
Míle buíochas le gach duine a chuir iarratas isteach ar Scéim Sparánachtaí Féilte 2025, tá na hiarratais dúnta anois.
Measúnóidh painéal measúnaithe neamhspleách na hiarratais bailí. Cuirfear na torthaí in iúl do scoileanna ar an Luan 1 Nollaig.
Tá an Scéim Sparánachtaí Féilte atá deartha chun tacú le comhoibriú idir scoileanna agus chun foghlaim ghairmiúil múinteoirí a fheabhsú. Tá an scéim deartha chun an mhúinteoireacht mar ghairm a chur chun cinn freisin.
Próiseas iarratais
Is féidir eolas sa bhreis a fháil faoi na treoirlínte iarratais agus cuir isteach iarratas ar an sparánacht tríd an bhfoirm iarratais.
Seimineár Gréasáin
Is féidir an cur i láthair ón seimineár gréasáin tacúil a fháil ón 24 Meán Fómhair.
Ceisteanna Coitianta (CCanna)
Léigh na freagraí ar cheisteanna coitianta faoin scéim sparánachtaí.
Faighteoirí 2024
Léigh macnaimh na bhfaighteoirí na scéime sparánchtaí 2024 agus féach na hacmhainní a chruthaigh siad.