I gcomhréir le Bealach a Trí de Rialacháin [Clárúchán] na Comhairle Múinteoireachta 2016 agus Rialacháin [Clárúchán] (Leasú) na Comhairle Múinteoireachta 2016, le héifeacht ón 25 Iúil 2016, ní mór d’iarratasóirí ar chlárúchán a dhéanamh don earnáil bhreisoideachais, cáilíocht oideachas múinteoirí breisoideachais atá faofa ag an gComhairle a bhaint amach.
D’fhoilsigh an Chomhairle Mhúinteoireachta Breisoideachas: Riachtanais Ghinearálta agus Chláir le Cáilíochtaí Oideachas Múinteoirí a Chreidiúnú (Béarla). Baineann an Chomhairle úsáid astu seo nuair atá measúnú agus creidiúnú á ndéanamh ar chláir oideachas múinteoirí breisoideachais atá á dtairiscint ag na hInstitiúidí Ardoideachais. Baineann na hInstitiúidí Ardoideachais úsáid as pro forma chun cláir bhreisoideachais a chur isteach le creidiúnú a fháil.
Tá an chéad tsraith den athbhreithniú agus creidiúnú curtha i gcrích anois do gach clár, agus eisíodh tuarascálacha chuig na hInstitiúidí Ardoideachais.
Áit ar bronnadh creidiúnú, foilseofar na tuarascálacha ar athbhreithniú an chláir ar an leathanach seo.
| Institiúid Ardoideachais | Clár | Creidiúnaithe | Tuairiscí(Béarla) |
| Ollscoil na hÉireann, Gaillimh | Dioplóma Gairmiúil Oideachais (Breisoideachas) | | Tuairisc |
| Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach | Dioplóma Iarchéime san Oideachas Aosach & sa Bhreisoideachas | | Tuairisc |
| Coláiste Náisiúnta na hÉireann | Dioplóma Iarchéime Ealaíon san Fhoghlaim agus sa Teagasc | | Tuairisc |
| Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge | Baitsiléir Ealaíon (Onór.) i dTeagasc an Bhreisoideachais agus an Oideachais Aosaigh | | Tuairisc |
| Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge | Dioplóma Iarchéime Oideachais sa Bhreisoideachas (P/A) | |
| Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge | Dioplóma Iarchéime Oideachais sa Bhreisoideachas (L/A) | |
| Ollscoil Mhá Nuad | Ard-Dioplóma sa Bhreisoideachas | | Tuairisc |
| Institiúid Oideachais Marino | Dioplóma Gairmiúil Oideachais (Breisoideachas) | | Tuairisc |
| Ollscoil Chathair BÁC | Baitsiléir Eolaíochta san Oideachas agus Oiliúint (Breisoideachas, Oideachas Aosach agus Oideachas Leanúnach) | | Tuairisc |
| Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach | Dioplóma Gairmiúil Oideachais (Breisoideachas) | | Tuairisc |
| Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha | Máistir Ealaíon san Ealaín Phobalghníomhach: (Breisoideachas, Oideachas Aosach agus Oideachas Leanúnach) | | Tuairisc |
*Próiseas Athbhreithnithe agus Creidiúnaithe idir lámha – Meastar go bhfuil cláir atá ann cheana creidiúnaithe go dtí go bhfuil creidiúnú déanta agus tús feidhme curtha le clár ath-choincheapaithe.