Tugann an SST tacaíocht do mhúinteoirí le dul i mbun taighde nua a léiríonn cumas suntasach don fhoghlaim chomhroinnte agus a thacaíonn leis an gcleachtas feabhsaithe. Príomhghné de Shraith Taighde CROÍ (Comhoibriú agus Taighde don Nuálaíocht Leanúnach) na Comhairle ná an Creat a leagann béim láidir ar ghníomhaíochtaí taighde agus a neartaíonn na naisc idir taighde, polasaí agus cleachtas, agus ar an gcomhoibriú i measc múinteoirí, agus idir múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile i gcúrsaí oideachais.
Sna hiarratais, ní mór an cumas a léiriú chun cur le taighde, polasaí agus cleachtas maidir le ceann amháin nó níos mó de na sé réimse foghlama Cosán, an chreatlach náisiúnta um Fhoghlaim Múinteoirí:
- Foghlaim Threoraithe
- Cuimsiú
- Folláine
- TFC
- Litearthacht & Uimhearthacht
- Ag Tacú le Foghlaim Múinteoirí