Creidiúnú Gairmiúil na gClár OTM

Is ionann creidiúnú gairmiúil do ghairm ar bith agus breithniú maidir le cibé an ullmhaíonn an clár an duine d’iontráil sa ghairm sin. Tá an creidiúnú gairmiúil difriúil ó chreidiúnú acadúil, atá bunaithe ar oiriúnacht cláir maidir le céim/dioplóma a fháil.

Caithfidh creidiúnú gairmiúil a bheith ag gach clár oideachas múinteoirí in Éirinn as ar eascair clárúchán.

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht reachtúil ar a bhfuil sé de chúram na caighdeáin a leagan síos ó thaobh iontrála chuig gairm na múinteoireachta in Éirinn agus ó thaobh a chinntiú go bhfuiltear ag cloígh leis na caighdeáin sin. Tugann creidiúnú gairmiúil ón gComhairle deis d’Institiúidí Ardoideachais (HEIanna) atá ag feidhmiú i gcomhthéacsanna éagsúla a léiriú go bhfuil cláir oideachas múinteoirí atá ar ardchaighdeán á sholáthar acu agus deartha agus leagtha amach ag teacht le caighdeáin ghairmiúla creidiúnaithe na Comhairle Múinteoireachta.

Thosaigh an chéad timthriall den athbhreithniú agus creidiúnú sa bhliain 2011. Rinne sé athbhreithniú ar chláir OTM de réir earnála: bunscoile, iar-bhunscoile, agus breisoideachais.

Chun ullmhúchán a dhéanamh don chéad tsraith eile den phróiseas athbhreithnithe agus creidiúnaithe, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar a polasaí maidir leis na caighdeáin do chláir OTM a ndearna próiseas comhairliúcháin fairsing eolas dóibh leis na príomhpháirtithe leasmhara uile agus rinneadh taighde a choimisiúnú maidir le socrúchán scoile.

Ar an 11 Samhain 2020, lainseáil an Chomhairle Mhúinteoireachta na caighdeáin leasaithe do chláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) in Céim: Caighdeáin d'Oideachas Tosaigh Múinteoirí agus an Riachtanais Chlárúcháin na Comhairle Múinteoireachta d’Ábhar Curaclaim (iar-bhunscoile) leasaithe.

Ní mór do chláir nua bhunscoile agus iar-bhunscoile a chuirtear isteach le creidiúnú a fháil ón gComhairle a bheith i gcomhréir le Céim. Déanfar na cláir OTM atá ann cheana féin a athailíniú i gcomhréir le Céim le tosú i Meán Fómhair 2022 do mhúinteoirí faoi oiliúint na chéad bhliana.

Más mian leat clár nua a chur isteach ar son creidiúnaithe, nó má tá do HEI le hathbhreithniú agus le creidiúnú faoi Thimthriall 2, déan teagmháil linn le do thoil ag ite@teachingcouncil.ie le haghaidh eolais.

Breisoideachas

De réir Bealach a Trí de Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú], 2016 agus na Rialacháin um an gComhairle Mhúinteoireachta [Clárú] (Leasú), 2016, le héifeacht ón 25 Iúil 2016, ní mór d’iarratasóirí ar chlárú don earnáil breisoideachais, cáilíocht oideachais múinteoirí breisoideachais atá ceadaithe ag an gComhairle a bhaint amach.

D’fhoilsigh an Chomhairle Mhúinteoireachta Breisoideachas freisin: Riachtanais Ghinearálta agus Chláir le Cáilíochtaí Oideachas Múinteoirí a Chreidiúnú. Baineann an Chomhairle úsáid astu seo nuair atá measúnú agus creidiúnú á ndéanamh ar chláir oideachais múinteoirí breisoideachais atá á dtairiscint ag na HEIanna. Baineann na HEIanna úsáid as pro forma chun cláir bhreisoideachais a chur isteach le creidiúnú a fháil.

Tá an chéad tsraith den athbhreithniú agus creidiúnú curtha i gcrích anois do gach clár, agus eisíodh tuarascálacha chuig na HEIanna.