Aistrigh:
Gaeilge
English

DEEPEN

Droichead: Iniúchadh agus léamh a dhéanamh ar Dhearcthaí, Eispéiris agus Insintí

San Fhómhar in 2018, rinne an Chomhairle Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a choimisiúnú chun taighde a dhéanamh ar eispéiris na múinteoirí maidir le Droichead an creat ionduchtaithe gairmiúil do mhúinteoirí. Sa tionscadal taighde seo, déanfar iniúchadh ar réimse topaicí, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí na ndaoine úd atá bainteach le próiseas Droichead agus atá ag tacú leis, acmhainní a aimsiú agus tacaíochtaí don phróiseas, éifeacht Droichead ar chultúr na scoile, agus na naisc idir próiseas Droichead agus oideachas tosaigh múinteoirí. Díreofar go háirithe ar scoileanna beaga, Gaelscoileanna, scoileanna DEIS (Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh), agus suíomhanna oideachais speisialta. Táthar ag súil go mbeidh sé curtha i gcrích faoin bhFómhar 2021 agus go ndéanfaidh sé eolas d’athbhreithniú na Comhairle ar pholasaithe.

Achoimre – DEEPEN (Droichead: Iniúchadh agus léamh a dhéanamh ar Dhearcthaí, Eispéiris agus Insintí (PDF)

(Béarla)

Socrúchán Scoile in Oideachas Tosaigh Múinteoirí

Mar chuid de na critéir don oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) a foilsíodh in 2011, d’éiligh an Chomhairle Mhúinteoireachta ar na cláir OTM uile go mbeadh taithí socrúcháin scoile bhreisithe agus athchoincheaptha, bunaithe ar an gcur chuige comhpháirtíochta idir na hInstitiúidí Ardoideachais (HEIanna) agus na scoileanna. Sna treoirlínte socrúchán scoile a cuireadh i bhfeidhm mar iarthéacs sna critéir, d’aithin an Chomhairle go mbeadh sé dúshlánach do scoileanna agus HEIanna é a chur i bhfeidhm, de bharr na gcastachtaí éagsúla nach mór tabhairt fúthu. Sna treoirlínte aithníodh freisin go mbeadh gá le ham leis na treoirlínte a shocrú síos agus tugadh faoi deara go mbeadh riachtanais na Comhairle faoi réir athbhreithnithe agus athraithe, mar a cuireadh ar fáil in eolas as tuilleadh taighde.

Agus é sin curtha san áireamh, rinne an Chomhairle foireann taighdeoirí seachtracha, faoi threoir an Ollaimh Kathy Hall i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, a choimisiúnú, chun fianaise a bhailiú faoi chleachtas reatha maidir le socrúchán scoile, agus le moltaí a dhéanamh chun cur le smaointeoireacht agus polasaí amach anseo de chuid na Comhairle i dtaca le socrúchán scoile. Rinneadh an taighde thar thréimhse de bheagnach ceithre bliana, ina raibh obair allamuigh a thosaigh go déanach in 2014 agus a lean ar aghaidh go dtí go luath in 2018. San áireamh sa tionscadal rinneadh athbhreithniú ar litríocht idirnáisiúnta ábhartha agus ina dhiaidh sin cuntas gairid ar pholasaí maidir le socrúchán scoile i dtíortha roghnaithe. Ó thaobh na modheolaíochta de, sa staidéar cuirtear dearadh de mhodhanna measctha i bhfeidhm in éineacht le gnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla. Bunaíodh é ar shé HEI éagsúla a chuireann cláir OTM éagsúla ar fáil. Tharla obair allamuigh chainníochtúil agus cháilíochtúil sna cláir fhochéime agus iarchéime bhunscoile agus iar-bhunscoile araon. Rinneadh suirbhé ar mhúinteoirí faoi oiliúint, ar fhoireann HEI agus ar fhoireann scoileanna a bhfuil baint acu leis na cláir seo trí cheistneoirí agus trí agallaimh a dhéanamh lena ndearcthaí agus taithí a bhunú le himeacht ama. Gné bhreise den staidéar a bhí ann ná go raibh líon léirithe den chleachtas éifeachtach san áireamh ina raibh comhpháirtíocht idir na scoileanna agus HEIanna.

Read School Placement in Initial Teacher Education report (PDF)

(Béarla)

Taighde ar Riachtanais Iontrála ar Oideachas Tosaigh Múinteoirí

Tar éis próisis chomhairliúcháin (2012-2013) maidir leis na riachtanais iontrála ar oideachas tosaigh múinteoirí, chinn an Chomhairle Mhúinteoireachta de bharr cé chomh casta agus a bhí na saincheisteanna a tháinig chun cinn, bhí gá le tuilleadh taighde a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, rinne sí an ESRI a choimisiúnú chun an taighde seo a dhéanamh. Sna torthaí (a foilsíodh i mí na Samhna 2016), cuireadh na príomhléargais sna riachtanais iontrála OTM ar fáil chomh maith leis na nósanna imeachta le hiarratais a dhéanamh, próifíl na n-iarratasóirí, agus na himpleachtaí a bhaineann leis n critéir iontrála a athrú. Sa tuairisc, cuireadh na torthaí seo laistigh den chomhthéacs idirnáisiúnta, agus rinne siad eolas do chinntí na Comhairle agus don chomhairle a chuirtear isteach chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna.Tá an taighde ar fáil le híoslódáil.

Read Entry to Programmes of Initial Teacher Education (PDF)

(Béarla)

Taighde Bunaithe ar Chleachtas

I mí Iúil, 2010, rinne an Chomhairle maoiniú ar fhoireann de cheithre mhúinteoir iardhochtúireachta, i gcomhar leis an Ollamh Mark Morgan as Coláiste Phádraig, Droim Conrach, chun taighde a dhéanamh dar teideal “Taighde Bunaithe ar Chleachtas a Chuimsíonn Forbairt Ghairmiúil”. Tá na ceithre thaighdeoir cinnte faoin inmharthanacht den chineál FGL seo do chleachtóirí gnóthacha ar mian leo feabhas a chur ar a gcleachtas, agus/nó tuiscint a fháil ar chleachtas agus iad ag forbairt mar ghairmithe. Taighde scoilbhunaithe a bhí ann agus bhí sé bunaithe ar fhéinmheastóireacht an mhúinteora áit ar aithin na múinteoirí na príomhluachanna a chuireann lena gcleachtas agus tástáladh conas a chuirtear na luachanna seo i gcrích go laethúil ina gcleachtas gairmiúil laistigh d’obair a seomra ranga. Tá an taighde ar fáil le híoslódáil anseo.

Read Practice-based Research Encompassing Professional Development Project (PDF)

(Béarla)

Taighde ar Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí

I mí Iúil 2010, rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta an ESRI a choimisiúnú chun tuairisc a chur le chéile ar a son i dtaca le forbairt ghairmiúil leanúnach i measc múinteoirí bunscoile. Bhí an staidéar bunaithe ar shonraí a fuarthas sa taighde fadama Ag Fás Aníos in Éirinn a rinneadh ar leanaí naoi mbliana d’aois. Chomh maith le díriú ar leanaí agus ar a dtuismitheoirí, sa staidéar bailíodh eolas an-mhion maidir lena múinteoirí agus comhthéacs na scoile thar an tréimhse 2007/2008. Do gach ceann den 8,000+ leanbh sa suirbhé, chuir a múinteoir seomra ranga agus príomhoide na scoile ceistneoirí i gcrích. Tá tuairisc an ESRI ar fáil thíos.

Read Continuous Professional Development Among Primary Teachers in Ireland (PDF)

(Béarla)

Taighde ar Sásamh as Post agus Strus Gairme sa Teagasc

I mí Iúil 2010, d’fhostaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta an ESRI chun tuairisc a chur le chéile ar a son maidir le sásamh múinteoirí bunscoile as a bpost agus a leibhéil struis. Bhí an staidéar bunaithe ar shonraí a fuarthas sa taighde fadama Ag Fás Aníos in Éirinn a rinneadh ar leanaí naoi mbliana d’aois. Chomh maith le díriú ar leanaí agus ar a dtuismitheoirí, sa staidéar bailíodh eolas an-mhion maidir lena múinteoirí agus comhthéacs na scoile thar an tréimhse 2007/2008. Do gach ceann den 8,000+ leanbh sa suirbhé, chuir a múinteoir seomra ranga agus príomhoide na scoile ceistneoirí i gcrích. Tá tuairisc an ESRI ar fáil thíos.

Read Continuous Professional Development Among Primary Teachers in Ireland (PDF)

(Béarla)

Suirbhé ar Dhearcthaí

Mar chuid dá ról leis an teagasc mar ghairm a chur chun cinn, rinne an Chomhairle suirbhé a choimisiúnú faoi na dearcthaí i dtreo ghairm na múinteoireachta in 2009. Léirigh an suirbhé seo a rinneadh ar 1,000 duine fásta, a rinne cuideachta taighde margaidh neamhspleách, iReach Market Research, go raibh dearcthaí dearfacha ar an iomlán i dtreo ghairm na múinteoireachta. Bhí an chuid is mó dóibh siúd a d’fhreagair an suirbhé sásta leis an mbealach a ndéanann múinteoirí a bpoist agus tá leibhéal ard muiníne acu i múinteoirí. Bhí faomhadh láidir ann freisin faoin ról luachmhar a imríonn múinteoirí inár sochaí agus leibhéal maith tuisceana de chastacht an róil agus den leibhéal cumais a bhíonn ag teastáil. Is féidir achoimre ar thorthaí an tsuirbhé a íoslódáil anseo.

Read Evaluation of Public Attitudes to the Teaching Profession(PDF)

(Béarla)

Taighde ar an Leanúntas Oideachas Múinteoirí

In 2007, rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta taighde a choimisiúnú ar an leanúntas oideachas múinteoirí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. San áireamh anseo, bhí oideachas tosaigh múinteoirí, ionduchtúchán agus forbairt ghairmiúil leanúnach. Rinneadh an taighde in dhá chuid, agus ba pháipéar cúlra a d’ullmhaigh John Coolahan, Ollamh Emeritus Oideachais in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, a bhí sa chéad chuid. Ina dhiaidh seo, bhí mionstaidéar ann a rinne an Dr Paul Conway, an Dr Rosaleen Murphy, an Dr Anne Rath agus an tOllamh Kathy Hall as UCC, thar ceann na Comhairle Múinteoireachta.

Tuairisc an Ollaimh Coolahan (Béarla)

Tuairisc Conway et al (Béarla)

Beacons, bringing education alive for our communities on a national scale, lógó

BEACONS

Seasann BEACONS (BCOPABN) don Bheocht a Chur san Oideachas dár bPobail Ar Bhonn Náisiúnta. Próiseas nuálaíoch is ea BEACONS a dhear an Chomhairle Mhúinteoireachta chun grúpa ilghnéitheach páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile ó ar fud phobal na scoileanna le haghaidh comhráite ar oideachas. Ag imeacht BEACONS, glacann mic léinn, tuismitheoirí, múinteoirí, príomhoidí agus páirtithe leasmhara áitiúla agus náisiúnta páirt i gcomhráite éascaithe gan aon chlár oibre réamhshocraithe. Is é aidhm BEACONS rannpháirtíocht a chur chun cinn idir pobail áitiúla agus próisis náisiúnta chomhairliúcháin ar shaincheisteanna comhleasa agus tábhachta.

Bhí BEACONS ar cheann de 18 dtionscadal ar bronnadh maoiniú orthu ó Chiste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí in 2019. Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a stiúrann an ciste agus an líonra nuálaíochta seo.

In 2020, deonaíodh saineolas agus tacaíocht dar luach €400,000 faoi Ionstraim Tacaíochta Teicniúil an AE don Chomhairle Mhúinteoireachta agus do roinnt comhpháirtithe oideachais eile chun samhail nuálaíoch a fhorbairt de rannpháirtíocht pobail scoile áitiúla chun ceapadh beartais agus achtú oideachais a neartú. D’fhostaigh an AE an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) chun tacú leis an tionscadal spreagúil dhá bhliain seo a thabharfaidh treochlár chun an tsamhail nua de rannpháirtíocht pobail scoile áitiúil a chur i bhfeidhm. Agus nach mór 4,000 scoil in Éirinn, tá sé mar aidhm ag an tsamhail cur le ceapadh beartais agus achtú oideachais in Éirinn trí na caidrimh idir an t-oideachas agus an pobal níos leithne agus an tsochaí a neartú, d’fhonn nuálaíocht saoránach-lárnach a chothú.

Tá an tionscadal seo fós ar siúl agus táthar ag súil go gcríochnófar é i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Socrúchán Scoile Tuaraisc Nuálaíochta

Socrúchán Scoile Tuaraisc Nuálaíochta 2021 (Béarla)