
Ar an 22 Márta 2018, d'fhógair an Chomhairle an dara babhta den Chreat Tacaíochta Taighde tráth ar cuireadh €10,000 ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaoine eile atá ag gabháil don taighde oideachais agus ag glacadh páirt ann.
Glacadh le hiarratais faoi bhabhta a dó den creat ón 22 Márta 2018 go dtí an 5 Meitheamh 2018, agus fuarthas 58 iarratas faoin dáta sin. Roghnaíodh 18 dtionscadal lena maoiniú, agus rinneadh an bronnadh ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 11 Nollaig 2018. Bunaíodh Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan mar chomhartha ómóis don éacht oibre a rinneadh an tOllamh John Coolahan i réimse an oideachais anseo in Éirinn agus thar lear. Beidh a chuid oibre, a shaol agus an fuinneamh a bhí ann ina inspioráid dóibh siúd go léir a bhfuil meas acu ar an múinteoireacht, ar an bhfoghlaim agus ar an taighde.
Gheofar liosta anseo de na tionascadail a fuair maoniú faoin dara babhta den chreat tacaíochta taighde (Béarla).
Féach ar fhíseán gearr den searmanas bronnta d’fhaighteoirí faoi bhabhta a dó den Chreat Tacaíochta Taighde, thíos: