Tairgeann an Creat tacaíocht do mhúinteoirí agus do dhaoine eile maidir le úsáid a bhaint as taighde atá ann cheana féin chun cur lena gcleachtadh, nó chun tabhairt faoi thaighde nua, i gcomhar le daoine eile nó go neamhspleách. Is an Creat an phríomhghné de Shraith Taighde CROÍ (Comhoibriú agus Taighde don Nuálaíocht Leanúnach) de chuid na Comhairle, a leagann béim láidir ar ghníomhaíochtaí taighde a neartaíonn na naisc idir taighde, polasaí agus cleachtadh, agus ar an gcomhoibriú i measc múinteoirí, agus idir múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile i gcúrsaí oideachais.
In 2021, thug an Chomhairle Mhúinteoireachta faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat, lena chinntiú go bhfuil a chuspóirí á chomhlíonadh aige go fóill. I bhfianaise an athbhreithnithe sin, tá an Creat athdheartha anois mar dhá scéim ar leith ach atá ag teacht lena chéile: