12 Meán Fómhair 2023

A Chláraitheoir, a chara,

Agus tú ag tabhairt faoi bhliain eile, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil don obair ollmhór a dhéanann tú agus cuirimid ár mbeannacht chugat féin agus chuig do dhaltaí.

Mar mhúinteoir, tá ról tábhachtach agus faoi phribhléid agat i do scoil agus i do phobal. Roineann múinteoirí eolas chomh maith le luachanna, scileanna, agus grá don fhoghlaim a spreagadh. Tá do phost mar mhúinteoir thar a bheith luachmhar sa phobal ina bhfeidhmíonn tú mar eiseamláir do do dhaltaí. Tá gairm na múinteoireachta in Éirinn tiomanta do bharr feabhais agus d'ardchaighdeáin a leagann tagarmharc do chách, agus molaimid an díograis seo.

Ag tús bliana acadúla nua, tá sé tráthúil machnamh a dhéanamh ar na freagrachtaí a thagann le bheith i do mhúinteoir. Ba mhaith linn an Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí (nuashonrú 2ú hEagrán 2016) a chur i gcuimhne do gach múinteoir, a chuireann gairm mhúinteoireachta ardchaighdeáin chun cinn in Éirinn agus a chinntíonn na caighdeáin ghairmiúlachta is airde. Feidhmíonn sé freisin mar threoir do gach múinteoir ar fud a saol gairmiúil.

Tá obair mhúinteora mar bhonn agus mar thaca ag luachanna eiticiúla an Mheasa, an Chúraim, an Ionracais agus an Iontaoibh arb iad colúin an ‘Chód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí’ iad. Chun na caighdeáin is airde a chinntiú agus muinín agus iontaoibh an phobail a choinneáil i ngairm na múinteoireachta, cuirimid i gcuimhne do mhúinteoirí a bhfreagracht, lena n-áirítear alt 2.5 den 'Chód Iompair Gairmiúil do Mhúinteoirí' a iarrann ar mhúinteoirí ionracas gairmiúil a choinneáil agus 'coimhlint a sheachaint idir a gcúraimí gairmiúla agus a ngnóthaí pearsanta a bhféadfaí a rá go réasúnta go mbeadh tionchar diúltach ag a leithéid ar dhaltaí/mhic léinn.'

D'fhorbair an Chomhairle Múinteoireachta Treoir do Mhúinteoirí Cláraithe maidir le Meáin Shóisialta agus Cumarsáid Leictreonach a úsáid.

Arís eile, gabhaim buíochas leat as do thacaíocht don ghairm mhúinteoireachta agus guímid bliain sona, táirgiúil agus luachmhar duit agus tú ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt cuidiú chomh tairbheach dár sochaí.

Le dea-ghuí,

Dr Lynn Ramsey
Stiúthóir
Michelle Keane
Cathaoirleach

© 2023 An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A , Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire | W23 Y7X0

info@teachingcouncil.ie         www.teachingcouncil.ie

Beartas Príobháideachais / Privacy Policy