Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Dúirt an Dr Lynn Ramsey, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, “le linn na bliana faoi athbhreithniú, lean an Chomhairle Mhúinteoireachta lenár gcláir fhorfheidhmithe i gcomhréir lenár ról reachtúil agus lenár bplean straitéiseach (2022 – 2027). Is é ár gcuspóir uileghabhálach ná a chinntiú go gcoimeádtar agus go bhfeabhsaítear caighdeáin agus, á dhéanamh sin, go gcuirtear sármhaitheas leanúnach na gairme chun cinn ar fud na hÉireann”.

I rith na bliana tuairiscithe thaifead an Chomhairle 118,432 múinteoir ar Chlár na Múinteoirí, a bhí comhdhéanta e 53,747 bunscoile, 48,600 iar-bhunscoil, 17,973 Breisoideachas agus 1,469 múinteoir eile ar bhealach 4.

Próiseáladh 3,603 múinteoir nuacháilithe faoi phróiseas clárúcháin mear na Comhairle idir Bealtaine agus Lúnasa 2022.

Don chéad uair cuireadh ar chumas múinteoirí faoi oiliúint a chríochnaigh an chéad dá bhliain dá gclár fochéime d’oideachas múinteoirí a bheith ar an gclár, le bheith ar fáil do róil ionaid. Chláraigh 2,764 múinteoir faoi oiliúint san iomlán.

Ghlac 6,598 múinteoir páirt i bpróiseas Droichead thar an dá bhliain acadúla 2021/2022 agus 2022/2023.

Rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta mar an riarthóir grinnfhiosrúcháin do mhúinteoirí grinnfhiosrúchán ar 41,689 múinteoir chun críocha clárúcháin tosaigh, athnuachana clárúcháin agus fostaíochta.

Faomhadh dhá chlár chomhthráthacha nua 4 bliana d’oideachas múinteoirí.

I gcomhréir le sprioc leanúnach na Comhairle maidir le pobail ghairmiúla chomhoibríocha teagaisc agus foghlama a chruthú, maoiníodh 47 tionscadal faoi Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan. Tar éis Plean Gníomhaíochta Chosán a chur i bhfeidhm, éascaíodh 20 ceardlann Cosán do scoileanna le bliain anuas i gcomhar le hIonaid Tacaíochta Oideachais Éireann.

Faigheann agus imscrúdaíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta gearáin maidir le múinteoirí cláraithe. I rith na bliana rinneadh seacht bhfiosrúchán le sraith amháin le cur i gcrích. Dheimhnigh an Ard-Chúirt ceithre chinneadh smachtbhanna, agus baineadh na ceithre cinn de chlár náisiúnta na múinteoirí. Ina dhiaidh sin, cuireadh ceithre fhógra chuig Ballstáit an AE ag tabhairt faoi deara go raibh cosc ​​ar cheathrar múinteoirí a bheith ag teagasc nó go raibh srian ar a gcleachtas gairmiúil.

Dúirt Michelle Keane, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta go bhfuil “an ról lárnach atá ag múinteoirí i saol a gcuid mac léinn tacaithe ag gné chumhachtach agus bhunúsach – muinín. Tugann tuismitheoirí agus teaghlaigh na daoine is ionúine ina saolta – a leanaí – d’oideachasóirí, agus déanann siad é sin le hiontaoibh sa chumas claochlaitheach den oideachas ardchaighdeáin agus muinín atá fréamhaithe go domhain i múinteoirí. Tá sé seo tuillte ag na caighdeáin arda a choinnímid agus ag sármhaitheas inléirithe ár ngairme”.

Is féidir Tuarascáil Bhliantúil 2022/2023 na Comhairle a fheiceáil agus a íoslódáil ar ár suíomh gréasáin.