D’fhoilsigh an Chomhairle Cosán, Creat Náisiúnta um Fhoghlaim Múinteoirí, i 2016, taighde bunaithe ar eolas agus ar phróiseas fairsing comhairliúcháin.
Admhaíonn Cosán an iliomad bealaí inar chuir múinteoirí in iúl dúinn go bhfoghlaimíonn siad. Mar sin cuireann sé creat soiléir inrochtana ar fáil chun foghlaim ghairmiúil leanúnach múinteoirí a aithint, i gcomhthéacs a gcuid stádais mar ghairmithe cláraithe. Cuireann sé móiminteam ar fáil freisin le go dtarlóidh comhráite nua faoin teagasc agus faoin bhfoghlaim, idir múinteoirí, tuismitheoirí, daltaí agus na páirtithe leasmhara ar fad.
Sa chomhthéacs sin, i mí Dheireadh Fómhair 2016, d’fhormheas an Chomhairle an tairiscint seo a leanas:
Aithníonn an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le FGL leanúnach do gach múinteoir mar chuid dá gcuid foghlama ar feadh an tsaoil. Creideann an Chomhairle gur cheart FGL a spreagadh agus a dhreasú agus tugann sí sainordú do mheitheal Cosán tograí a chur ar fáil, le hiad a chur faoi bhráid na Comhairle maidir le conas is féidir é sin a dhéanamh. Maidir leis seo, beartaíonn an Chomhairle nach mbeidh athnuachan ar chlárú múinteoirí faoi réir rannpháirtíochta i FGL ag an am seo.
Ina dhiaidh sin, bhí Cosán ina ábhar do phróiseas forbartha, áit a raibh múinteoirí i gceannas ar chomhrá ar an gcuma a bheadh ar Cosán i gcleachtas. Bhí ceardlanna do scoileanna i gceist leis an bpróiseas sin, chomh maith le laethanta náisiúnta foghlama comhroinnte agus imeachtaí do pháirtithe leasmhara.
Bhí an gá le spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí ina gcuid rannpháirtíochta san fhoghlaim ghairmiúil bunúsach don chomhrá sin. Ar phríomhthoradh a tháinig as an bpróiseas ab ea gur próiseas casta é foghlaim na múinteoirí, agus an machnamh a dhéanann siad ar an bhfoghlaim sin. Chun tacú le machnamh ar an bhfoghlaim, tá sraith acmhainní curtha ar fáil. Ina theannta sin, tá clár náisiúnta de cheardlanna Cosán ar fáil anois do gach scoil, i gcomhar le hIonaid Tacaíochta Oideachais Éireann (ESCI).
I mí Dheireadh Fómhair, 2021, sheol an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an Roinn Oideachais Plean Gníomhaíochta Cosán go foirmiúil. Is é atá sa phlean sin ná aistriú Cosán go céim fáis agus leagtar amach ann ról na bpríomhsheirbhísí tacaíochta chun tacú leis an aistriú sin.