23 Deireadh Fómhair 2025

A Chara,

Tá an mhúinteoireacht ar cheann de na gairmeacha is iontaofa in Éirinn, leis na luachanna Meas, Cúram, Muinín agus Macántacht taobh thiar de. Tá ról an-tábhachtach ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir le caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú, rud a chinntíonn go bhfuil ardmhuinín ag an bpobal as gairm na múinteoireachta. Comhlíonann an Chomhairle freisin le Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí.

Leagtar amach sa ríomhphost seo oibleagáidí an fhostóra a tugadh isteach faoi Alt 37 d’Achtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta. Tháinig na rialacháin seo i bhfeidhm ar an 11 Bealtaine 2023. Éilíonn siad ar fhostóirí fógra a thabhairt don Chomhairle nuair a bhristear múinteoir cláraithe as a bpost nó nuair a éiríonn siad as a bpost i gcásanna áirithe.

Ní mór fógra a thabhairt don Chomhairle Mhúinteoireachta má:

  • bhristear múinteoir as a bpost nó
  • má éiríonn múinteoir as oifig tar éis gearán a bheith déanta ina leith, nó tar éis nósanna imeachta smachta a agairt.


Cad iad na staitisticí?

Cineálacha fógraí faighte

Baineann cuid de na fógraí a fuarthas le líomhaintí faoi mhí-iompar gairmiúil, droch-fheidhmíocht ghairmiúil agus iompar atá contrártha leis an gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí.

Féadfaidh fostóirí a gcomhairle dlí féin a lorg mura bhfuil siad cinnte ar cheart fógra a thabhairt don Chomhairle Mhúinteoireachta.

Tá formhór na bhfógraí a fuarthas curtha in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta ag príomhoidí scoile a fheidhmíonn de ghnáth mar rúnaí don Bhord Bainistíochta. Tá sé tábhachtach go mbeadh príomhoidí ar an eolas faoi na hoibleagáidí a chuirtear ar fhostóirí faoi rialacháin 2023.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas fógra a dhéanamh, déan teagmháil le do thoil leis an bhfoireann um Chaighdeáin Ghairmiúla ag professionalstandards@teachingcouncil.ie.


Tuilleadh eolais

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil próiseas gearáin agus fiosraithe na Comhairle Múinteoireachta éagsúil ó na nósanna imeachta a mbaineann scoileanna ag leibhéal áitiúla feidhm astu. Leanfaidh scoileanna/fostóirí múinteoirí cláraithe orthu ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna, agus ag iarraidh réiteach a fháil orthu, de réir mar a thagann siad chun cinn ag leibhéal áitiúil.

Tá cóip nuashonraithe den leabhrán um Fheidhmiúlacht chun Múineadh - Faisnéis d’Fhostóirí ar fáil ar líne. Sonraíonn an leabhrán seo an próiseas um Fheidhmiúlacht chun Múineadh ó thaobh an fhostóra de. Tá faisnéis do mhúinteoirí cláraithe ar fáil freisin ar líne sa chás go mbeadh gearán déanta maidir le múinteoir cláraithe.

Tá eolas faoi ról na Comhairle Múinteoireachta um Fheidhmiúlacht chun Múineadh ar fáil ar www.teachingcouncil.ie.

Má tá aon cheist agat, is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann na gCaighdeán Gairmiúla ag professionalstandards@teachingcouncil.ie.


Le gach dea-mhéin,  

An Dr Lynn Ramsey


Stiúrthóir

© 2025 An Chomhairle Mhúinteoireachta 
Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire | W23 Y7X0 

ríomhphost:  info@teachingcouncil.ie       suíomh gréasáin: www.teachingcouncil.ie

Beartas Príobháideachais / Privacy Policy