Aistrigh:
Gaeilge
English

Mar mhúinteoir cláraithe, tá ceangal dlí ort tabhairt faoin ath-ghrinnfhiosrúchán gach trí bliana.

Má tá nochtadh ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (NVB) agat atá trí bliana d’aois, gheobhaidh tú ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta le nasc chun próiseas iarratais le haghaidh ath-ghrinnfhiosrúcháin a chomhlíonadh.

Chun athnuachan a dhéanamh ar do chlárúchán, ní mór duit an próiseas ath-ghrinnfhiosrúcháin a chomhlíonadh nuair a iarrtar ort.

Tá dhá bhealach le hiarratas a dhéanamh.

  1. Chun tús a chur leis an bpróiseas iarratais, úsáid an nasc Mo Chlárú sa ríomhphost ‘Fógra Ath-ghrinnfhiosrúcháin’ a fuair tú.

  1. Mura bhfuil rochtain agat ar an ríomhphost ‘Fógra Ath-ghrinnfhiosrúcháin’, logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta agus cliceáil ar an ndeilbhín Grinnfhiosrúcháin ar an scáileán.

Chun rochtain a fháil ar do chuntas Mo Chlárú, ní mór d’ainm úsáideora agus do phasfhocal a bheith agat.

Molaimid Google Chrome nó Microsoft Edge a úsáid.

Chun iarratas a dhéanamh ar ath-ghrinnfhiosrúchán, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. Úsáid an nasc ‘Mó Chlárú’sa ríomhphost ‘Fógra Ath-ghrinnfhiosrúcháin’.

  1. Logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. Bíodh d’ainm úsáideora agus do phasfhocal in aice láimhe le do thoil.
  • Is ionann d’ainm úsáideora agus do sheoladh ríomhphoist.
  • Mura féidir leat cuimhneamh ar do phasfhocal, cliceáil ANSEO le haghaidh tuilleadh eolais maidir le conas do phasfhocal a athshocrú.
  1. Nuair a éiríonn leat logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú:
  • Cliceáil an deilbhín GRINNFHIOSRÚCHÁN ar an scáileán.
  • Téigh chuig an rannán ‘Ath-ghrinnfhiosrúchán do Mhúinteoirí’
  • Cliceáil ar an gcnaipe Cuir tús leis an Ath-ghrinnfhiosrúchán
  1. Seiceáil an rannán um do shonraí pearsanta. Ní mór do do shonraí a bheith ceart ar Chlár na Múinteoirí chun a chinntiú gur féidir gach fógra maidir le do chlárú a sheoladh chugat.
  2. Cuir dhá dhoiciméad tacaíochta ar fáil le haghaidh an ath-ghrinnfhiosrúcháin:
  • Cruthúnas Aitheantais (Grúpa A)
  • Cruthúnas ar sheoladh dátaithe le sé mhí anuas (Grúpa B)
  1. Léigh an rannán ‘Dearbhú’ agus cuir tic sa bhosca, ag deimhniú gur léigh tú an dearbhú sin agus go nglacann tú leis.
  • Nuair a chuirfidh tú d’iarratas comhlánaithe ar ghrinnfhiosrúchán isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta, beidh leid ar do scáileán mar seo a leanas:
    • “Go raibh maith agat as d’iarratas ar ath-ghrinnfhiosrúchán a chur isteach. Gheobhaidh tú ríomhphost lena dtabharfar cuireadh duit tús a chur le Céim 2 den phróiseas ar líne.
    • Áirítear le Céim 2 do sheoltaí go léir ó rugadh tú a chur isteach. Má chaith tú am i do chónaí, ag múineadh nó ag staidéar thar lear, nó má bhí tú fostaithe thar lear, fiú ar feadh tréimhse níos lú ná 12 mí, ní mór duit na seoltaí sin a chur san áireamh mar chuid de Chéim 2 den phróiseas le haghaidh iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán.
    • Nuair a bheidh Céim 2 críochnaithe agus nuair a bheidh athbhreithniú déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta air, is féidir leat athnuachan a dhéanamh ar do chlár”.

Is féidir Céim 1 de d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán a rianú agus is féidir an stádas a sheiceáil ar do chuntas Mo Chlárú.

  • Logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú.
  • Cliceáil an deilbhín GRINNFHIOSRÚCHÁN ar an scáileán.
  • Déan tagairt don mír ‘Iarratas Grinnfhiosrúcháin Reatha’.
  • Anseo is féidir leat stádas Chéim 1 de d’iarratas ath-ghrinnfhiosrúcháin a sheiceáil.

Conas is féidir na doiciméid iarrtha a uaslódáil chuig an gComhairle Mhúinteoireachta?

  • Seol na doiciméid cheartaithe ar ais chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ar ríomhphost chuig: vetting@teachingcouncil.ie, le do thoil
  • Cuir d’uimhir chláraithe agus d’ainm agus seoladh iomlán san áireamh agus an doiciméad/na doiciméid a sheoladh ar ríomhphost agat.
  • NÁ seol do dhoiciméid cheartaithe ar ais trí do chuntas Mo Chlárú.

Mura féidir leat rochtain a fháil ar do chuntas ar líne, seol ríomhphost chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ag MyRegHelp@teachingcouncil.ie le do thoil.

Le haghaidh Céim 2:

  • Gheobhaidh tú ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin le nasc díreach chuig an bhfoirm iarratais ar ghrinnfhiosrúchán ar líne.
  • Beidh 30 lá agat leis an iarratas ar ghrinnfhiosrúchán ar líne a chomhlánú agus a chur isteach chuig an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.
  • Ní mór duit gach seoladh a bhí agat ó rugadh tú go dtí an lá atá inniu ann a chur san áireamh, lena n-áirítear aon seoladh a bhí agat thar lear. Má chaith tú am i do chónaí, ag múineadh nó ag staidéar thar lear, nó má bhí tú fostaithe thar lear, fiú ar feadh tréimhse níos lú ná 12 mí, ní mór duit na seoltaí sin a chur san áireamh mar chuid de Chéim 2 den phróiseas le haghaidh iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán.
  • Má bhí cónaí ort i dTuaisceart na hÉireann, beidh ort postchóid iomlána (6 charachtar) a chur isteach do gach seoladh a bhí agat i dTuaisceart na hÉireann (más infheidhme).
  • Nuair a bheidh d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán próiseáilte ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, tarlóidh na nithe seo a leanas:
  • Gheobhaidh tú ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ina gcuirfear in iúl duit gur eisíodh do nochtadh grinnfhiosrúcháin chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.
  • Gheobhaidh tú ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta ina mbeidh nasc chuig do nochtadh grinnfhiosrúcháin nuair a bheidh sé próiseáilte.
  • Beidh ort logáil isteach nó cuntas a chruthú le Digitary chun féachaint ar do nochtadh.

Is féidir Céim 2 de d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin a rianú.

Sa ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (NVB) beidh uimhir rianaithe. Úsáid an uimhir rianaithe chun dul chun cinn d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán a rianú (san fhíor-am).

Ligeann Digitary do mhúinteoirí breathnú ar a nochtadh grinnfhiosrúcháin (an doiciméad ina bhfuil toradh an ghrinnfhiosrúcháin) agus é a chomhroinnt go leictreonach, lena bhfostóir reatha agus le fostóirí ionchasacha.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Digitary, féach ar ár liosta de Cheisteanna Coitianta Digitary.