20 Eanáir 2022

Taighdeoirí i Scéim Chónaithe (TiSC) le Haghaidh Scoileanna

An bhfuil píosa taighde ann cheana féin ar mhaith leat iniúchadh a dhéanamh air le comhghleacaithe i do scoil le linn na scoilbhliana 2022/2023?

An bhfuil a fhios agat go bhfuil maoiniú á chur ar fáil ag an gComhairle Mhúinteoireachta do scoileanna a bhfuil spéis acu dul i gcomhpháirtíocht le taighdeoirí atá lonnaithe in institiúidí ardoideachais chun iniúchadh breise a dhéanamh ar thaighde atá ann cheana féin tríd an scéim nua?

An bhfuil spéis agat iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin TiSC?

Cuireadh €50,000 ar an iomlán ar fáil le haghaidh tionscadal faoin scéim seo le haghaidh 2022/2023, agus táimid ag glacadh le hiarratais anois.

Tá tuilleadh eolais agus an fhoirm iarratais maidir leis an TiSC ar fáil ar ár suíomh gréasáin anseo.

Is é an dáta deiridh le hiarratais chomhlánaithe a fháil ná 3pm, Déardaoin, an 3 Márta 2022.

Cliceáil anseo le do thoil chun breathnú ar Pholasaí Príobháideachta nuashonraithe na Comhairle

© 2022 An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire | W23 Y7X0

e: info@teachingcouncil.ie  w: www.teachingcouncil.ie