Aistrigh:
Gaeilge
English

Conas a dhéanaim Iarratas SF?

Nuair a dhéanann tú iarratas ní mór duit:

  • Cuir isteach an t-iarratas i scríbhinn/ríomhphost, agus b’fhearr an Fhoirm Iarratais SF oifigiúil a úsáid chuig: Oifigeach SF, An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, nó seol ríomhphost chuig: foi@teachingcouncil.ie
  • Bí soiléir go leor le go dtuigfimid cad iad na taifid atá á n-iarraidh. I gcásanna nach féidir linn a thuiscint cad iad na taifid atá á n-iarraidh, cabhróimid leat na taifid atá uait a aithint.
  • Cuir isteach uimhir theileafóin lae le do thoil chun so-rochtaineacht a éascú.
  • Luaigh go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
  • Nuair is féidir, cuir an tréimhse ama in iúl, ar mian leat rochtain a fháil ar thaifid ina leith m.sh. taifid a cruthaíodh idir 01 Bealtaine, 2014 agus 31 Nollaig, 2014.
  • Sonraigh le do thoil i d’iarratas má theastaíonn uait an fhaisnéis atá á lorg a sholáthar duit i bhformáid ar leith (m.sh. fótachóip, diosca ríomhaire, srl.).
  • Féadfar cruthúnas céannachta a lorg, go háirithe nuair atá faisnéis phearsanta á hiarraidh, m.sh. Teastas Breithe, Ceadúnas Tiomána, Pas nó cineál eile aitheantais.

An féidir liom cabhair a fháil chun iarratas a dhéanamh?

Sea, má theastaíonn aon chabhair uait beidh an tOifigeach SF sásta cabhrú leat le d’iarratas. Táimid ar fáil freisin chun cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas chun a gcearta a fheidhmiú faoin Acht SF 2014 (m.sh. glacadh le hiarratais ó bhéal ó iarratasóirí nach bhfuil in ann léamh, priontáil agus/nó scríobh de bharr a míchumais, rud a chuireann ar chumas an iarrthóra cigireacht a dhéanamh nó taifid a bheith mínithe dó/di).

Conas a oibríonn SF?

Ceanglaíonn an tAcht SF 2014 ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar iarratais ón bpobal ar rochtain ar aon taifead atá i seilbh comhlachta SF. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí a gcinneadh ar iarratas a thabhairt laistigh de 4 seachtaine tar éis dóibh é a fháil. Sainmhínítear seachtain san Acht mar 5 lá seachtaine as a chéile gan an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire poiblí a áireamh.

Mar sin féin, chun gur féidir gnó an rialtais a dhéanamh i gceart, beidh sé riachtanach uaireanta cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú ó scaoileadh i gcásanna áirithe. Tá siad seo leagtha amach san Acht.

An ngearrfar táille orm as faisnéis a iarraidh faoin Acht SF 2014?

Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 do chóras táillí SF atá go hiomlán nua. Tá an tOrdú ón Aire lena mbunaítear an córas nua táillí (S.I. 531 de 2014) le fáil anseo. Seo a leanas achoimre ar an struchtúr táillí nua maidir le hiarratais neamhphearsanta:

  • Tá deireadh curtha leis an táille iarratais €15.
  • Tá íostairseach de €101 ann nach féidir táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a ghearradh faoina bhun. Nuair a shroicheann an táille €101, beidh táillí iomlána i bhfeidhm;
  • Tá teorainn €500 ar an méid táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ar féidir a ghearradh;
  • Tá uasteorainn bhreise de €700 ar tháillí measta cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ar féidir le comhlacht SF diúltú iarratas a phróiseáil, ach amháin má tá an t-iarratasóir sásta an t-iarratas a bheachtú chun na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a thabhairt faoi bhun na teorann;
  • Is é an táille ar athbhreithniú inmheánach faoi Alt 21 anois ná €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaithe);
  • Is é an táille ar achomhairc chuig an gCoimisinéir Faisnéise faoi Alt 22 anois ná €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaithe).

Cé chomh luath agus is féidir le duine a dhéanann iarratas ar thaifid a bheith ag súil le freagra?

Faoin Acht SF 2014, ní mór iarratas ar thaifid a admháil laistigh de 2 sheachtain agus, i bhformhór na gcásanna, freagra a thabhairt air laistigh de 4 seachtaine. Sainmhínítear seachtain san Acht mar 5 lá seachtaine as a chéile gan an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire poiblí a áireamh. Má bhíonn baint ag tríú páirtí leis féadfar an teorainn ama le haghaidh freagra a thabhairt ar eisiúint a shíneadh go ceann trí seachtaine eile.

Cad é an chéad chéim eile mura bhfuilim sásta le cinneadh ar m’iarratas?

Mura bhfuil tú sásta le freagra na Comhairle Múinteoireachta is féidir leat iarraidh ar bhall foirne níos sinsearaí laistigh den Chomhairle cinneadh a athscrúdú. Ba chóir iarratais ar athbhreithniú ar chinneadh, mar aon le táille €30.00 nó táille laghdaithe de €10.00 do shealbhóirí cárta leighis a sheoladh chuig an Rannóg SF, An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara nó seol ríomhphost pfox@teachingcouncil.ie.

Nóta: Ní bhaineann na táillí seo ach le hiarratais neamhphearsanta.

Má tá tú fós míshásta leis an gcinneadh, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Ba chóir iarratais le táillí cuí (€50.00 nó táille laghdaithe €15.00 do shealbhóirí cárta leighis) a sheoladh díreach chuig an seoladh seo a leanas:

Ríomhphost: info@oic.gov.ie

Post: Oifig an Choimisinéara Faisnéise, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

Fón: (01) 639 5689