Ar an 2 Meitheamh 2020, lainseáil an Chomhairle an ceathrú babhta den Chreat Tacaíochta Taighde ag cur €100,000 ar fáil do mhúinteoirí agus daoine eile atá rannpháirteach i dtaighde oideachais agus i mbun taighde oideachais.
Glacadh le hiarratais faoi bhabhta a ceathair den chreat ón 2 Meitheamh go dtí an 16 Iúil 2020 agus fuarthas 52 iarratas faoin dáta seo. Roghnaíodh 25 tionscadal le maoiniú a dhéanamh orthu, agus rinneadh na dámhachtainí ag imeacht ar líne a bhí ar siúl ar an 16 Nollaig 2020. Déanann Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan comóradh ar an ionchur ollmhór a bhí ag an Ollamh John Coolahan sa réimse oideachais sa tír seo agus thar lear. Is inspioráid í a chuid oibre, a shaol agus a chuid fuinnimh do gach duine ar suim leis/léi cúrsaí teagaisc, foghlama agus taighde.
Tá liosta de na tionscadail a fuair maoiniú faoin gceathrú babhta den Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan ar fáil anseo (Béarla).
Féach ar fhíseán gearr den searmanas bronnta d’fhaighteoirí faoi bhabhta a ceathair den Chreat Tacaíochta Taighde, thíos: