D'éascair Cosán, an Chreatlach Náisiúnta um Fhoghlaim Múinteoirí, as próiseas cuimsitheach comhairliúcháin ar cuireadh tús leis i nDeireadh Fómhair 2014 i gcomhar le baill de ghairm na múinteoireachta ar cuireadh tús leis i nDeireadh Fómhair 2014 i gcomhar le baill de ghairm na múinteoireachta. Bhí cur chuige uathúil ann don chomhairliúchán sin: níor ullmhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta aon dréachtdoiciméad don chomairliúchán. Ina ionad sin, is amhlaidh a lorg an Chomhairle tuairimí na gairme mar bhonn eolais d'inneachar, béarlagair agus struchtúr an dréachta tosaigh. Foilsíodh an dréacht tosaigh den chreatlach i mBealtaine 2015 agus chuir an Chomhairle Mhúinteoireachta tús ansin leis an dara babhta comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, le múinteoirí agus le soláthraithe clár. Gheofar cuntas mionsonraithe anseo ar an bpróiseas forbartha agus comhairliúcháin sin. Ag éirí as an dara babhta comhairliúcháin sin, rinneadh an dréachtchreatlach thosaigh a athchóiriú agus a leasú, agus ghlac an Chomhairle Mhúinteoireachta leis an gcreatdoiciméad críochnúil agus lainséaladh é ar an 15 Márta 2016.