Aistrigh:
Gaeilge
English

Má chríochnaigh tú tréimhse ionduchtaithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann

Más amhlaidh gur chríochnaigh tú próiseas ionduchtúcháin foirmiúil atá aitheanta ag an stát i dtír eile, ní mór duit iarratas a chur isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ar mheasúnú a dhéanamh ar an bpróiseas sin chun incháilitheacht a chinneadh maidir le haitheantas a fháil i bPoblacht na hÉireann.

Critéir Mheasúnaithe maidir le hIonduchtú Thar Lear

Má tá próiseas foirmiúil ionduchtaithe críochnaithe agat i dtír eile, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Mhúinteoireachta chun measúnú a dhéanamh ar an bpróiseas sin chun incháilitheacht le haghaidh aitheantais i bPoblacht na hÉireann.

Ní mór don phróiseas Ionduchtaithe na critéir seo a leanas a chomhlíonadh le go mbreithneofar é don mheasúnú:

  1. Ní mór é a chomhlánú tar éis a bheith cáilithe mar mhúinteoir
  2. Ní mór tréimhse ama bliana ar a laghad a bheith ann
  3. Ní mór é a bheith deimhnithe ag an údarás inniúil, m.sh., an Aireacht Oideachais/Comhairle Mhúinteoireachta sa tír inar cuireadh an próiseas ionduchtaithe i gcrích
  4. Ní mór struchtúr meantóireachta/tacaíochta a chur san áireamh sa phróiseas ionduchtaithe
  5. Ní mór an próiseas a fhoirmiú go hinmheánach ag leibhéal na scoile agus a bhailíochtú go seachtrach ag leibhéal stáit/tíre
  6. Ní mór do mhúinteoir Bunscoile curaclam a aithnítear go náisiúnta a mhúineadh don raon aoise idir 4 agus 12 bliana d’aois
  7. Ní mór do mhúinteoir iar-bhunscoile ábhar curaclaim a aithnítear go náisiúnta a mhúineadh don raon aoise idir 12 agus 18 mbliana d’aois

Ní mór an fhianaise seo a leanas a chur isteach le do litir iarratais:

  1. Forbhreathnú ar an bpróiseas foirmiúil Ionduchtúcháin arna fhoilsiú ag an údarás inniúil agus deimhnithe ag an scoil/údarás mar an bpróiseas críochnaithe
  2. Tuarascálacha/torthaí/tuairimí inmheánacha agus seachtracha a chur isteach
  3. Maidir le múinteoirí bunscoile – dátaí agus fad an phróisis ionduchtaithe, ag sonrú líon na laethanta scoile a críochnaíodh agus an suíomh ranga inar tharla sé – ní mór é seo a bheith deimhnithe ag an scoil/údarás inniúil
  4. Maidir le múinteoirí iar-bhunscoile – dátaí agus fad an phróisis ionduchtaithe, ag sonrú líon na n-uaireanta a mhúintear ábhar/ábhair churaclaim iar-bhunscoile in iar-bhunscoil agus an suíomh ranga inar tharla sé – ní mór é seo a dheimhniú ag an scoil/údarás inniúil

Má tá aon cheist eile agat maidir leis na critéir thuas, déan teagmháil leis an bhFoireann Coinníollacha trí ríomhphost a sheoladh chuig conditions@teachingcouncil.ie nó cuir do chomhfhreagras ar aghaidh chuig Foireann na gCoinníollacha, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0, Éire.

Tá caighdeáin áirithe ann nach mór d’ionduchtúchán a chomhlíonadh sula bhféadfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta tú a chur leis an gclár go hiomlán. Caithfidh sé a bheith ar an gcaighdeán céanna le próiseas ionduchtaithe na hÉireann, Droichead

Caithfidh an clár ionduchtúcháin a bheith:

  • Aitheanta ag an stát
  • Bunaithe ar dhoiciméadú beartais agus próisis ina sonraítear an clár ionduchtúcháin

Ní mór don doiciméadú:

  • A bheith foilsithe ag:
    • An Aireacht Oideachais nó
    • Údarás Inniúil aitheanta (comhionann leis an gComhairle Mhúinteoireachta)
  • Riachtanais an phróisis ionduchtaithe a leagan amach go soiléir do mhúinteoirí uile na tíre (Caithfidh an próiseas a bheith mar an gcéanna do gach múinteoir).

Ní mór an próiseas ionduchtaithe a bheith bailíochtaithe ag leibhéal an stáit. (Ní leor é má chríochnaíonn scoil a próiseas ionduchtaithe inmheánach féin.)

Má cháiligh tú i bPoblacht na hÉireann agus má tá sé beartaithe agat oibriú in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, i Sasana nó i dtír eile

Má tá do chlár oiliúna tosaigh múinteoirí curtha díot agus é ar intinn agat dul ag teagasc in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha nó i Sasana, ní féidir clár ionduchtúcháin atá aitheanta ag an stát a chríochnú le linn duit a bheith ag obair ann.

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Níl clár ionduchtúcháin aitheanta ag an stát ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, mar sin ní féidir próiseas cosúil le Droichead a chur i gcrích agus tú ag obair ann.

Cuireann scoileanna áirithe a bpróiseas ionduchtúcháin féin i gcrích. Ní leor seo, áfach, ós rud é go gcaithfidh tú próiseas ionduchtúcháin a chríochnú atá aitheanta agus bailíochtaithe ag leibhéal an stáit.

Ciallaíonn sé seo má fhilleann tú ar bPoblacht na hÉireann le dul i mbun oibre, beidh ort Droichead a chríochnú.

Sasana

Maidir le múinteoirí a cháiligh lasmuigh de Shasana, níl siad incháilithe chun tabhairt faoin gCreat Ionduchtaithe Luathghairme a mhaireann dhá bhliain i Sasana (caithfidh a gcáilíocht a bheith bainte amach acu i Sasana).

É sin ráite, tar éis dhá bhliain a chaitheamh i mbun teagaisc i Sasana, tá seans ann go mbeadh duine incháilithe chun cur isteach ar an gclár ionduchtúcháin de chuid an RA. Le haghaidh breis eolais déan an scéal a fhiosrú leis an údarás ábhartha.

Don chuid eile den domhan

Do thíortha eile, le do thoil:

  • Seol ríomhphost chuig an gComhairle ag conditions@teachingcouncil.ie
  • Cuir nasc leis chuig an gcáipéisíocht bheartais agus phróisis arna foilsiú ag Aireacht Oideachais nó ag Údarás Inniúil na tíre sin nó cóip den cháipéisíocht sin

Ba chóir go dtabharfadh na doiciméid sonraí faoin gclár ionduchtúcháin sa tír ina bhfuil sé beartaithe agat oibriú.

Cuirfimid comhairle ort ansin.