Más mian leat go gclárófaí ábhar breise curaclaim ar an gclár, ní mór duit a thaispeáint go gcomhlíonann tú na critéir don ábhar.
Ní chiallaíonn sé sin go gcaithfidh tú céim eile a dhéanamh.
Ciallaíonn sé go gcaithfidh tú staidéar a dhéanamh ar an ábhar go leibhéal na céime trí mhodúil ó chéim leibhéal 8 a chomhcheangal nó trí dhioplóma iarchéime leibhéal 9 a dhéanamh. Ní mór duit a chinntiú go ndéanann tú staidéar ar an méid seo a leanas:
- Méid na gcreidmheasanna ECTS atá ag teastáil san ábhar
- Na hachair riachtanacha san ábhar mar atá leagtha amach inár riachtanais ábhair churaclaim
Measúnú ábhair bhreise
Baineann trí chéim leis an bpróiseas measúnaithe:
- Iarratas
- Measúnú
- Clárú
1. Iarratas
- Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar líne (féach thíos).
- Sábháil na doiciméid riachtanacha a theastaíonn uait mar chomhaid leictreonacha ag baint úsáid as ainmneacha comhaid ábhartha, m.sh., tuairisc céime.
- Cuir isteach an fhoirm iarratais ar líne, na cáipéisí á n-uaslódáil agus an táille chlárúcháin á híoc agat.
- Is féidir leat d’iarratas a shábháil agus filleadh air níos déanaí. Tá trí mhí agat ón dáta tosaigh chun d’iarratas a chríochnú agus a chur isteach.
- Mura bhfuil d’iarratas críochnaithe tar éis trí mhí, scriosfar é.
- Gheobhaidh tú ríomhphost ina n-admhaítear go bhfuil d’iarratas curtha isteach.
- Má tá aon cháipéisí ar iarraidh, déanfaimid teagmháil leat.
- Má tá iarratas á dhéanamh agat ar ábhair teanga curaclaim nó Gaeilge a mhúineadh, ní mór duit riachtanas an Eispéiris Tumoideachais (ETO) a shásamh.
2. Measúnú
Is iad Painéal na gCáilíochtaí, ar comhaltaí den Chomhairle Mhúinteoireachta iad, a dhéanann an t-iarratas a bhreithniú, moladh an Chomhairleora san áireamh.
3. Cinneadh
Má shásaíonn do cháilíochtaí na riachtanais ábhair, cuirfear an t-ábhar le do chlárú.
Más rud é go n-aithnítear difríochtaí suntasacha idir do cháilíochtaí agus na riachtanais in Éirinn, cuirfimid coinníollacha (easnaimh cháilíochta) i bhfeidhm ar do chlárúchán. Ní mór aghaidh a thabhairt ar aon easnamh sula gcuirfear an t-ábhar le do chlárú.
Scríobhfaimid chugat ar ríomhphost leis an gcinneadh.