8 Feabhra 2022

An Taighde a Úsáid sa Scoil - 

Téama 5: TFC


A Mhúinteoir, a chara,

Cuireadh sraith nua acmhainní leis an gcuid faoi 'Ag Baint Úsáid as Taighde inár Scoil' de shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. Díríonn na hacmhainní nua ar an téama TFC agus tá siad ar fáil anseo.

Is é TFC ceann amháin de na sé réimse foghlama a bhfuil béim leagtha orthu in Cosán, an chreatlach náisiúnta um fhoghlaim múinteoirí. I measc na n-acmhainní atá ar fáil tá seimineár gréasáin, ríomhirisí, sraith podchraoltaí, ríomhleabhair, agus ailt.

Tá súil againn leis na hacmhainní seo go mbeidh sé níos éasca do scoileanna dul i ngleic leis an taighde ábhartha i bhformáid a oireann dóibh .

Le gach dea-mhéin,
An Fhoireann um Fhoghlaim agus Thaighde na Múinteoirí


Cliceáil anseo le do thoil chun breathnú ar Pholasaí Príobháideachta nuashonraithe na Comhairle

© 2022 An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire | W23 Y7X0

e:  info@teachingcouncil.ie  w:  www.teachingcouncil.ie