Inár riar na rialachán a rinneadh le déanaí (Deireadh Fómhair 2025), tá foráil ann a nglaoimid an Fhoráil faoi Cheangal Ama uirthi. Ligeann an fhoráil seo do mhúinteoirí a cháiligh i dtíortha eile ach nach bhfuil an t-ionduchtú riachtanach déanta acu thall, clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta (i gcúinsí teoranta áirithe) agus ionduchtú a chur i gcrích anseo i bPoblacht na hÉireann. Tá an rogha seo ar fáil le hiarratais a fhaightear ar nó roimh 30 Nollaig 2027. Ba chóir le héinne a theastaíonn uathu leas a bhaint as seo ná a gclár staidéir a chur i gcrích agus iarratas iomlán a chur isteach roimh an dáta seo. Caithfidh siad na riachtanais cháilitheachta laistíos a shásamh. Ba chóir duit machnamh a dhéanamh ar na riachtanais cháilitheachta agus iad a léamh go cúramach chomh maith leis na ceisteanna coitianta laistíos.
Riachtanais Cháilitheachta
Chun a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chlárú faoin bhForáil faoi Cheangal Ama, ní mór duit dhá riachtanas incháilitheachta a chomhlíonadh:
1. Fianaise ar Chlárú
Ba chóir go mbeadh cáilíocht agat a thugann ceart duit múineadh sa tír inar cháiligh tú, seachas an ionduchtú a bheith críochnaithe agat ann. Ní mór duit fianaise ar chlárú a bheith agat ón bhforas cláraithe múinteoirí ábhartha nó ón Aireacht Oideachais sa tír inar cháiligh tú.
Mar shampla: Má cháiligh tú mar mhúinteoir i Sasana, ní mór duit fianaise a bheith agat gur bhronn an Ghníomhaireacht um Rialáil Múinteoireachta (GRM) Stádas Múinteora Cáilithe (SMC) ort.
Mura gcomhlíonann tú an riachtanas incháilitheachta seo, níor chóir duit dul ar aghaidh agus iarratas a dhéanamh.
Má chuireann tú fianaise ar chlárú ar fáil, leanfar ar aghaidh le d’iarratas agus déanfar measúnú air le cinntiú cé acu an gcomhlíonann tú an dara ceanglas.
2. Cáilíocht Oideachais Múinteoirí
Ní mór cáilíocht oideachais múinteoirí a bheith curtha i gcrích agat lasmuigh de Phoblacht na hÉireann (PÉ).
Bunscoil (4-12) – Ní mór cáilíocht oideachais tosaigh múinteoirí bunscoile a bheith agat a bronnadh ag soláthraí ó lasmuigh de PÉ, a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta measúnú ar agus a mheastar a bheith coibhéiseach le caighdeáin na hÉireann, cé is moite de Riachtanas na Gaeilge (RG). Cuirfear an RG i bhfeidhm mar choinníoll le do chlárú.
Nó
Iar-bhunscoil (12-18) – Ní mór cáilíocht oideachais tosaigh múinteoirí iar-bhunscoile a bheith agat a bronnadh ag soláthraí ó lasmuigh de PÉ, a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta measúnú ar agus a mheastar a bheith coibhéiseach le caighdeáin na hÉireann, cé is moite de riachtanas Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann (S&S) agus na riachtanais ábhair churaclaim a chomhlíonadh d’ábhar iar-bhunscoile amháin ar a laghad. Cuirfear an S&S i bhfeidhm mar choinníoll le do chlárú.
Ba chóir go mbeadh staidéar déanta agat ar cheann de na hábhair curaclaim. Féach ar an liosta de na hábhair curaclaim Riachtanais Ábhar Curaclaim. Táthar ag súil le go shásófá na riachtanais ábhar curaclaim le haghaidh ábhar amháin iar-bhunscoile ar a laghad. Má tá mion-easnaimh sna riachtanais ábhar curaclaim, tá seans ann go mbeadh coinníollacha le do chlárú chun tabhairt faoi seo.
Tá sé tábhachtach do d’aire a thabhairt ná nuair a thagraímid do do cháilíocht d’oideachas múinteoirí a bheith coibhéiseach le caighdeáin na hÉireann, ’sé atá i gceist againn ná coibhéiseach ina iomláine, gan easnamh, seachas iad siúd a rinneamar tagarit dóibh lastuas (RG do bhunscoil agus S&S d’iar-bhunscoile).
Mura gcomhlíonann tú an dá riachtanas incháilitheachta thuas, measfar go bhfuil d’iarratas neamh-incháilithe agus lasmuigh de raon feidhme Foráil faoi Cheangal Ama.
Tabhair faoi deara le do thoil, má mheastar nach bhfuil tú incháilithe le haghaidh cláraithe faoin FCA, beidh ort ionduchtú a chur i gcrích sa tír inar cháiligh tú agus iarratas a dhéanamh ar chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta ina dhiaidh sin.”
Coinníoll(acha) Clárúcháin
Clárófar múinteoirí atá i dteideal clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoin bhForáil faoi Cheangal Ama faoi na coinníollacha clárúcháin seo a leanas:
- Múinteoirí Bunscoile: Riachtanas na Gaeilge
- Múinteoirí Iar-bhunscoile: Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann
- Gach Múinteoir: Droichead, próiseas ionduchtúcháin ghairmiúil na Comhairle
Conas iarratas a dhéanamh
- Déan iarratas ar líne: Logáil isteach, nó cruthaigh cuntas ar Mo Chlárú
- Ceisteanna: Ríomhphost tbp@teachingcouncil.ie
Glacfar le hiarratais ó 9am Dé Céadaoin, 22 Deireadh Fómhair 2025.
Ceisteanna Coitianta (CCanna)
Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh de Phoblacht na hÉireann (PÉ) agus tá fianaise ar chlárú agam ón bhforas cláraithe múinteoirí ábhartha. Mar sin féin, níor chríochnaigh mé an tréimhse reachtúil ionduchtaithe a bhí riachtanach sa tír inar cháiligh mé. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar chlárú?
Glacfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta le hiarratais ó mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann ach nach bhfuil an tréimhse ionduchtaithe atá riachtanach sa tír inar cháiligh siad críochnaithe acu. Déantar iarratais i gcomhréir leis na Rialacháin um Chomhairle Mhúinteoireachta [Clárú] 2025. Ní mór duit ceanglais cháilíochta áirithe a chomhlíonadh freisin le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh.
Cad é Stádas Múinteora Cáilithe?
Má fuair tú do cháilíocht oideachais múinteora i Sasana, ní féidir d’iarratas a phróiseáil gan fianaise go bhfuil tú i dteideal Stádas Múinteora Cáilithe. Is féidir an fhianaise seo a fháil ón Roinn Oideachais i Sasana. Tá tuilleadh eolais faoi Stádas Múinteora Cáilithe ar fáil anseo.
An mbeidh orm ionduchtú a thabhairt chun críche in Éirinn?
Beidh, clárófar tú leis an gcoinníoll i dtaca le hionduchtú a chur i gcrích.
Is é Droichead Creat Comhtháite Ionduchtaithe Gairmiúil na Comhairle Múinteoireachta in Éirinn.
Conas a thabharfaidh mé aghaidh ar choinníoll an RG?
Is féidir Riachtanas na Gaeilge (RG) a chur i gcrích trí thriail Inniúlachta (Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge) nó trí Thréimhse Oiriúnaithe (Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge). Tá tuilleadh eolais faoi na bealaí sin ar fáil anseo.
Conas a thabharfaidh mé aghaidh ar riachtanas Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann?
Eagraíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta scrúdú Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann (S&S) ar líne trí huaire sa bhliain. Tá sé mar aidhm ag an scrúdú a mheas an bhfuil eolas agus tuiscint ag iarratasóirí ar stair agus struchtúr an oideachais i bPoblacht na hÉireann, go háirithe oideachas dara leibhéal, ó bunaíodh an Stát i 1922. Ba chóir go mbeadh tuiscint ag iarratasóirí ar na príomhcheisteanna a bhaineann le rialú agus bainistiú iar-bhunscoileanna agus ar churaclam agus measúnú ag leibhéal iar-bhunscoile. Tá tuilleadh eolais faoin scrúdú ar Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann ar fáil anseo.
Cad iad na riachtanais ábhair curaclaim a chaithfidh mé a chomhlíonadh maidir le clárú Iar-bhunscoile (Bealach 2)?
Is riachtanach go mbeadh staidéar déanta agat ar ceann de na hábhair churaclaim. Féach liosta na gCeanglas Ábhar Curaclaim faofa, le do thoil. Táthar ag súil go gcomhlíonfaidh tú na ceanglais maidir le hábhar curaclaim i gcás ar a laghad ábhar amháin iar-bhunscoile. Má tá mion-easnaimh sna ceanglais maidir le hábhar curaclaim, d’fhéadfadh coinníollacha a bheith ceangailte le do chlárú chun dul i ngleic leis seo.
Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh de Phoblacht na hÉireann agus chríochnaigh mé an tréimhse reachtúil ionduchtaithe a bhí riachtanach sa tír inar cháiligh mé chomh maith. Conas a dhéanaim iarratas ar chlárú?
Ní mór d’iarrthóirí a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann agus a chuir an tréimhse reachtúil ionduchtaithe i gcrích iarratas a dhéanamh tríd an bpróiseas iarratais caighdeánach tríd an tairseach iarratais.
Cén cineál cáilíochtaí a mheas an Chomhairle Mhúinteoireachta roimhe seo mar cháilíochtaí atá ar chomhchaighdeán le Cáilíochtaí creidiúnaithe Oideachas Tosaigh Múinteoirí in Éirinn?
Rinneamar measúnuithe roimhe seo ar iarratais a bhaineann le cineálacha éagsúla cáilíochtaí chun iad a mheas má gcomhlíonann siad na riachtanais incháilitheachta le haghaidh clárúcháin faoin bhForáil faoi Cheangal Ama. Bunaithe ar na measúnuithe sin, d’aimsigh an Chomhairle go bhfuil cláir thraidisiúnta bunaithe i gColáistí/Ollscoileanna ar aon dul is gaire le cáilíochtaí tosaigh san oideachas múinteora in Éirinn agus is iad is dóichí a chomhlíonfadh na ceanglais incháilitheachta faoin bhForáil faoi Cheangal Ama, mar shampla Teastais Iarchéime san Oideachas. Ar bhonn na n-iarratas a measadh roimhe seo, tá fianaise againn go raibh samhlacha malartacha deimhnithe, amhail leaganacha idirnáisiúnta de chláir thraidisiúnta bunaithe i gColáistí/Ollscoileanna, nach raibh an seans céanna ann go gcomhlíonadh na ceanglais incháilitheachta, agus bhí seans níos fearr a bheith meastha lasmuigh de raon feidhme na Forála faoi Cheangal Ama.
An gá dom mo Cháilíocht Oideachais Múinteora a bheith críochnaithe agam roimh an 31 Nollaig 2027 chun clárú faoin Fhoráil Teoranta Ama?
Is gá. Ní mór d’iarratasóirí a gcáilíocht oideachas tosaigh múinteoirí a bheith críochnaithe acu agus a n-iarratas ar chlárú a bheith curtha isteach acu ar nó roimh an 30 Nollaig 2027. Is é 23.59 ar an dáta sin an spriocdháta d’iarratais.
Má shainaithnítear easnaimh i do OTM, an mbeidh mé incháilithe chun aghaidh a thabhairt orthu siúd trí thrialacha inniúlachta nó trí thréimhse oiriúnaithe?
Ní bheidh. Chun a bheith incháilithe le haghaidh faoin bhForáil faoi Cheangal Ama, ní mór duit cáilíocht oideachais múinteora a bheith críochnaithe agat lasmuigh de Phoblacht na hÉireann atá ar chomhchaighdeán iomlán le cáilíocht oideachais múinteora in Éirinn. Ciallaíonn sé seo nach ceart aon easnaimh a bheith ann idir do cháilíocht oideachais múinteora agus caighdeán na hÉireann (seachas an RG do mhúinteoirí bunscoile agus S&S do mhúinteoirí iar-bhunscoile).