 | Coherent School Leadership: Forging Clarity from Complexity (Michael Fullan and Lyle Kirtman) 2019 Cé gur mian le ceannairí nó gur dúradh leo nach mór dóibh struchtúir ar leith a chur i bhfeidhm le cur lena gcumais cheannaireachta, b’fhéidir nach mbeidh a fhios acu go díreach cad iad na struchtúir atá ag teastáil, nó na scileanna atá ag teastáil chun iad a chur i bhfeidh. Téann na húdair Michael Fullan agus Lyle Kirtman níos faide ná sin a rá leat go díreach cad atá ag teastáil uait lena chur i bhfeidhm chun cur leis an gceannaireacht – tugann siad mionsonraí ar an mbealach le go mbeidh ceannaireacht rathúil ann. Taispeánfaidh Ceannaireacht Scoile chomhtháite duit conas na comhpháirteanna de Chreat Comhtháite Fullan (an Creat) a chur in éineacht le 7 Chumas Kirtman do Cheannairí Fíoréifeachtacha (na Cumais) leis an gcomhtháthú a chur chun cinn – an tuiscint dhomhain chomhroinnte maidir le nádúr na hoibre agus conas a bhíonn tionchar aige ar na torthaí atá ag teastáil le haghaidh ghnóthachtáil na scoláirí – leis an gcultúr a athrú is scoileanna ó chultúr frithghníomhach go dtí cultúr réamhghníomhach. Is é a dhéanfaidh Fullman agus Kirtman, a bhfuil a gcuid oibre bunaithe ar chleachtas: - - Taispeánfar duit conas úsáid a bhaint as cumais ar leith chun an comhtháthú a chur chun cinn
- Cuirfear samplaí ar fáil ina dtaispeántar conas ar éirigh thar cionn le ceannairí eile an comhtháthú a chruthú
- Tabharfar treoir duit tríd an cur isteach/an strus a bhíonn ann ó lá go lá ionas gur féidir leat fanacht ar an gcúrsa ceart
- Taispeánfar duit conas na Cumais a úsáid i dtaca leis an gCreat
Ag cur san áireamh meon an domhain faoi na fórsaí a d’fhéadfadh cúrsaí oideachais agus obair an chomhtháthaithe a chur trína chéile, taispeánfaidh Ceannaireacht Scoile chomhtháite duit conas is féidir le creataí cruthaithe ar nós an Creat agus na Cumais cuidiú leat déileáil leis na cásanna is casta fiú. |
 | Leadership for Inclusive Education: Values, Vision and Voices (G Mac Ruairc, Eli Ottesen and R Precey) 2013 Sa leabhar seo, déantar iarracht an plé maidir le cuimsiú a choinneáil go daingean sa chomhthéacs níos leithne agus é a scaradh ón dioscúrsa a bhaineann le scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais/oideachais bhreise acu. Leis seo, tá na húdair in ann a n-ionchuir a chur níos follasaí laistigh de na dioscúrsaí a tharraingíonn ar an difríocht agus ar an éagsúlacht mar ghnéithe de scoileanna nach féidir a sheachaint. |
 | Common-Sense Evidence : The Education Leader's Guide to Using Data and Research (Nora Gordon and Carrie Conaway ) 2020 Agus é scríofa ag beirt phríomhshaineolaí i dtaighde agus polasaí oideachais, is treoir achomair agus inrochtana é Common-Sense Evidence a chuidíonn le ceannairí oideachais na sonraí agus taighde a aimsiú agus a léirmhíniú, agus ansin an t-eolas sin a chur i bhfeidhm. Sa leabhar, déanann Nora Gordon agus Carrie Conaway oideoirí a chumasú chun tabhairt faoi shainchúram an Achta chónaidhme Every Student Succeeds go n-úsáideann scoileanna straitéisí feabhsúcháin bunaithe ar fhianaise. San áireamh sna moltaí tá: - Úsáid a bhaint as taighde atá ann cheana féin
- Fianaise a shaothrú ar cé chomh maith agus a d’éirigh lena n-iarrachtaí feabhsúcháin féin
- Cultúr eagrúcháin d’úsáid fianaise a fhorbairt.
Tugann na húdair na léitheoirí trí na próisis chun a fháil amach an mbaineann an taighde le hábhar agus an bhfuil sé áithitheach, tugtar míniú ar coincheapa staitistiúla úsáideacha agus taispeántar conas cuardach tapa a dhéanamh le haghaidh stáidéar taighde agus chun iad a scanadh don eolas riachtanach. Sa leabhar, déantar na léitheoirí a threorú trí chás-stáidéir de chásanna tipiciúla, lena n-áirítear: - Feitheoir ag iarraidh neamhláithreachas tromchúiseach a laghdú
- Cathaoirleach ó roinn mata i meánscoil ag iarraidh feabhas a chur ar fheidhmíocht na scoláirí ina scrúduithe
- Príomhoifigeach scoile stáit ag iarraidh múinteoirí a earcú le haghaidh scoileanna faoin tuath
Cuidíonn Common-Sense Evidence le ceannairí oideachais inniúlacht a fhorbairt le haghaidh cleachtais bunaithe ar fhianaise ina scoileanna agus ina gceantair. |
 | Change Leader: Learning to Do What Matters Most (Michael Fullan) 2011 Táimid ag maireachtáil i ndomhan dúshlánach, casta, idircheangailte agus dothuartha ina bhfuil réimse fadhbanna doréitithe de réir cosúlachta. Ach, deir Michael Fullan – saineolaí idirnáisiúnta clúite faoi athruithe eagraíochtúla – tá tuiscint againn atá ag méadú maidir le conas tabhairt faoi athruithe casta. Is é atá i gceist leis seo ná cineál ceannaire nua a fhorbairt, duine a aithníonn cad atá ag teastáil chun athruithe móra agus buana a dhéanamh i gcórais bheo ag gach leibhéal. Is gá go mbeadh tuiscint dhomhain ag na ceannairí seo maidir le cad a spreagann muid mar dhaoine daonna agus conas a bhainimid leas as féinspreagadh daoine eile agus conas a imrímid tionchar air. Ina leabhair shárdhíola roimhe seo, The Six Secrets of Change, Leading in a Culture of Change, agus Turnaround Leadership, rinne Michael Fullan scrúdú ar na coincheapa agus na próisis maidir le hathruithe. In Change Leader, díríonn sé níos mó ar na príomhchleachtais cheannaireachta atá ríthábhachtach le bheith i gceannas i ndomhan casta an lae inniu. Nochtann sé seacht phríomhchleachtas do cheannairí an lae inniu, agus is cosúil go bhfuil siad seo ar fad i bhfad níos simplí ná mar a shílfeá, ach is cuid bhunúsach iad i ndáiríre den difríocht idir ceannaire cumhachtach agus ceannaire atá díreach cumasach: - Cuireann an Cleachtas an Teoiric Chun Cinn
- Bí Diongbháilte
- Spreag cuid mhór daoine
- Bí ag comhoibriú le bheith in iomaíocht
- Foghlaim go muiníneach
- Bíodh an tionchar atá agat ar eolas agat
- Coimeád ag imeacht an simpléacs
Síos tríd an leabhar, déanann Fullan an argóint gur fhorbair ceannairí cumhachtacha bunchlocha de chreidiúnacht, gur fhoghlaim siad conas rudaí áirithe a aithint is mó atá ag teastáil, agus go bhfuil a fhios acu conas a scileanna a threisiú ar bhealaí atá mar bhuntáise don eagraíocht ar fad. Taispeánann an t-údar do na ceannairí conas polasaithe agus straitéisí a sheachaint a dhíríonn ar spriocanna éadoimhne agus gearrthéarmacha agus conas scileanna ceannaireachta a fhorbairt don rath fadtéarmach. Agus neart samplaí léiritheacha ó na hearnálacha gnó, oideachais, neamhbhrabúis, agus rialtais, in Change Leader, cuirtear treoir cheannaireachta atá ag teastáil go mór ar fáil do shaol corrach an lae inniu. |
 | The Literacy Leader's Toolkit : Raising Standards Across the Curriculum 11-19 (Graham Tyrer and Patrick Taylor ) 2013 Ina leabhar nua, roinneann buaiteoirí Ghradam Náisiúnta TES don Tionscnamh Litearthachta Sármhaith na rúin atá taobh thiar d’fheabhsúchán scoile trí na leibhéil litearthachta a ardú ar fud an churaclaim. Baineann Graham Tyrer agus Patrick Taylor leas as an tionscnamh litearthachta rathúil inar ardaíodh a scoil ó scoil mhaith go dtí scoil shármhaith, chomh maith lena gcuid oibre i dtrí scoil sa Ríocht Aontaithe ina bhfuil raon rátála Ofsted. Cuireadh an 54 straitéis phraiticiúla i ngrúpaí sna céimeanna tosaigh, cur i bhfeidhm, inbhuanaithe agus meastóireachta agus san áireamh tá smaointe ar nós: - Fócas na litearthachta de do scoil a roghnú
- Scoláirí a mhealladh mar cheannairí litearthachta
- ‘Litbox’ (Bosca litearthachta) a chruthú
I ngach iontráil, tá sonraí faoi thorthaí litearthachta na straitéise, cuirtear treoir céim ar chéim ar fáil chun é a chur i bhfeidhm agus chun é a choimeád ag imeacht, agus tá aiseolas agus leideanna san áireamh don fhoireann agus do na scoláirí a bhain úsáid as. Caithfidh na comhordaitheoirí litearthachta agus ceannairí uile ar mian leo clár scoile uile a chur i bhfeidhm The Literacy Leader's Toolkit a léamh, chomh maith leis na múinteoirí sin a bhfuil i gceist acu feabhas a chur ar an soláthar litearthachta ina seomra ranga. |
 | Leading in a Culture of Change Personal Action Guide and Workbook (Michael Fullan) 2004 Is lámhleabhar riachtanach é Leading in a Culture of Change: Personal Action Guide and Workbook, don leabhar sárdhíola de chuid Michael Fullan, Leading in a Culture of Change. Tá an treoir phraiticiúil seo deartha chun cuidiú le ceannairí i ngach earnáil (chorparádeach, oideachais, phoiblí, agus neamhbhrabúis) chun athruithe tairbheacha a bhainistiú agus a chur chun cinn laistigh dá gcuid eagraíochtaí. Tá an leabhar saothair lán le samplaí de chásanna léiritheacha, cleachtaí, agus acmhainní a d’fhéadfá a úsáid le daoine aonair nó le grúpaí. Cuideoidh sé leat (agus le haon ghníomhaí athruithe) na cúig phríomhchumas a chomhtháthú: - Freastal a dhéanamh ar fheidhm mhorálta níos leithne
- Ag coinneáil suas chun dáta le próiseas na n-athruithe
- Caidreamh a chothrú
- Eolas a chomhroinnt
- Fís agus comhthéacs a leagan síos le comhtháthú a chruthú in eagraíochtaí
Agus tú a chumasú chun déileáil leis na saincheisteanna a bhaineann le hathruithe casta. |
 | Professional Capital : Transforming Teaching in Every School (Andy Hargreaves and Michael Fullan) 2012 Ceann amháin de na dúshláin is inaitheanta ná oideachas a athrú ó bhonn sa lá atá inniu ann. Sa leabhar seo, déantar an argóint gurb é an t-aon bhealach leis seo a dhéanamh ná urraim a thabhairt do ghairm na múinteoireachta agus feabhas a chur uirthi. Agus é scríofa ag beirt de na príomhsmaointeoirí oideachais ar domhan, is critíc ghéarchúiseach é an leabhar seo de na gluaiseachtaí leasaithe ar theip orthu i gcuid mhór tíortha. Dearbhaíonn na húdair go bhfuil todhchaí na foghlama ag brath go hiomlán ar thodhchaí an teagaisc. Cuireann na húdair chun cinn an dearcadh go bhfuil caighdeán an teagaisc curtha in iúl i smaoineamh nua an-spéisiúil: caipiteal gairmiúil gach múinteora ag obair le chéile i ngach scoil. Ag labhairt amach i gcoinne polasaithe ina mbíonn foireann teagaisc nach bhfuil taithí acu, atá saor, agus atá spíonta ar an toirt dá bharr, leag an bheirt shaineolaí dhomhanda seo clár oibre nua agus ceannródaíoch amach chun todhchaí an teagaisc agus an oideachais phoiblí a athrú ó bhonn. Agus é bunaithe ar smaointe, ar fhianaise agus cumhachtach ó thaobh na straitéise de, téann Caipiteal Gairmiúil i ngleic leis na hargóintí seanchaite agus le steiréitíopaí na múinteoirí agus an teagaisc, agus taispeántar dúinn conas iad a athrú ach níos mó a éileamh ó ghairm na múinteoireachta agus níos mó a éileamh ó na córais a thugann tacaíocht di. |
 | Quality Learning: Teachers Changing their Practice (Kathy Smith and John Loughran) 2017 (Kathy Smith and John Loughran) 2017 Sa leabhar seo, léirítear eolas gairmiúil na múinteoirí a d’fhorbair mar thoradh ar phróiseas leanúnach d’athruithe scoilbhunaithe, inar thosaigh múinteoirí ag obair ar bhealach difriúil mar gur thosaigh siad ag smaoineamh ar shlí dhifriúil maidir leis an bhfoghlaim a bhí tábhachtach dá scoláirí ina scoil. Bhíothas in ann a gcuid eolais faoin gcleachtas a mhionléiriú mar gheall ar an tacaíocht leanúnach a fuair siad óna gceannaireach scoile – den chuid is mó mar go raibh iontaoibh ag an gceannaireacht astu mar ghairmithe chun foghlaim na scoláirí a threorú go freagrach. |
 | Transformational Professional Learning: Making a Difference in Schools (Deborah M Netolicky) 2020 Ag teacht amach as domhan oideachais ina bhfeictear an fhoghlaim ghairmiúil mar uirlis chun dul i bhfeidhm go dearfach ar an gcleachtadh teagaisc chun feabhas a chur ar fhoghlaim na scoláirí, tugann Transformational Professional Learning soiléiriú ar an bhfoghlaim ghairmiúil a athraítear ó bhonn do mhúinteoirí, do cheannairí scoile agus do scoileanna. Agus é scríofa ó thaobh dhearcadh ‘cleachtóra/acadóir’ d’údar atá í féin ina múinteoir atá ag cleachtadh, ina ceannaire scoile agus ina taighdeoir, cuirtear in iúl sa leabhar seo cén fáth a bhfuil foghlaim ghairmiúil ann agus cad é foghlaim ghairmiúil. Tá sé cosúil le droichead idir an taighde agus an cleachtas trí litríocht léannta a fhí le chéile le taithí saoil atá ag an údar agus le guthanna díobh siúd atá ag obair i scoileanna. Clúdaíonn sé topaicí idir chomhdhálacha, chóitseáil agus chomhoibriú agus chaighdeáin mhúinteora agus ceannaireacht na foghlama gairmiúla. Sa leabhar, cuirtear ceisteanna maidir leis na bealaí ina ndéantar an fhoghlaim ghairmiúil a bheartú go minic i suíomhanna oideachais agus léirítear cá háit ar féidir le múinteoirí, ceannairí scoile, ceannairí córais agus taighdeoirí an infheistíocht is fearr a dhéanamh ina gcuid ama agus acmhainní chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair, d’fhoirne agus do chultúir i scoileanna agus chun iad a fhorbairt. Díol suime is ea é seo do mhúinteoirí, do cheannairí laistigh de scoileanna, do bhaill foirne atá freagrach as an bhfoghlaim ghairmiúil i gcomhthéacsanna scoile, do chomhairleoirí foghlama gairmiúla, do sholáthraithe foghlama gairmiúla, agus do thaighdeoirí oideachais. |
 | Leading Powerful Professional Learning (Deidre Le Fevre; Helen Timperley; Fiona Ell; Katherine Mary Twyford) 2020 Tá tú lárnach san fhoghlaim ghairmiúil éifeachtach! Le go mbeidh éifeacht fhiúntach ag an bhfoghlaim ghairmiúil, is gá go gcoimeádfaí ag imeacht í, go mbeadh sí comhoibríoch, bunaithe ar fhianaise agus ag díriú ar scoláirí – réitigh ilghnéitheacha a shaothrú ar shaincheisteanna sa saol mar atá. Níl na freagraí go n-oireann an toise céanna do gach duine ann a thuilleadh – ina ionad sin, bainfidh tú úsáid as do chuid eolais agus do chuid saineolais chun do PLC a threorú le fadhbanna casta a réiteach go gníomhach. Cuirtear an méid seo a leanas ar fáil sa leabhar seo, atá bunaithe ar staidéar taighde a mhair cúig bliana: - Cur chuige nuálach i dtreo dhearadh agus sheachadadh na foghlama gairmiúla bunaithe ar phrionsabail an tsaineolais oiriúnaithigh
- Achoimrí aon leathanaigh amháin de “Gníomhartha Éascaíochta d’Aon Ghnó” atá éasca le húsáid
- Treoir atá ag teacht go hiomlán le Learning Forward Standards for Professional Learning
|
 | Developing Teachers as Leaders: A Reflective Writing Approach (Phil Quirke; Joy Kreeft Peyton; Jill Burton; Carla L Reichmann; Latricia Trites) 2021 Sa leabhar seo, dírítear ar an scríbhneoireacht mhachnamhach mar bhealach le múinteoirí a threorú chun a láidreachtaí ceannaireachta a aithint agus forbairt a dhéanamh mar cheannairí. Breathnaítear ann ar cheisteanna ceannaireachta i raon de chomhthéacsanna teagaisc, agus ardaíonn gach caibidil saincheisteanna ilghnéitheacha do cheannairí uaillmhianacha. |
 | Nine Professional Conversations to Change Our Schools (William Sommers; Diane Zimmerman) 2018 Feabhas a chur ar an gcomhéifeachtúlacht i scoileanna trí chomhráite gairmiúla fiúntacha. De réir mar atá an teicneolaíocht ag teacht in áit nasc aghaidh ar aghaidh, is féidir le hoideoirí mothú go bhfuil a gceardaíocht á cleachtadh acu amach ón bpobal. Is creat é Nine Professional Conversations to Change Our Schools le healaín an chomhrá ghairmiúil a athbheochan. Déanann sé na hoideoirí a threorú trí struchtúir don chomhoibriú, cuirtear rochtain ar fáil ar fhoinsí ollmhóra de chiall fheidhmeach, agus déantar bonn eolais comhtháite a éascú do na caighdeáin bharr feabhais. Feicfidh léitheoirí go bhfuil Nine Professional Conversations to Change Our Schools deartha chun cásanna foghlama comhéifeachtúlacht múinteoirí a chur chun cinn, ina léirítear éifeachtacht na gcomhráite seo agus iad i mbun gnímh, Converstaional Dashboard a chuidíonn le hanailís a dhéanamh ar dhálaí don rath. Is bunús riachtanach é scil le comhrá a dhéanamh aghaidh ar aghaidh le caidreamh agus comhoibriú éifeachtach a bhunú. Ag baint leas as a ngairmeacha rathúla leis an gcóitseáil agus leis an éascú, cuireann údair an leabhair seo straitéisí ar fáil ina leathnófar do stór comhrá agus ina gcuirfear léargas ar fáil maidir le conas freagairt go fiúntach i dtimpeallacht atá ag athrú de shíor. |
 | 10 Mindframes for Leaders: The Visible Learning® Approach to School Success (John Hattie; Raymond Smith) 2021 Ní hé cad a dhéanann tú, is é an chaoi a smaoiníonn tú faoi cad a dhéanann tú. Acmhainn, ar chóir a bheith ag aon oideoir atá ag obair i dtreo gnóthachtála scoláirí ag leibhéil atá éirí níos airde i gcónaí, in 10 Mindframes for Leaders: The VISIBLE LEARNING® Approach to School Success, cuirtear beocht i meonta deich oideoir a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain, le chéile. I ngach caibidil, atá scríofa ag ceannaire smaointeoireachta, tugtar mionsonraí faoi mheon atá i gcroílár na ceannaireachta scoile rathúla. Clúdaítear ann: - Na torthaí is mó suas chun dáta agus reatha ón taighde Visible Learning, lena n-áirítear na gnéithe ó Visible Learning a thugann tacaíocht do gach meon
- Smaointe praiticiúla do cheannairí chun straitéisí fíoréifeachtacha a chur i bhfeidhm i seomraí ranga agus i scoileanna
- Acmhainní chun cuidiú le hoideoirí a meonta féin a shoiléiriú agus a mhionchoigeartú.
|
 | The Lead Learner: Improving Clarity, Coherence and Capacity for All (Michael McDowell) 2018 Chun lorg buan a dhéanamh, tosaigh le do chuid foghlama féin. Cad é an ceann is fearr: córas dian ina leagtar béim ar na léannta traidisiúnta, nó ceann nuálach ina n-ullmhaítear na scoláirí don domhan amach romhainn? Le samhail nua McDowell, ní gá duit rogha a dhéanamh. Is féidir leat córas a chruthú a théann go mór i bhfeidhm ar dhaoine ina gcinntítear go bhfásann na scoláirí uile i scileanna ábhair chroí-acadúil agus scileanna den 21ú haois. Taispeánann an Phríomhfhoghlaimeoir (Lead Learner) duit conas a chuidíonn sé má thosaíonn tú le do chuid foghlama gairmiúla féin, pleanáil a dhéanamh do riachtanais fhoghlama ar leith na mball foirne agus na scoláirí agus iad a chomhlíonadh- agus ag an am céanna an tionchar is mó a fháil ón am teoranta atá agat. Gheobhaidh tú bealaí freisin leis na nithe seo a leanas a dhéanamh: - Soiléireacht a chinntiú i bpleanáil straitéiseach
- Comhtháthú a bhunú síos tríd an gcóras
- Próisis a fhorbraíonn cumais ar fud an chórais a chur i bhfeidhm
- Do scileanna ceannaireachta pearsanta a chruthú
Agus samplaí praiticiúla, scéalta ón réimse, agus líon mór gníomhaíochtaí agus ceisteanna machnamhacha ann, tógann an leabhar léirsteanach seo tú céim ar chéim trí obair an cheannaire fhoghlama – ionas gur féidir leat a chinntiú go mbíonn foghlaim mhealltach ann do gach duine. Tá ionchur leanúnach an leabhair seo sa treoir a chuireann sé ar fáil do cheannairí chun a aithint go bhfuil siad mar chuid, cuid thábhachtach, ach díreach mar chuid, de chóras líonraithe. Dá réir sin, cuireann a gcinntí agus a ngníomhartha teachtaireachtaí ar fud an chórais maidir lena bhfuil meas ag daoine orthu agus nach bhfuil meas acu orthu. Tabhair d’aire ar comhairle McDowell agus beidh córas sláintiúil, ina gcothaítear fás, agat, agus beidh éad ar dhaoine eile timpeall ort dá bhrí sin. Tá an obair indéanta, tá an t-eolas ar fáil, agus tá na torthaí an-soiléir |
 | Advocacy for Teacher Leadership: Opportunity, Preparation, Support, and Pathways (Susan Lovett) 2018 Sa leabhar seo, táthar ar son bealach eile seachas suíomh céimlathach ceannairí. Moltar ann meas a bheith ar chleachtais ceannaireachta a thagann as comhábhair imní maidir leis an bhfoghlaim agus an tuiscint go gcuireann idirghníomhaíochtaí comhghleacúla deiseanna ar fáil le fiosrúcháin shaibhre a dhéanamh ar an oideolaíocht agus tuiscintí nua atá le forbairt. Sa leabhar, baintear leas as samplaí léiritheacha as staidéar fadama de mhúinteoirí agus iad nua sa ghairm, dar teideal “Teachers of Promise: Aspirations and Realities”. Breathnaítear ar chúrsaí maidir le huaillmhian pearsanta, tacaíocht ó dhaoine suntasacha eile, agus na bacainní roimh cheannaireacht múinteora. Taispeántar go bhfuil siad seo éagsúil ó chomhthéacs go comhthéacs agus ó dhuine go duine. Sna samplaí, leagtar béim ar na bealaí inar cumasaíodh taithí gach múinteora agus inar cuireadh srian uirthi de bharr ceisteanna éagsúla. In éineacht le chéile, léiríonn na samplaí a cuireadh ar fáil an gá atá ann go mbeidh gairm na múinteoireachta níos córasaí agus múinteoirí cumasacha a aithint a d’fhéadfadh a bheith mar na ceannairí foghlama amach anseo, agus chun tacú leis na múinteoirí sin. Sa leabhar, léirítear gur gá go mbeadh oscailteacht ag na daoine aonair iad féin chun féachaint ar conas a d’fhéadfaidís a bheith ina múinteoirí níos éifeachtaí trína gcuid rannpháirteachais san obair cheannaireachta. Is é atá i gceist leis seo, a thugtar le fios, ná coincheap ceannaireachta difriúil a fhorbairt chun cur i gcoinne an dearcaidh atá ann faoi láthair go bhfuil an cheannaireacht i suíomh tipiciúil agus léirithe lena fad ón teagasc sa seomra ranga. Is é an léiriú is dóchúla ná ceannaireacht múinteora a cheangal go follasach leis an bhfoghlaim. |
 | Teacher Leadership in Professional Development Schools (Jana Hunzicker) 2018 Tá an bailiúchán seo atá curtha in eagar i suíomh ar leith mar is é an chéad leabhar é a bhreathnaíonn ar cheannaireacht múinteora laistigh de chomhthéacs scoileanna na forbartha gairmiúla (SFGanna) agus de chomhpháirtíochtaí scoile-ollscoile eile sna Stáit Aontaithe. I dtimpeallacht oireachais an lae inniu ó thaobh sonraí, difreálú agus cuntasacht, tá an cheannaireacht múinteora riachtanach. Tugann scoileanna forbartha gairmiúla agus comhpháirtíochtaí scoile-ollscoile eile tacaíocht d’fhorbairt na ceannaireachta múinteora agus tugtar tús áite d’fhoghlaim múinteoirí, samhail a dhéanamh de na cleachtais is fearr, nuálaíochtaí treorach a spreagadh, agus tabhairt faoi thaighde oideachais agus obair léannta eile. Ós rud é go gcuireann SFGanna agus comhpháirtíochtaí scoile-ollscoile eile ócáidí faoi leith ar fáil do mhúinteoirí chun tabhairt faoi róil cheannaireachta agus freagrachtaí ceannaireachta, má bhreathnaítear níos géire ar an gceannaireacht múinteora laistigh de na comhthéacsanna seo, cuirtear deis foghlama luachmhar agus inspioráid d’oideoirí uile ar fáil. Agus é scríofa do cheannairí múinteora uaillmhianacha chomh maith le haghaidh iad siúd a bhíonn ag teagasc, ag déanamh taighde, atá atá i gceannas i SFGanna agus i gcomhpháirtíochtaí scoile-ollscoile eile, déanfaidh Teacher Leadership in Professional Development Schools léitheoirí a thumadh chun breathnú níos doimhne ar an gceannaireacht múinteora thar na trí réimse leithne: - Ceannaireacht múinteora agus foghlaim scoláirí
- Sainmhínithe, struchtúir, agus cultúir a chuireann an cheannaireacht múinteora chun cinn
- Ullmhú agus forbairt mar cheannaire múinteora.
Tar éis brollaigh a bhfuil ábhar machnaimh ann agus dhá chaibidil tosaigh, i ngach ceann de na trí sheisiún sa leabhar tá idir trí agus ceithre chaibidil bunaithe ar thaighde, a scríobh dámh ardoideachais agus múinteoirí P-12 atá ag cleachtadh agus riarthóirí ; caibidil sintéise léannta, scríofa ag saineolaí aitheanta sa réimse; agus trí go ceithre mhachnamh ceannairí múinteora, atá scríofa ag ceannairí múinteora uaillmhianacha, atá ag forbairt, agus a bhfuil taithí acu ó gach cearn de na Stáit Aontaithe. |
 | Leadership and Literacy: Principals, Partnerships and Pathways to Improvement (Neil Dempster; Tony Townsend; Greer Johnson; Anne Bayetto; Susan Lovett; Elizabeth Stevens) 2017 Sa leabhar seo, dírítear ar cad is gá go mbeadh ar eolas ag ceannairí scoile agus cad is gá a thuiscint faoin gceannaireacht chun foghlama, agus cad is gá don fhoghlaim a léamh go sonrach. Tugtar le chéile ann teoiric, taighde, agus cleachtas faoin gceannaireacht don litearthacht. Sa leabhar, tuairiscítear ar na torthaí as sé staidéar a lean príomhoidí scoile ón mbaint a bhí acu i gclár foghlama gairmiúla ina raibh cúig mhodúl faoin gceannaireacht agus faoin léitheoireacht a theagasc, go dtí cur i bhfeidhm gníomhartha ina scoileanna. Déantar cur síos ann ar conas a chuir siad raon straitéisí i bhfeidhm chun comhpháirtíochtaí ceannaireachta a chruthú lena múinteoirí, ag tabhairt faoi ocht ghné ábhartha ó chreat Cheannaireacht chun Foghlama nó ó threoirphlean. Sna caibidlí tosaigh sa leabhar tá úsáid na n-uirlisí praiticiúla mar fhócas don ghníomhaíocht cheannaireachta. Sa chaibidlí seo, breathnaítear, mar shampla, ar conas is féidir le príomhoidí agus múinteoirí tuiscintí níos doimhne a fhorbairt maidir le comhthéacsanna a scoileanna; conas is féidir plé gairmiúil a reáchtáil laistigh de phróiseas ar a dtugtar ‘plé docht’; agus conas a d’fhéadfadh príomhoidí cuir chuige a spreagadh i dtreo comhcheannaireachta lena múinteoirí. Sna torthaí ar an iomlán a cuireadh i láthair sa leabhar seo, leagtar béim ar chúig shuíomh dhearfacha faoin gceannaireacht chun foghlama lena léamh: - An tábhacht a bhaineann le cuspóir morálta comhaontaithe
- An chomhcheannaireacht chun feabhsúcháin
- Tuiscint a fháil ar cad atá i gceist le bheith ag foghlaim conas léamh
- Idirghabhálacha léitheoireachta a chur i bhfeidhm agus meastóireacht a dhéanamh orthu
- An gá atá ann a aithint chun tacú le foghlaim ceannairí ag an obair.
|
 | Uplifting Leadership: How Organisations, Teams and Communities Raise Performance
(Andy Hargreaves, Alan Boyle and Alma Harris) 2014 Conas a dhéantar níos mó le níos lú? Conas is féidir leat a dhéanamh níos fearr ná mar a rinne tú roimhe seo, nó níos fearr ná daoine eile? Conas a athraíonn tú cailleadh isteach i mbua, nó ó bheagnach bancbhriste go brabúsacht láidir, nó ó theip ainnis go rath den chéad scoth? Leis an gcumhacht maidir le spreagadh, tá aon eagraíocht in ann níos mó a dhéanamh le níos lú, an iomaíocht a bhuachan, agus feidhmiú níos fearr ná riamh. Cuireann ceannairí a dhéanann paisin, intleachtaí agus tiomantais a bhfostaithe spreagadh, torthaí den scoth ar fáil. Bunaithe ar bhuntaighde ó staidéar domhanda a mhair seacht mbliana. In Uplifting Leadership nochtar conas a rinne ceannairí as eagraíochtaí ilghnéitheacha feidhmíocht a bhfoirne a spreagadh agus a ghríosú. Agus na sé thréithe comónta tarraingthe le chéile a bhaineann le ceannairí ardfheidhmíochta thar cúrsaí gnó, spóirt agus oideachais, bhreathnaigh na húdair Andy Hargreaves, Alan Boyle, agus Alma Harris ar nádúr an spreagtha, an tionchar a bhíonn aige ar an bhfieidhmíocht, agus na bealaí chun é a bhaint amach laistigh de bhallaí eagraíochta agus lasmuigh dóibh freisin, ina nochtar conas a dhéanann ceannairí an méid seo a leanas: - Brionglóid inspioráideach a aithint agus a chur in iúl atá ceangailte go comhleanúnach leis na rudaí is fearr a bhí san eagraíocht roimhe seo
- Tabhairt faoin mbrionglóid sin ar luas inbhuanaithe gan acmhainní a chur amú, an iomarca féich a thabhú, nó daoine a spíonadh
- Bealaí nuálaíochta agus feabhsúcháin a chruthú nár bhreathnaigh daoine eile orthu nó a dhiúltaigh siad
- Monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn trí úsáid a bhaint as scálaí tomhais agus táscairí ar bhealach eolach agus fiúntach
- Foirne a fhorbairt a tharraingíonn daoine go nádúrtha chun athrú a dhéanamh seachas iad a bhrú tríd.
Istigh ann tá cás-staidéir ó eagraíochtaí atá chomh héagsúil sin ar nós Shoebuy.com, Fiat, Dogfish Head Craft Brewery, Marks & Spencer, Cricket Australia, Burnley Football Club, agus na Vancouver Giants, chomh maith le córais oideachais atá chun tosaigh ar leibhéal domhanda, agus cuireann Uplifting Leadership uirlisí ar fáil do cheannairí chun na straitéisí bunaithe ar fheidhmíocht a chuimsiú ina gcinn féin. Le haghaidh ceannairí ar mian leo go ndéanfaidh a ndaoine iarracht níos mó, go n-athróidh siad ón mbonn cad a dhéanann siad, go mbainfidh siad cuspóir níos airde amach agus go bhfanfaidh siad diongbháilte agus acmhainneach nuair atá siad i gcoinne fórsaí a bhfuil bagairt á déanamh orthu iad a bhuachan, Cuireann Uplifting Leadership bealach ar fáil le haghaidh feidhmíochta níos fearr thar aon eagraíocht. |