Babhta a Sé de Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan

Tairgeann an Creat tacaíocht do mhúinteoirí agus do dhaoine eile a bhaineann leas as an taighde atá ann cheana mar bhonn eolais dá gcleachtadh, nó a dhéanann taighde úrnua, bíodh an taighde sin á dhéanamh ar bhonn comhoibríoch le daoine eile nó ar bhonn neamhspleách. Tá an Creat ina phríomhghné de Shraith Taighde na Comhairle, CROÍ (Comhoibriú agus Taighde ar son Nuálaíocht Leanúnach), a leagann béim láidir ar ghníomhaíochtaí taighde trína neartaítear na naisc idir an taighde, an beartas agus an cleachtadh, agus ar an gcomhoibriú idir múinteoirí, agus idir múinteoirí agus geallsealbhóirí eile san oideachas.

Baineann dhá scéim leis an gCreat, ar scéimeanna ar leith iad ach iad comhlántach freisin: Scéim na dTaighdeoirí Cónaithe(RiRS) le haghaidh scoileanna a bhíonn ag plé le taighde atá ann cheana, agus an Scéim Sparánachtaí Taighde (RBS) le haghaidh múinteoirí atá i mbun taighde nua.

Faoin séú babhta den Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan, láinseáileadh an Scéim Sparánachta Taighde (SST) ar an 16 Samhain 2022 agus dúnadh iarratasaí ar an 19 Eanáir 2023.

Léigh níos mó ar an topaic sa ríomhiris seo.