09 Aibreán 2024

A chara,

Le tacú le leathadh amach curaclam nua mata na bunscoile agus na scoileanna speisialta, tháinig An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), Oide, an tseirbhís tacaíochta nua-bhunaithe, agus An Chomhairle Mhúinteoireachta le chéile leis an mbailiúchán taighde agus áiseanna eile a bhaineann le mata a chur ar fáil.

Tá súil againn go bhfuil na háiseanna seo fiúntach duit agus tú ag idirghníomhú leis an gcuraclam nua. Tá siad uile ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí cláraithe tríd leabharlann ar líne na Comhairle, suíomh an CNCM nó foinsí aitheanta eile.

Treoir do Leabharlann ar Líne na Comhairle Múinteoireachta ar fáil ar suíomh na Comhairle Múinteoireachta.

Le dea-ghuí,

Ceann Foghlama & Taighde Múinteoirí


Mol ar Líne an Churaclaim Matamaitice

Tugann na físeáin seo deis breathnaigh ar eispéiris na scoláirí agus na múinteoirí agus iad ag idirghníomhú le Curaclam Matamaitice na Bunscoile i scoileanna ar fud na hÉireann.


Teideal: Mathematical Mindsets: Unleashing Students’ Potential Through Creative Math, Inspiring Messages and Innovative Teaching

Údar: Boaler, J.

Leanann an leabhar seo, scríofa ag taighdeoir cáiliúil as Stanford, Oide Jo Boaler, staidéar fairsing ar scoláirí meánscoile agus ardscoile SAM le teacht ar cad é mar a fhoghlaimíonn siad agus leis na bealaí is éifeachtaí le mianach na scoláirí uile a fhorbairt.


Teideal: Engaging Young Children in Mathematics: Standards for Early Childhood Mathematics Education

Údar: Clements, D. et al.

Ag teacht i ndiaidh Comhdháil cinniúnach SAM ar Chaighdeáin Oideachais Matamaitice na réamh-naíonra agus Naíonra in 2000, tugann an leabhar seo léargas ar cinntí comhchoiteanna an réimse éagsúla daoine a bhfuil neart saineolais acu sa luath-óige.


Teideal: Mathematics in Early Childhood and Primary Education (children aged 3-8 years)

Údar: Dunphy, E. et al.

Is é an chéad tuarascáil i sraith tuarascála coimisiúnaithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) dírithe ar fhoghlaim matamaitice na bpáistí i mbunscoil é, an tuarascáil taighde seo déanta ag foireann oidí a bhfuil taithí acu sa mhatamaitice in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Díríonn Tuarascáil Taighde 17 ar gnéithe teoiriciúla atá taobh thiar de fhorbairt oideachais matamaitice do pháistí óga.


Teideal: Mathematics in Early Childhood and Primary Education (3-8 years)

Údar: Dooley, T. et al.

Is é an dara tuarascáil i sraith tuarascála coimisiúnaithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) dírithe ar fhoghlaim matamaitice na bpáistí i mbunscoil é, an tuarascáil taighde seo déanta ag foireann oidí a bhfuil taithí acu sa mhatamaitice in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Díríonn Tuarascáil Taighde 18 ar ghnéithe oideolaíochta agus impleachtaí ar achtú fís comhaimseartha ar mhaithe le foghlaim páistí sa mhatamaitice.


Teideal: Learning and Teaching Primary Mathematics: An Addendum to NCCA Research Reports 17 and 18

Údar: Dooley, T. 

Is é an tríú tuarascáil i sraith tuarascála coimisiúnaithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) dírithe ar fhoghlaim matamaitice na bpáistí i mbunscoil é, an tuarascáil taighde seo déanta ag Dr Thérèse Dooley atá ag obair in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Díríonn an aguisín taighde a théann le tuarascálacha 17 agus 18 ar saincheisteanna a bhaineann le foghlaim agus múineadh na matamaitice i ranganna sinsearacha na bunscoile.


Teideal: Problem Solving in a 21st Century Mathematics Curriculum

Údar: English, L.D. & Gainsburg, J. 

Is fócas iarrachtaí ar fud an chórais oideachais le blianta anuas é feabhsú scileanna réitigh fadhbanna na scoláirí, agus ina amanna torthaí míshásúla leis mar atá léirithe ag lear mór staidéir cáilíochtúla agus chainníochtúla. Cuidíonn an leabhar seo comhthéacs fairsing a thabhairt le cuidiú le dul i mbun na díospóireachta leanúnach faoi réitigh fadhbanna na matamaitice.


Teideal: Looking for Learning: Maths through Play

Údar: England, L.

Is treoir lándaite, praiticiúil a bhaineann úsáid as teoiric, cásanna staidéir, íomhánna ón bhfíorshaol agus idéanna inrochtana le foghlaim matamaitice ag úsáid súgradh atá á threorú ag páistí a spreagadh. Tá sé scríofa ar son suíomhanna na luathbhlianta agus na naíonra ach is féidir bheith ina ábhar suime do mhúinteoirí in earnáil na bunscoile agus i scoileanna speisialta.


Teideal: Characteristics of Effective Teaching of Mathematics: A View from the West

Údar: Anthony, G. & Walshaw, M. 

Ag baint úsáid as torthaí ó chleachtais atá bunaithe ar thaighde sa Nua-Shéalainn, chomh maith le fianaise ó staidéir idirnáisiúnta, cuireann an páipéar seo deich bprionsabail ar mhodhanna oideolaíochta éifeachta a éascaíonn foghlaim do fhoghlaimeoirí éagsúla ar fáil. Ag díriú ar fheabhas idirghníomhú scoláirí le matamaitice, déanann na modhanna oideolaíochta seo iarracht tacú le scoláirí a mbeidh deacrachtaí acu nó a bhfuil spéis caillte acu sa mhatamaitice.


Teideal: Teachers’ Use of Mathematical Picture Books to Engage Children in the Upper Primary Years in Mathematics

Údar: Harbison, L. et al.

I gcomhthéacs teacht chun cinn Curaclam Matamaitice na Bunscoile nua, déanann an staidéir nua iniúchadh ar úsáid leabhair pictiúir le páistí sna ranganna is sine sa bhunscoil. Ag nascadh leabhair pictiúir le hábhair matamaitice difriúla agus foghlaim, cuireann na húdair torthaí a bhaineann le croíphrionsabail Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim i láthair, mar atá, comhoibríoch, ionadaíocht, agus gníomh agus léiriú.


Teideal: The Knowledge Quartet: The Genesis and Application of a Framework for Analysing Mathematics Teaching and Deepening Teachers’ Mathematics Knowledge

Údar: Rowland, T.

Cuireann an páipéar seo síos ar chreatlach do bhreathnú ceachta na matamaitice. Tá feidhm i dtaighde agus i bhforbairt múineadh na matamaitice ag an gcreatlach. Threoraigh modh theoiric fhódaithe ar anailísiú sonraí teacht chun cinn na creatlaí, le ceithre diminsean leathan, a chuideoidh le breathnú ar eolas ar ábhair matamaitice na múinteoirí agus iad i mbun múinte.

© 2024 An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad,

Co. Chill Dara, W23 Y7X0, Éire


e: info@teachingcouncil.ie  I  www.teachingcouncil.ie

Beartas Príobháideachais

Cliceáil anseo le díchlárú a dhéanamh / Click here to unsubscribe