Aistrigh:
Gaeilge
English

Treoir chun iarratas a dhéanamh ar ath-ghrinnfhiosrúchán

Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta teagmháil leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ar son múinteoirí in Éirinn do nochtaí ar thaifid choiriúla (más infheidhme).

Mínítear na céimeanna atá le leanúint thíos.

Lean gach céim go cúramach d’fhonn a chinntiú go ndéanfar an t-iarratas a phróiseáil go réidh.

Baineann próiseas iarratais dhá chéim le hath-ghrinnfhiosrú.

Céim 1

  1. Comhlánaigh Céim 1 den iarratas ath-ghrinnfhiosrúchán ar líne trí do chuntas Mo Chlárú.
  2. Uaslódáil cruthúnas de cháipéisí aitheantais.

Ní gá duit cáipéisí d’imréiteach póilíní thar lear a chur ar fáil.

Céim 2

Seiceálann an Chomhairle Mhúinteoireachta d’iarratas agus cruthúnas de cháipéisí aitheantais agus cuireann siad d’iarratas isteach go dtí an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

  1. Gheobhaidh tú ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin le nasc díreach chuig an bhFoirm Iarratais ar Ghrinnfhiosrúchán ar líne.
  2. Ní mór duit an fhoirm a líonadh amach agus do sheoltaí go léir a chur san áireamh ó bhreith go dtí an lá atá inniu ann, lena n-áirítear gach seoladh thar lear ina raibh tú i do chónaí.

Beidh 30 lá agat leis an iarratas ar ghrinnfhiosrúchán ar líne a chomhlánú agus a chur isteach, ach iarraimid ort é a chomhlánú chomh luath agus is féidir.

Má bhí tú i do chónaí i dTuaisceart Éireann, beidh ort postchóid iomlána (sé charachtar) a chur isteach do gach seoladh de chuid Thuaisceart Éireann ina raibh tú i do chónaí.

Nuair a bheidh an grinnfhiosrúchán críochnaithe, gheobhaidh tú dhá ríomhphost:

  • Beidh an chéad ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ina gcuirfear in iúl duit gur eisíodh do nochtadh grinnfhiosrúcháin chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.
  • Beidh an dara ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta ina mbeidh nasc chuig do nochtadh grinnfhiosrúcháin.

Conas rochtain a fháil ar do nochtadh grinnfhiosrúcháin

Chun rochtain a fháil ar do nochtadh grinnfhiosrúcháin, beidh ort logáil isteach nó cuntas a chruthú le Digitary chun féachaint ar do nochtadh.

Léigh ár Leathanach Digitary, le do thoil, chun tuilleadh eolais a fháil.

Conas nochtadh grinnfhiosrúcháin a roinnt le fostóir

Beidh tú in ann do nochtadh a roinnt le fostóirí nó le fostóirí a d’fhéadfadh a bheith agat ar líne ag baint úsáid as Digitary. Logáil isteach i do chuntas Digitary agus lean na treoracha le do nochtadh a roinnt.

Conas do stádas grinnfhiosrúcháin a sheiceáil

Féadfaidh Múinteoirí cláraithe atá ag iarraidh a gcuid sonraí grinnfhiosrúcháin a sheiceáil trí logáil isteach sa tairseach Mo Chlárú.

Féach “Sonraí Grinnfhiosrúcháin” ar Mo Chlárú don fhaisnéis is déanaí.