Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Ba mhaith leis an Chomhairle Mhúinteoireachta a ndlúthpháirtíocht agus a gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhuintir na hÚcráine – do mhúinteoirí, leanaí, tuismitheoirí/caomhnóirí, teaghlaigh, scoileanna, institiúidí oideachais, pobail agus don náisiún ar fad agus sibh thíos le hionradh na Rúise.

De réir reachtaíocht na hÉireann, tá sé riachtanach ag múinteoirí clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta chun íocaíocht a fháil ó chistí Stáit. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil cead ag múinteoirí neamhchláraithe, faoi Chiorcláin na Roinne Oideachais, ionadaíocht a dhéanamh i scoileanna ar feadh suas le cúig lá as a chéile i gcúinsí eisceachtúla.

Más féidir le múinteoirí Úcránacha fianaise gur múinteoir cáilithe iad ina dtír dhúchais a chur ar fáil, tá an rogha acu iarratas a dhéanamh le bheith ar chlár na múinteoirí in Éirinn. Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta i mbun nósanna imeachta a chur le chéile faoi láthair chun cúnamh réasúnta a chur ar fáil do chlárú agus do ghrinnfhiosrú múinteoirí as an Úcráin a bhfuil Cosaint Shealadach faighte acu faoi Threoir an AE um Chosaint Shealadach. Cuirfear an t-eolas seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta sna laethanta amach romhainn.

Más múinteoir Úcráinis thú agus más mian leat iarratas a dhéanamh ar chlárú, seol ríomhphost chuig ukrainianteachers@teachingcouncil.ie