Folúntais
Oifigeach Cléireachais – Iomaíocht Oscailte
Oibríonn an tOifigeach Cléireachais mar bhall foirne chun spriocanna agus cuspóirí oibre a bhaint amach agus chun seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil d’fhoireann agus don phobal araon. Tá dualgais an Oifigigh Cléireachais éagsúil agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí an té a cheapfar chuig ranna eile na heagraíochta nó go leagfaí réimsí eile oibre orthu.
Ba cheart iarratais a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais seo a chomhlánú. Ní mór gach cuid den fhoirm a chomhlánú go hiomlán. Nuair a bheidh d’iarratas comhlánaithe agat ní mór duit é a sheoladh trí ríomhphost chuig recruitment@teachingcouncil.ie.
Ní mór d’iarratas a chur isteach trí ríomhphost tráth nach déanaí ná 3in Dé Céadaoin, 10 Meán Fómhair 2025.
Oifigeach Cléireachais – Iomaíocht Oscailte: Eolais d’Iarrthóirí
Oifigeach Cléireachais – Iomaíocht Oscailte: Foirm Iarratais
Roinnt Buntáistí atá ag bhaint le n-obair leis an Comhairle Mhúinteoireachta

- Pinsean
- Cothromaíocht Oibre is Saoil
- Clúdach Máithreachais
- Oiliúnt agus Foghlaim
- Páirceáil ar an lathair
- Tuarastal Incriminteach
- Saoire Bhliantúil Flaithiúil
An tAcht um Chosaint Sonraí 2018
Is fostóir comhdheiseanna í an Chomhairle Mhúinteoireachta agus is ar bhonn fiúntais a mheasfar gach iarratas ar fhostaíocht. Fáiltíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta roimh iarratais ó gach iarrthóir atá cáilithe go cuí, beag beann ar chreideamh, inscne, míchumas, cine, tuairim pholaitiúil, aois, stádas pósta, gnéaschlaonadh, nó cibé an bhfuil cleithiúnaithe acu nó nach bhfuil.
Nuair a fhaightear d’iarratas, cruthaímid taifead i d’ainm, ina mbeidh cuid mhór den eolas pearsanta a chuir tú ar fáil. Eolas den sórt sin a choinnítear, tá sé faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí atá leagtha amach san Acht um Chosaint Sonraí agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun iarratas a dhéanamh faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 nó faoi RGCS 2018, seol d’iarratas i scríbhinn le do thoil chuig dpo@teachingcouncil.ie.
Cinntigh le do thoil go dtugann tú cuntas chomh mion agus is féidir ar na taifid atá á lorg agat ionas go mbeimid in ann an taifead ábhartha a aithint. Asbhaintear míreanna áirithe eolais, nach bhfuil sonrach d’aon duine aonair ar leith, as na taifid chun críche staitistiúla.