Aistrigh:
Gaeilge
English

Feidhmíonn Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin thar ceann na Comhairle nuair a bhíonn a leithéid de chinntí á n-athbhreithniú.

Nuair nach n-éiríonn le hiarratas, cuireann an Chomhairle in iúl don iarratasóir é, agus tugtar rogha dó/di Athbhreithniú ar Chinneadh a fháil déanta ag Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin. Cuirtear in iúl don iarratasóir freisin an ceart ar achomharc a dhéanamh tríd an Ardchúirt.

Nuair a bhíonn achomharc á dhéanamh, tabharfar deis don iarratasóir aon fhianaise bhreise faoi cháilíochtaí a chur ar fáil agus aighneacht i scríbhinn a chur isteach.  I gcásanna nuair a dhiúltaítear clárúchán i ngeall ar fhianaise ar charachtar, is féidir leis an iarrthóir éisteacht ó bhéal a éileamh.  Cuirfidh an Chomhairle ráiteas ar fáil don iarratasóir ón bPainéal Iarratais ábhartha (Bunscoil/ Iar-bhunscoil), ón bPainéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht /nó ón Oifigeach Clárúcháin, ina léireofar na cúiseanna gur diúltaíodh an t-iarratas.

Don Athbhreithniú ar Chinneadh, ní bheidh éinne ar Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin a rinne measúnú nó plé cheana féin ar an iarratas.

Más rud é go ndearna an Painéal Iarratais nó an Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht breithmheas ar an iarratas cheana, cuirfear an t-iarratas ina iomláine mar aon le moltaí na measúnóirí (más ann dóibh) ar fáil do Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin.

An Próiseas Athbhreithnithe

Caithfear aon iarratas ar Athbhreithniú ar Chinneadh chuig Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin a dhéanamh i scríbhinn, ag lua na cúiseanna a bhfuil an t-athbhreithniú á lorg, laistigh de 21 lá tar éis an chinneadh ón bpainéal iarratais ábhartha/ Oifigeach Clárúcháin a fháil.

  1. Déanfaidh Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin measúnú ar an tuairisc ón bpainéal ábhartha chomh maith le gach doiciméad a bhaineann leis an iarratas.
  2. I ndiaidh an t-iarratas a bhreithniú, d’fhéadfadh go socródh Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin:
    1. an chéad chinneadh a dheimhniú
    2. an chéad chinneadh a athrú
    3. glacadh leis an iarratas ar chlárúcháin (lena n-áirítear coinníollacha clárúcháin a chur i bhfeidhm).

Éisteacht ó Bhéal (Níl fáil ar an Éisteacht ó Bhéal ach i gcásanna a bhaineann le Fianaise ar Charachtar)

Nuair a dhiúltaítear d’iarratas i ngeall ar an bhfianaise ar charachtar, is féidir le hiarratasóir a mbíonn Athbhreithniú ar Chinneadh á lorg aige/aici éisteacht ó bhéal a éileamh freisin os comhair Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin.  Caithfear an éisteacht ó bhéal a éileamh ag an am céanna leis an éileamh ar Athbhreithniú ar Chinneadh.

Má dhéantar éisteacht ó bhéal a éileamh, tabharfaidh Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin dáta agus am don iarrthóir don éisteacht ó bhéal, a tharlóidh in oifigí na Comhairle agus tabharfar fógra 21 lá ar a laghad.

Ag an éisteacht ó bhéal, beidh ar chumas an iarrthóra nó a (h)ionadaí cur i láthair a dhéanamh do Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin nach mbeidh níos faide, de ghnáth, ná 15 nóiméad. Ní bheifear ábalta aon doiciméid bhreise a sholáthar ag an éisteacht. D’fhéadfadh go mbeidh ar an iarrthóir nó a (h)ionadaí roinnt ceisteanna ó Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin a fhreagairt.

Fógra maidir le Cinneadh Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin

Déanfaidh Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin breith laistigh de 30 lá i ndiaidh an athbhreithnithe/ éisteacht ó bhéal. Cuirfear an toradh in iúl don iarrthóir laistigh de 21 lá ó lá an chinnidh.

Achomharc go dtí an Ardchúirt

De réir Alt 31(8) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, nuair a dhéanann an Chomhairle cinneadh diúltú do chlárú duine, nó an duine a chlárú le coinníollacha, is féidir leis an duine sin iarratas a chur faoi bhráid na hArdchúirte laistigh de 21 lá i ndiaidh an dáta ina gcuirtear breith na Comhairle in iúl.

How to apply for a Review of Decision

Please email info@teachingcouncil.ie quoting your application reference number/registration number and an application form will be issued to you by email.