Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Ní mór do scoileanna anois an Chomhairle Mhúinteoireachta a chur ar an eolas agus aon fhaisnéis a bhaineann leo a chur ar fáil, maidir le dífhostuithe agus i gcúinsí áirithe, múinteoirí atá ag éirí as. Maidir le héirí as, is iad na cúinsí go mbíonn sé seo riachtanach, ná nuair a leanann an t-éirí as gearán a rinneadh nó próiseas smachta a agairt.

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis rialacháin faoi alt 37 an Achta um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 arna leasú, a eisiúint.

Ar an 11 Bealtaine 2023, cheadaigh an tAire Oideachais cruthú na rialachán seo, dar teideal Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Eolas á sholáthar ag an bhfostóir má bhristear fostaí óna bpost nó má éiríonn siad as), 2023 . Leagann na rialacháin seo amach an fhreagracht agus an dualgas atá ar fhostóirí faisnéis faoi leith a sholáthar don Chomhairle Mhúinteoireachta maidir le múinteoir cláraithe –

a) Nuair a éiríonn sé/sí as agus leanann an t-éirí as sin:

i. Gearáin a rinneadh i leith an mhúinteora sin (tabhair faoi deara – is gearán é seo a dhéantar ag leibhéal na scoile áitiúla seachas don Chomhairle Mhúinteoireachta),

ii. Nósanna imeachta a agairt faoi alt 24 den Acht Oideachais 1998 (Uimh. 51 de 1998), nó cibé nósanna imeachta eile a fhéadfar a agairt, i leith an mhúinteora,

b) Briseann a f(h)ostóir as a p(h)ost é/í.

Tá an fhoclaíocht bheacht agus an t-eolas atá le cur ar fáil don Chomhairle Mhúinteoireachta leagtha amach sna rialacháin.

Cuireann cruthú na rialachán seo le feidhmeanna rialaithe na Comhairle atá ann cheana féin. Cuireann sé ceangal de réir dlí ar fhostóirí eolas a chur ar fáil don Chomhairle Mhúinteoireachta má bhristear múinteoir as a p(h)ost nó éiríonn sé/sí as tar éis gearáin a rinneadh nó próiseas smachta a agairt ag leibhéal na scoile nó an Bhoird Oideachais agus Oiliúna.

Cuirtear próisis iomlána Feidhmiúlachta chun Múineadh na Comhairle Múinteoireachta ar fáil de réir dlí, faoina bhfuil sé riachtanach go ndéanann an Chomhairle iniúchadh ar ghearáin a rinneadh i dtaca le múinteoirí cláraithe.

Tá próiseas gearáin agus fiosraithe na Comhairle Múinteoireachta éagsúil ó na nósanna imeachta a mbaineann scoileanna ag leibhéal áitiúla feidhm astu. Leanfaidh scoileanna/ fostóirí mhúinteoirí cáilithe ag dul i ngleic le fadhbanna mar a tharlaíonn siad go háitiúil, nuair a aontaítear go hiondúil gurb é seo an seans is fearr go réiteofar an fhadhb go luath.

Nuair a bhristear múinteoir as a p(h)ost, nó éiríonn sé/sí as tar éis gearán a bheith déanta nó próiseas smachta a agairt ag leibhéal na scoile, ní mór don fhostóir anois (mar shampla, an bord bainistíochta, pátrún scoile nó Príomhfheidhmeannach na mBord Oideachais agus Oiliúna) an Chomhairle Mhúinteoireachta a chur ar an eolas faoin eachtra seo agus eolas a bhaineann leis an eachtra a chur ar fáil. Tar éis sin, beidh sé suas ansin don Chomhairle Mhúinteoireachta cinneadh a dhéanamh má tá (nó mura bhfuil) tuilleadh gnímh ag teastáil ó thaobh rialála de.

Go hiondúil, ní phléann an Chomhairle Mhúinteoireachta le gearán faoi mhúinteoir mura bhfuil próiseas smachta na scoile críochnaithe ar dtús, nó mura bhfuil cúiseanna ‘maithe agus dóthanacha’ ann chun é a fhiosrú. Cinntíonn an cead a thugann an tAire do rialacháin ailt 37 go dtabharfar dífhostú nó éirí as an mhúinteora cláraithe, a eascraíonn ó ghearán nó próiseas smachta ar scoil, le fios don Chomhairle Mhúinteoireachta, beag beann ar má tá nó mura bhfuil gearán déanta don Chomhairle faoin ábhar seo.

Dúirt Michelle Keane, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, “Mar chuid de reachtaíocht na Comhairle Múinteoireachta, ní mór don Chomhairle Mhúinteoireachta iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin, agus tá próisis shoiléire curtha i bhfeidhm chun an riachtanas sin a bhaint amach. Samhlaíonn an reachtaíocht gur chóir d’fhostóirí an Chomhairle Mhúinteoireachta a chur ar an eolas maidir le dífhostaithe nó múinteoirí cláraithe ag éirí as ag leanúint ó ghearán a rinneadh nó próiseas smachta a agairt. Anois, táimid chun an cheist tábhachtach seo a chur i bhfeidhm laistigh de ról rialála iomlán na Comhairle Múinteoireachta.”

Dúirt an Dr. Lynn Ramsey, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, “Tacaíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta leis na caighdeáin is airde maidir le gairmiúlacht agus cumas múinteoireachta, fad is a aithníonn sí agus cuireann sí chun cinn ról ríthábhachtach an mhúinteora sa tsochaí. Cuireann gairm na múinteoireachta le forbairt chórais oideachais atá láidir agus bríomhair in Éirinn a dhéanann leas dár ndaoine óga, dár bpobail, agus don eacnamaíocht. Tacóimid le scoileanna, fostóirí agus múinteoirí le heolas agus treoir a oiread agus is féidir maidir leis an rialachán nuathosaithe seo.”

Cuirfear eolas ar fáil do gach scoil, Bord Oideachais agus Oiliúna agus múinteoir cláraithe faoi Rialacháin na Comhairle Mhúinteoireachta (Eolas atá le Cur ar Fáil ag an bhFostóir i gCás Dífhostaithe nó Éirí as) 2023.

Is féidir faisnéis mhionsonraithe faoi ról na Comhairle maidir le Feidhmiúlacht chun Múineadh a fháil sa chuid Feidhmiúlacht chun Múineadh ar shuíomh gréasáin na Comhairle