Aistrigh:
Gaeilge
English

Taighde

Cuspóir tábhachtach don Chomhairle Mhúinteoireachta is ea cultúr foghlama comhroinnte a chur chun cinn ina ndéantar taighde agus cleachtas ceannródaíoch a spreagadh agus a chur i bhfeidhm laistigh den seomra ranga, mar atá leagtha amach ina Straitéis Taighde.

Forbraíodh an tSraith Taighde CROÍ (Comhoibriú agus Taighde ar son Nuálaíocht Leanúnach) chun tacú le cultúr foghlama comhroinnte agus cleachtais bunaithe ar fhianaise.

Leabharlann Ar Líne

Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta leabharlann ar líne ar fáil do mhúinteoirí cláraithe.

Creat Tacaíochta Taighde

Tá Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan deartha ar mhaithe le tacú le foghlaim ghairmiúil leanúnach múinteoirí trína rannpháirtíocht i dtaighde agus le taighde.