Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Mar chuid de riachtanais na n-ábhar curaclaim do na teangacha uile iarbhunscoile (Gaeilge san áireamh), tá riachtanas taithí cónaithe de thréimhse de 2 mhí/8 seachtaine. Tá an riachtanas seo laghdaithe ag an gComhairle go dtí 6 seachtaine mar thoradh ar na srianta a bhí i bhfeidhm ó thaobh taistil de go dtí le déanaí. Mura bhfuil an riachtanas 6 seachtaine comhlíonta go hiomlán agat agus tú ag déanamh iarratais ar chlárú leis na gComhairle, bronnfar clárú ort le coinníollacha. Leis seo, beidh tú in ann obair mar mhúinteoir atá go hiomlán cáilithe agus ag an am céanna beidh am breise agat chun fuílleach an riachtanais chónaithe atá fós le déanamh a chomhlíonadh.

Ní mór fianaise na taithí cónaithe indeimhnithe i dtír na teanga nó ina bhfuil an teanga mar theanga an phobail (an teanga labhartha) a chur ar fáil nuair atá iarratas á dhéanamh ar chlárú leis an gComhairle. D’fhéadfadh an fhianaise seo a bheith ar do thras-scríbhinn acadúil de thorthaí nó trí cheann amháin díobh seo a leanas a chur ar fáil:

  • Cóip de do thras-scríbhinn de thorthaí ina ndeimhnítear tréimhse chónaithe 6 seachtaine sa tír/san áit do thromlach na dteangacha. Tabhair faoi deara le do thoil, má luaitear ar an tras-scríbhinn “Lasmuigh de Láthair an Champais/Clár Erasmus” agus mura ndeimhnítear gur tugadh faoin gclár i dtír ar leith, ní mór é seo a bheith deimhnithe i litir a thagann in éineacht léi ón Institiúid Ardoideachais iomchuí.
  • Cóip de do phas a thugann fianaise gurb as an tír sin duit ó dhúchas. N.B. Níl sé seo inghlactha don Ghaeilge mar ábhar.
  • Litir/ráiteas ó d’fhostóir/do choláiste/do thiarna talún sa tír sin. I gcás fostóra/tiarna talún, is gá sonraí teagmhála ar nós uimhir fóin agus seoladh ríomhphoist. Don Ghaeilge mar ábhar, ba chóir go mbeadh fianaise de thréimhse chónaithe i gceantar Gaeltachta.
  • Don Ghaeilge mar ábhar, is féidir fianaise a chur isteach gurb as ceantar Gaeltachta duit (m.sh. bille fóntais, ráiteas airgeadais, comhfhreagras clár toghthóirí nó fianaise go raibh deontas Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) do theaghlaigh Ghaeltachta á fháil ag do theaghlach) nó litir/ráiteas ó Ghaelcholáiste ina ndeimhnítear gur fhreastail tú ar Ghaelcholáiste Iarbhunscoile go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta.

Má tá céim á baint amach agat sa samhradh in 2022 mar mhúinteoir teanga iarbhunscoile, cuirfear in iúl duit go luath maidir le próiseas clárúcháin mear an MNC (Múinteoir Nuacháilithe) leis an gComhairle. Beidh an rogha clárúcháin seo fós i bhfeidhm do na múinteoirí uile le céim de chuid 2022 atá ag clárú suas go dtí an 31 Nollaig 2022.