Ionchuimsiú

Inclusion-Postcard-ezine-Irish

Ríomhiris um Ionchuimsiú

Eisithe i mí Dheireadh Fómhair 2018, tá achoimrí de 6 alt taighde faoin Ionchuimsiú sa ríomhiris seo. Roghnaigh múinteoirí cláraithe na hailt agus na hachoimrí. Is féidir leat rochtain a dhéanamh ar an ríomhiris anseo (Béarla).

Seimineár Gréasáin um Ionchuimsiú

Plé painéil ar an téama maidir leis an Ionchuimsiú do Chách

Craolta ar dtús i mí na Samhna 2018, ar an seimineár gréasáin seo a mhaireann ar feadh díreach os cionn uair an chloig, tá plé painéil ar an téama maidir leis an Ionchuimsiú do Chách. Tá baill an phainéil liostaithe thíos agus is féidir féachaint ar thaifeadadh den seimineár gréasáin thíos. 

Baill an Phainéil

An Dr Manuela Heinz (Léachtóir agus Stiúrthóir den Chlár Máistreachta Gairmiúla san Oideachas in Ollscoile na hÉireann, Gaillimh, agus údar agus príomhthaighdeoir ar an tionscadal, Éagsúlacht san Oideachas Tosaigh Múinteoirí)

Gemma Campion (Múinteoir bunscoile, mac léinn PhD agus Faighteoir Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan)

An Dr Carol-Ann Ó Síoráin (Comhordaitheoir Cláir den Teastas Iarchéime/ Dioplóma i Riachtanais Speisialta Oideachais – Neamhord de chuid Speictream an Uathachais, i gColáiste San Aingeal, Sligeach)

Amanna an tSeimineáir Ghréasáin

00:00 - 04:00 Cur in aithne

04:00 – 08:00 Cén fáth a bhfuil ionchuimsiú do chách chomh tábhachtach sin?

08:00 – 11:00 Féinmhachnamh criticiúil – scil riachtanach de mhúinteoir ionchuimsitheach

11:00 – 18:00 Bearna na héagsúlachta i ngairm na múinteoireachta

18:00 – 27:00 An bhfuil sochaí iochuimsitheach againn i ndáiríre chun timpeallacht níos éagsúla a spreagadh?

27:00 – 37:00  Cur chuige sa scoil uile i dtreo an ionchuimsithe

37:00 – 46:00 Na brúnna agus cad lena bhfuiltear ag súil

46:00 – 53:00 Bacainní ar ionchuimsiú 

53:00 – 56:00 Na poncanna a cheangal le chéile

56:00 – 01:01:00 Príomhchomhairle do phiaraí le dul chun cinn a dhéanamh san oideachas ionchuimsitheach 

01:01:00 – 01:03:00 Focal scoir

Ríomhleabhair ar an Ionchuimsiú

Chun rochtain a dhéanamh ar na ríomhleabhair ag baint úsáid as na naisc thíos, ní mór do mhúinteoirí cláraithe bheith logáilte isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta.

Logáil isteach anseo ag baint úsáid as d’Uimhir Chláraithe de chuid na Comhairle Múinteoireachta. Nuair atá tú logáilte isteach, roghnaigh ‘Déan Rochtain ar Irisleabhair Oideachais’ ag an mbun ar chlé den scáileán.

*Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar fáil ar leabharlann ar líne do mhúinteoirí cláraithe chun a rochtain ar thaighde oideachais a fheabhsú, rud a thacaíonn lena bhfoghlaim ghairmiúil. Ní ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta freagracht as cruinneas nó sláine na n-irisleabhar, na n-alt, na ríomhleabhar, na sleachta agus na leathanaigh gréasáin nó ábhar gaolmhar a fhaightear trí na hacmhainní seo. Ní thugann cuimsiú na n-acmhainní seo le tuiscint go dtugann an Chomhairle Mhúinteoireachta faoi fhormhuiniú aon táirgí, seirbhísí, tuairimí, nó faisnéis a thuairiscítear nó a thairgtear in aon ailt, ríomhleabhair, sleachta, agus leathanaigh ghréasáin ghaolmhara srl mar sin.

.

nullThe Inclusion Dialogue: Debating Issues, Challenges, and Tensions with Global Experts 

J. Banks (2022) 

Tugann an leabhar seo sraith de thuairimí saineolaithe domhanda le chéile ar oideachas cuimsitheach, ag nochtadh an teannas atá ag athrú sa réimse taighde seo agus ag leagan béime ar threoracha don todhchaí. Bunaithe ar chomhráite spéisiúla uathúla le príomhshaineolaithe acadúla ar fud na cruinne, úsáideann Joanne Banks agallaimh dhomhain chun díospóireachtaí reatha san oideachas speisialta agus cuimsitheach a scrúdú agus soláthraíonn sí forbhreathnú soiléir ar na príomhtheannais a mbíonn tionchar acu ar bheartas agus ar chleachtas thar chomhthéacsanna náisiúnta éagsúla. Leagann a leabhar béim freisin ar an gcaoi nach n-aistrítear polasaithe cuimsitheacha oideachais i gcónaí go cleachtais chuimsitheacha inár scoileanna. Tugann an t-idirphlé a chuirtear i láthair sa téacs inrochtana seo léargas do léitheoirí ar ár dtuiscint choincheapúil ar chuimsiú i gcomhthéacs Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Tríd an bplé neamhfhoirmiúil seo, tá an leabhar seo iontach d'acadóirí agus do thaighdeoirí atá ag obair i réimse an oideachais chuimsithigh agus speisialta, d'oideachasóirí ar mian leo timpeallachtaí níos cuimsithí a chruthú dá gcuid mac léinn, agus do lucht déanta beartas atá ag iarraidh tuiscint a fháil ar an chuma atá ar oideachas cuimsitheach ar an talamh.

null

Picture2

Inclusion in Action: Practical Strategies to Modify your Curriculum

N. Eredics (2018)

Sa leabhar seo, cuireann Nicole Eredics, oideoir a bhfuil taithí na mblianta aici, na léitheoirí ar an eolas faoi cad atá i gceist le hionchuimsiú agus conas a tharlaíonn sé. Cuirtear comhairle ar fáil maidir le conas na bacainní a bhriseadh síos agus an cultúr ionchuimsitheach a fheabhsú sna seomraí ranga agus sna scoileanna, agus clúdaítear freisin na príomhthopaicí ar nós comhoibriú foirne, dearadh uilíoch chun na foghlama, comhtheagasc agus tacaíochtaí sóisialta agus mothúchánach. Cuirtear 40 straitéis ar leith ar bhain múinteoirí triail astu, ar fáil chun tacaíocht bhreise a thabhairt don chleachtas ionchuimsitheach, agus tá spriocanna scoláirí ann, treoracha céim ar chéim atá simplí agus leideanna chun iad a chur i bhfeidhm, idirghabhálacha agus forleathnúcháin mholta, agus samplaí d’obair scoláirí iontaofa a léiríonn an straitéis ag obair. D’fhéadfadh Inclusion in Action bheith úsáideach mar threoir do thosaitheoir faoin ionchuimsiú agus ag an am céanna d’fhéadfadh sé foinse mhór de smaointe praiticiúla a chur ar fáil do mhúinteoirí a bhfuil taithí na mblianta acu.

null

Picture3

Understanding Inclusion: Core Concepts, Policy and Practice

R. Woolley (2018) 

Is fiosrú saibhir agus cuimsitheach ar an ionchuimsiú san oideachas é Understanding Inclusion, a thugann dúshlán do léitheoirí machnamh a dhéanamh ar cad atá i gceist le bheith ‘ionchuimsitheach’ sa chiall is leithne. Déantar réimse leathan de théamaí agus saincheisteanna casta a chíoradh a mbíonn éifeacht acu ar an gcleachtas oideachasúil, ag tacú le tuiscint ar dhifríocht mar an gnáthrud, agus ní mar rud eisceachtúil.  Agus é mar bhonn faoin taighde is déanaí (féach ar Shraith Taighde CROÍ na Comhairle Múinteoireachta le haghaidh tuilleadh eolais), cuirtear beocht sa phlé trí fhínéid den fhíorthaithí agus trí shamplaí den chleachtas ó raon suíomhanna agus ó ilchríocha éagsúla. D’fhéadfadh léitheoirí taitneamh a bhaint as na ceisteanna a chuirtear síos tríd a thacaíonn leis an machnamh aonair agus leis an gcó-mhachnamh. Sa leabhar, pléitear líon gnéithe tábhachtacha den ionchuimsiú, mar shampla, ionchuimsiú sóisialta agus aicme shóisialta, tuiscintí ar chumas agus ar mhíchumas, tuairimí domhanda ar chultúr agus féiniúlacht, ceartas aisiríoch don ionchuimsiú, agus ról lárnach na ceannaireachta. Tá Understanding Inclusion deartha dóibh siúd uile atá i mbun na castachtaí den teagasc agus foghlaim a thuiscint.

null

Picture8Inclusion in Context: Policy, Practice, and Pedagogy

Ó. Ní Bhroin (2017) 

Le blianta beaga anuas, chonacthas gur athraíodh go suntasach an polasaí ó bhonn maidir le hoideachas ionchuimsitheach in Éirinn. Sa leabhar seo, déantar imscrúdú ar conas a dhéanann múinteoirí acmhainne agus múinteoirí ranga an polasaí agus na prionsabail a bhaineann le hionchuimsiú a léirmhíniú agus iad seo a léiriú ina gcleachtas. Bunaithe ar staidéar ar naonúr múinteoirí acmhainne agus ar naonúr múinteoirí ranga, gach ceann díobh curtha i mbeirteanna i scoil ar leith, clúdaíonn sé ábhar as agallaimh agus breathnóireachtaí ar chleachtas araon, agus cuireann sé mionchuntas cáilíochtúil ar fáil de na gníomhaíochtaí agus an caidreamh a bhaineann le taithí teagaisc/foghlama. Sna torthaí, cuirtear léargais ar fáil maidir le conas a thuigtear an t-ionchuimsiú, conas a dhéantar é a léirmhíniú agus conas a fhaightear taithí faoi sa seomra ranga. Beidh siad mar ábhar spéise dóibh siúd uile atá gníomach sa réimse oideachais um ionchuimsiú, go háirithe múinteoirí agus lucht déanta polasaithe.

.

Picture6Reconsidering Inclusion: Sustaining and Building Inclusive Practices in Schools 

A. Ekins (2016) 

D’fhéadfadh Reconsidering Inclusion bheith oiriúnach dóibh siúd uile a bhfuil spéis acu sa chleachtas ionchuimsitheach agus cuirtear léargas ar fáil ann ar na cleachtais ionchuimsitheacha i scoileanna. Bunaithe ar thaighde a rinneadh maidir leis an bhfírinne a bhaineann le cleachtais ionchuimsitheacha a fhorbairt i scoileanna, agus ar bhlianta de thaithí cleachtóra i réimse an oideachais, sa leabhar tugtar breac-chuntas ar conas is féidir le caidreamh sóisialta agus mothúchánach na mball foirne na cleachtais ionchuimsitheacha a choimeád ag imeacht agus a fhorbairt. Chomh maith le dul i mbun plé a dhéanamh ar na príomhthorthaí agus ar na príomhthéamaí atá lárnach don chleachtóir, agus spreagadh a thabhairt dóibh dul i mbun go grinn le cleachtais ionchuimsitheacha a fhorbairt ina scoileanna, gheobhaidh na léitheoirí ceisteanna machnamhacha maidir lena gcleachtas agus samplaí de phríomhthuiscintí iomaíocha le cur le tuiscint níos doimhne. Cuireann Ekins fíorchuntais agus fíorphlé i láthair maidir leis an bhfírinne a bhaineann le cleachtais ionchuimsitheacha, mar a bhfuil taithí ag múinteoirí orthu agus mar atá mínithe acu agus an fhreagracht orthu leis na cleachtais sin a léiriú. Ag deireadh an leabhair tá plé ann maidir leis na himpleachtaí is féidir a bhaint amach don chleachtas ag leibhéal pearsanta agus ag leibhéal gairmiúil.

null

Picture5Transition for Pupils with Special Educational Needs: Implications for Inclusion Practice and Policy 

G. Scanlon, Y. Barnes-Holmes, M. Shevlin, C. McGuckian (2019) 

Bíonn dúshláin mhóra i ndán do chuid mhór daoine óga nuair a bhíonn siad ag boga dh ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil agus ag bogadh ón iar-bhunscoil go dtí breisoideachas/ ardoideachas. Tá neamhspleáchas níos pearsanta, féinfheasacht agus go hideálach féinéifeachtúlacht i gceist leis na haistrithe seo. Do scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu agus/nó atá faoi Mhíchumas (RSOM), d’fhéadfadh na dúshláin seo bheith níos deacra, agus b’fhéidir go mbeidh gá le leanúnachas sa tacaíocht nó le rochtain a dhéanamh ar thacaíocht nua chun na haistrithe seo a éascú ar bhealach ina dtugtar comhionannas deiseanna le dul i gceannas ar a saol féin, a gcuid oideachais san áireamh. Tá an litríocht thurgnamhach atá ann faoi láthair maidir le haistriú na scoláirí a bhfuil RSOM acu srianta. Sa leabhar seo, déantar athbhreithniú ar an fhianaise choincheapúil, polasaí agus taighde maidir le taithí na ndaoine óga de na haistrithe seo. Sa leabhar seo, tuairiscítear freisin ar thaighde nua a rinneadh le daoine óga a bhfuil RSOM acu agus na páirtithe leasmhara iomchuí (tuismitheoirí, gairmithe oideachais agus gníomhaireachtaí deonacha san áireamh) a bhfuil baint acu sna haistrithe seo in Éirinn. Tríd seo a dhéanamh, cuireann an leabhar creat cleachtas bunaithe ar fhianaise ar fáil inar féidir le scoileanna agus gairmithe polasaithe agus cláir aistrithe atá éifeachtach agus ionchuimsitheach a fhorbairt.

null

Picture7Leadership for Inclusive Education: Values, Vision, and Voices 

G. MacRuairc, E. Ottesen, R. Precey (2013) 

Sa leabhar seo, déantar iarracht an cuimsiú a chur san áireamh go daingean sa chomhthéacs níos leithne agus é a scaradh ón dioscúrsa a bhaineann le scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais/oideachais bhreise acu. Ar an mbonn seo, tá na húdair in ann ionchur níos soiléire a bheith acu laistigh de dhioscúrsaí a tharraingíonn ar an difríocht agus ar an éagsúlacht mar ghnéithe dosheachanta de scoileanna.

Ailt ar an Ionchuimsiú

Caithfidh múinteoirí cláraithe a bheith logáilte isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta anseo chun rochtain a fháil ar na hailt thíos.

Gheofar treoir chéim ar chéim anseo chun rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne.

*Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar leabharlann ar líne ar fáil do mhúinteoirí cláraithe chun a rochtain ar thaighde oideachasúil a fheabhsú agus, sa tslí sin, tacaíocht a thabhairt dá bhfoghlaim ghairmiúil. Ní ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta freagracht i ndáil le cruinneeas ná sláine irisleabhar, alt, ríomhleabhar, luanna agus leathanach gréasáin gaolmhar ná i ndáil le hábhar a ndéantar rochtain air trí na hacmhainní sin. Níl le léamh as na hacmhainni sin a bheith á gcuimsiú go dtugann an Chomhairle Mhúinteoireachta tacaíocht d’aon táirgí, seirbhísí, dearcthaí nó faisnéis a gcuirtear síos orthu nó a thairgtear in aon ailt, ríomhleabhair nó luanna den sórt sin agus i leathanaigh ghréasáin ghaolmhara etc.

  • Promoting Inclusion and Equity in Education: Lessons from International Experiences, M. Knigge, 2020
  • Inclusion and Leadership in Diverse and Challenging Contexts: Irish Travellers and Early Years Education, J. Hanafin, A. Boyle, L. Boyle & M. Flynn, 2018
  • Post-primary School Teachers’ Knowledge and Understanding of Autism Spectrum Disorders, K. Young, P. Mannix-McNamara & B. Coughlan, 2017
  • Exploring Primary Teachers' Views of Co-teaching for Pupils with Special Educational Needs (SEN) in Multi-grade Classrooms, A. Casserly & A. Padden, 2018
  • Collaborating for Inclusion: The Intersecting Roles of Teachers, Teacher Education, and School Leaders in Translating Research into Practice, D. McGhie-Richmond & F. Haider, 2020