreagairt agus chun tacú leo bogadh ar aghaidh.
Féach ar an bhfíseán gearr thíos le léargas a fháil maidir leis an lá agus ó thaobh an taithí a bhí acu siúd a bhí rannpháirteach sa Phróiseas um Fhorbairt Cosán.