Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Is tráthúil cur na múinteoirí seo ar an gclár agus níos mó éileamh ná riamh ann ar mhúinteoirí cáilithe, go háirithe i ndiaidh na paindéime. Tá sé seo i gcomhthéacs brúnna leanúnacha sa gheilleagar atá ag cur isteach ar sholáthar múinteoirí agus ar líon na múinteoirí atá ar fáil in Éirinn.

Bíonn próiseas clárúcháin mear samhraidh i bhfeidhm ag an gComhairle gach bliain lena chinntiú go gcláraítear múinteoirí nua-cháilithe roimh an scoilbhliain nua. Bhain gach ceann de na múinteoirí nua-cháilithe na caighdeáin riachtanacha amach chun a bheith ar an gclár.

Dúirt an Dr Lynn Ramsey, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, “Ó thús deireadh a ngairmeacha, bíonn ról thar a bheith luachmhar ag múinteoirí maidir lenár sochaí a fhorbairt toisc iad a bheith díograiseach i leith na bpáistí agus na ndaoine óga a bhfuil sé de chúram orthu iad a spreagadh agus a theagasc. Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh na múinteoirí nua-cháilithe seo, gach duine acu tar éis na hardchaighdeáin a bhaint amach atá riachtanach le go ligfí isteach i gairm na múinteoireachta in Éirinn iad”.

“Is ábhar misnigh é na múinteoirí seo a fheiceáil ag tosú amach ar a mbealaí gairmiúla. Déanaimid ceiliúradh ó chroí leo as an gaisce atá déanta acu éirí cáilithe agus molaimid an tacaíocht dhiongbháilte a thug a dteaghlaigh dóibh le linn an phróisis seo. Gabhaimid buíochas leis na hinstitiúidí ardoideachais freisin as bunchlocha iontacha a thabhairt dóibh ar ar féidir leo tabhairt faoi ghairm na múinteoireachta agus faoi fhoghlaim leanúnach. Trí na gaiscí seo ar fad, is féidir le múinteoirí cumas ollmhór a thabhairt chuig ár bpobail mhúinteoireachta agus foghlama ar fud na hÉireann sna deicheanna blianta atá amach romhainn”.

Tharraing an Dr. Ramsey aird ar conas mar a d’fhás an Clár Múinteoirí gach bliain ó 2006 i leith agus conas mar atá sé ar an leibhéal is airde i stair an Stáit i láthair na huaire. Faoi láthair, bíonn suas le 5,500 iarratasóir ar chlárúchán tosaigh gach bliain, a bhfuil i dteideal múineadh i scoileanna, agus tá glanfhás de 3,600 cláraí againn go bliantúil mar thoradh.

“Go háirithe le dhá bhliain anuas, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis cuíchóiriú agus feabhas a chur ar na próisis agus córais chlárúcháin chomh maith le córas clárúcháin nua ar líne a thabhairt isteach atá tar éis na próisis a dhéanamh níos éifeachtúla, ar bhealach a chuireann ar chumas iarratasóirí iarratais a rianú i bhfíor-am.

“Faoi láthair, is é 2.6 sheachtain an meán-am próiseála ó iarratas a dhéanamh go clárúchán a chríochnú d’iarratasóirí a cháiligh in Éirinn. Féadann sé seo a bheith difriúil d’iarratasóirí ó thar lear, ach déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta gach ar féidir leo lena chinntiú go gcríochnaítear na hiarratais seo i gceart agus sa tréimhse ama is giorra agus is féidir. Faoi láthair, faigheann an Chomhairle Mhúinteoireachta thart ar 600 iarratas ó mhúinteoirí a cháiligh thar lear gach bliain.

“Tugadh tuilleadh tionscnamh isteach chomh maith chun tacú le soláthair múinteoirí agus múinteoirí grinnfhiosraithe, lena n-áirítear reachtaíocht a chuireann ar chumas múinteoirí a cháiligh thar lear clárú agus a n-ionduchtú (Droichead) a chríochnú in Éirinn.”

In 2021, achtaíodh reachtaíocht chomh maith a chuir ar chumas múinteoirí faoi oiliúint áit a bhaint amach ar an gClár Múinteoirí agus a bheith ar fáil do róil múinteoireachta ionaid ar an gcaoi sin. Le bheith incháilithe, ní mór do mhúinteoirí faoi oiliúint an chéad dá bhliain a chríochnú de chlár fochéime creidiúnaithe d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí. Tá 1,965 múinteoirí faoi oiliúint cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi láthair.

Ón Aoine, an 1 Meán Fómhair glacfar le hiarratais le haghaidh Droichead, an creat ionduchtaithe gairmiúil comhtháite do mhúinteoirí nua-cháilithe. Tugann Droichead, a dearadh i gcomhar leis an ngairm, tacaíocht d’fhoghlaim ghairmiúil na múinteoirí nua-cháilithe agus iad ag tosú amach ag obair i scoileanna, na bunchlocha á leagan síos aige d’fhás ghairmiúil a dhéanamh ina dhiaidh sin agus d’fhoghlaim sna chéad chéimeanna eile dá ngairm.

“Mar chomhlacht um chaighdeáin ghairmiúla do ghairm na múinteoireachta in Éirinn, cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta caighdeáin ghairmiúla i múinteoireachta chun cinn chomh maith le rialú a dhéanamh orthu. Tá sé seo ríthábhachtach lena chinntiú go gcomhlíonann an t-oideachas a chuireann múinteoirí cláraithe ar fáil an tagarmharc lena bhfuil daltaí, tuismitheoirí agus an pobal ag súil,” a dúirt an Dr. Ramsey mar fhocal scoir.

Tá breis agus 118,000 múinteoirí ar Chlár na Comhairle Múinteoireachta idir mhúinteoirí bunscoile, meánscoile, breisoideachais agus múinteoirí faoi oiliúint.