Aistrigh:
Gaeilge
English

Cáilithe i bPoblacht na hÉireann

Féadfaidh múinteoirí atá cáilithe i bPoblacht na hÉireann iarratas a dhéanamh ar chlárú faoi na bealaí clárúcháin seo a leanas:

Bunscoile

Bealach clárúcháin do mhúinteoirí bunscoile.

Iar-bhunscoile

Bealach clárúcháin do mhúinteoirí iar-bhunscoile.

Breisoideachais

Bealach clárúcháin do mhúinteoirí Breisoideachais.

Bealach 4 - Eile

Bealach clárúcháin do Bhealach 4 - Eile

Múinteoir faoi oiliúint

Má tá do chéad dhá bhliain de chlár oideachais tosaigh múinteoirí bunscoile nó iar-bhunscoile curtha i gcrích agat go rathúil, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta mar mhúinteoir faoi oiliúint.

Cáilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann

Féadfaidh múinteoirí atá cáilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann iarratas a dhéanamh ar chlárú faoi na bealaí clárúcháin seo a leanas:

Bunscoile

Bealach clárúcháin do mhúinteoirí bunscoile atá cáilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.

Iar-bhunscoile

Bealach clárúcháin do mhúinteoirí iar-bhunscoile atá cáilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.

Breisoideachais

Bealach clárúcháin do mhúinteoirí Breisoideachais.

Cáilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann (Ionduchtú neamhchríochnaithe)

Más múinteoir bunscoile nó iar-bhunscoile thú a cháilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann ach nach bhfuil an tréimhse ionduchtaithe riachtanach críochnaithe agat, ar feadh tréimhse ama teoranta is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chlárú mar mhúinteoir i bPoblacht na hÉireann.

Cáilithe ón Úcráin

Más múinteoir cáilithe thú ón Úcráin agus go bhfuil Cosaint Shealadach AE deonaithe ort, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chlárú mar mhúinteoir i bPoblacht na hÉireann lenár bpróiseas do mhúinteoirí na hÚcráine.

Bealach 4 - Eile

Bealach Clárúcháin do Bealach 4 - Eile (Cáilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann)

List of competent authorities

A list of countries and organisations has been prepared to assist you in obtaining evidence of full registration/recognition from the country/jurisdiction in which you obtained your teacher education qualification.

Clárú a athnuachan

Ní mór do gach múinteoir cláraithe a gclárúchán a athnuachan gach bliain. Mar mhúinteoir cláraithe, gheobhaidh tú ríomhphost meabhrúcháin roimh do dháta athnuachana.

Droichead

Conas Droichead a chomhlánú

Is creat ionduchtaithe gairmiúil comhtháite é Droichead do mhúinteoirí nua-cháilithe.

Beartas Droichead

Forbraíodh creat Droichead trí chomhairliúchán cuimsitheach leis an ngairm.