Tugann an scéim seo tacaíocht go gníomhach do scoileanna chun iniúchadh a dhéanamh ar thaighde atá ann cheana féin, é a shintéisiú, a chur i bhfeidhm agus a chomhroinnt.
Faoin gcúigiú babhta de Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan, lainseáladh an Scéim Taighdeoirí Cónaithe (STC) do scoileanna Déardaoin, an 20 Eanáir 2022.
Tríd an STC, tabharfaidh an Chomhairle tacaíocht go gníomhach do scoileanna nó do chnuasaigh scoileanna, atá ag iarraidh dul i gcomhpháirtíocht le taighdeoirí in Institiúidí Ardoideachais (HEIanna) i rith na scoilbhliana chun iniúchadh a dhéanamh ar thaighde atá ann cheana féin, é a shintéisiú, a chur i bhfeidhm agus a chomhroinnt i gceann amháin nó níos mó de na sé réimse foghlama de chuid Cosán, is iad sin:
- Cuimsiú
- Folláine
- Litearthacht agus Uimhearthacht
- TFC
- Tacaíocht a Thabhairt d’Fhoghlaim Múinteoirí
- Foghlaim Threoraithe
Ní mór na foirmeacha iarratais comhlánaithe a bheith faighte roimh an dáta deiridh de 3p.m., Déardaoin, an 3 Márta 2022.
Tá an Fhoirm Iarratais, Eolas Treorach agus Painéal na dTaighdeoirí STC ar fáil thíos:
- Foirm Iarratais (doiciméad pdf) – ar fáil anseo
Déan an fhoirm a íoslódáil agus a shábháil sula ndéantar í a chomhlánú le do thoil. Ba chóir foirmeacha comhlánaithe a chur ar ríomhphost chuig research@teachingcouncil.ie.
- Eolas Treorach – ar fáil anseo.
Tá eolas treorach a bhaineann leis an Scéim Taighdeoirí Cónaithe (STC) curtha ar fáil d’iarratasóirí féideartha. Moltar go mór d’iarratasóirí léamh tríd an eolas seo chun tuilleadh a fháil amach faoin STC sula ndéantar iarratas.
- Painéal na dTaighdeoirí STC
Tá sonraí faoi na taighdeoirí atá san áireamh i bpainéil an STC i mbliana le fáil anseo (Béarla).
TÁBHACHTACH
Tá an fhreagracht ar gach iarratasóir a chinntiú go ndéantar gach cuid den fhoirm iarratais a chomhlánú sula gcuirtear an fhoirm isteach. Moltar go mór d’iarratasóirí gan an fhoirm a chur isteach gar don dáta deiridh. D’fhéadfadh fadhbanna a bheith ag brabhsálaí/cumraíocht theicniúil na n-iarratasóirí iad féin agus na hiarratais á gcur isteach an-ghar don dáta deiridh.