Aistrigh:
Gaeilge
English

Riachtanais chláraithe

Tá dhá phríomhriachtanas ann maidir le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta

  1. Cáilíochtaí
  2. Fianaise ar charachtar – grinnfhiosrúchán san áireamh (riachtanach)
  3. Riachtanas an Bhéarla (má cháiligh tú mar mhúinteoir lasmuigh de Phoblacht
    na hÉireann)

Conas iarratas a dhéanamh

Déan iarratas ar chlárú ar líne ag baint úsáid as Mo Chlárú. Is féidir leat d’iarratas a shábháil agus filleadh air níos déanaí. Tá trí mhí agat ón dáta tosaigh chun d’iarratas a chríochnú agus a chur isteach.

Mura bhfuil d’iarratas críochnaithe tar éis trí mhí, scriosfar é.

Sula dtosaíonn tú iarratas ar líne, déan cinnte go bhfuil an t-eolas seo a leanas in aice láimhe agat le do thoil:

  • Grianghraif nó scanadh do thuairisce acadúla. Seans go mbeidh do thuairisceoirí modúil ag teastáil uait freisin mura bhfuil na tuairiscí mionsonraithe go leor
  • Grianghraif nó scanadh ar chruthúnas aitheantais agus cruthúnas ar sheoladh baile atá sásúil
  • Sonraí teagmhála na fostaíochta
  • Stair fostaíochta
  • Foirm mheasúnaithe Dhaoine Cuí Ceart comhlánaithe

Tuilleadh eolais

Léigh ár nótaí Treorach maidir le clárú (PDF) sula dtosaíonn tú d’iarratas le do thoil.

Riachtanais cháilíochta do mhúinteoirí breisoideachais

Chun cáiliú mar mhúinteoir Breisoideachais, ní mór duit 1 agus 2 thíos a bheith agat.

1. Céim Onóracha Baitsiléara ag Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochta (CNC) ag a bhfuil ualú creidmheasa ECTS de 180 creidiúint ar a laghad

Gnáthchéim Bhaitsiléara ag Leibhéal 7 ar an CNC ag a bhfuil ualú creidmheasa ECTS de 180 creidiúint ar a laghad agus 

  • Cáilíocht bhreise chuí, nó
  • Taithí trí bliana ar a laghad in ionad oibre nó i suíomh teagaisc atá ábhartha don cháilíocht/na cáilíochtaí

2. Cáilíocht oideachais múinteora (COM) don Bhreisoideachas atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta.

Mura bhfuil COM agat

Má tá an cháilíocht céime riachtanach agat ach mura bhfuil COM creidiúnaithe críochnaithe agat, is féidir leat a bheith cláraithe le coinníoll(acha) ar feadh trí bliana.

San am seo, ní mór duit do COM a chomhlánú.

Breathnaigh ar liosta de na cláir chreidiúnaithe.

Reachtaíocht ábhartha

Tá an próiseas seo chun iarratas a dhéanamh ar chlárú le haghaidh Breisoideachais ag teacht le: