Aistrigh:
Gaeilge
English

1. Réamhrá

1.1 Leagtar amach sa nós imeachta seo (“an Nós Imeachta”) an modh ina ndéanfaidh Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht na Comhairle Múinteoireachta iarratas ar chlárú a mheas an tráth a mbítear ag socrú cibé an duine cuí oiriúnach an t-iarratasóir maidir lena c(h)lárú nó cibé an duine cuí oiriúnach an múinteoir cláraithe maidir le hathnuachan a dhéanamh ar chlárú.

1.2 Tá an Nós Imeachta bunaithe ar Chuid 3 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 – 2015 (“an tAcht”) agus go háirithe ar alt 31 agus ar alt 33 den Acht, chomh maith le Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Clárú) 2016 (I.R. Uimh. 444 de 2016) agus Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Clárú) (Leasú) 2016 (I.R. Uimh. 557 de 2016), dá dtagraítear in éineacht sa Nós Imeachta mar “na Rialacháin”.

1.3 Bíonn tús áite i gcónaí ag an Acht agus ag na Rialacháin ar an Nós Imeachta nach mór a léamh in éineacht leis an Acht agus leis na Rialacháin.

2. An Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht

2.1 Tá coiste ar a dtugtar an Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht (“an Painéal”), curtha ar bun ag an gComhairle Mhúinteoireachta de bhun alt 24 an Achta.

2.2 Bíonn ar a laghad seachtar de chomhaltaí na Comhairle ar an bPainéal. Bíonn tromlach simplí d’iomlán na gcomhaltaí ag tráth an chruinnithe de dhíth maidir le córam ag cruinniú de chuid an Phainéil.

2.3 Áirítear le ról an Phainéil, ag feidhmiú dó thar ceann na Comhairle, a mheas an duine cuí oiriúnach maidir lena c(h)ur ar an gclár an t-iarratasóir a iarrann clárú agus an múinteoir cláraithe a iarrann clárú a athnuachan.

2.4 Cruinnithe príobháideacha is ea cruinnithe an Phainéil. Níl iarratasóir ar chlárúchán ná múinteoir a iarrann athnuachan clárúcháin i dteideal a bheith i láthair ag cruinniú de chuid an Phainéil.

2.5 Beidh cúnamh rúnaíochta ag an bPainéal ó dhuine nó níos mó ná duine amháin d’fhoireann na Comhairle Múinteoireachta ar a mbeidh freagracht as cúrsaí riaracháin i ndáil le feidhmiú an Phainéil. Is féidir leis na daoine sin a bheith i láthair ag cruinnithe de chuid an Phainéil.

2.6 Is féidir leis an bPainéal comhairleoir dlí a bheith i láthair tráth ar bith le linn na n-imeachtaí chun comhairle dlí agus cúnamh a chur ar fáil don Phainéal agus don rúnaíocht faoi ghné ar bith d’obair measúnóireachta an Phainéil i ndáil le hiarratas ar chlárú nó ar chlárú a athnuachan.

2.7 Sa chás go mbíonn duine den Phainéal ar an gCoiste Clárúcháin freisin, ní ghlacfaidh seisean nó sise páirt in imeachtaí an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin sa chás go mbíonn iarrtha ag duine ar an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúchán athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an Phainéil sin.

2.8 Agus iarratas ar chlárú nó ar chlárú a athnuachan á mheas, is féidir leis an bPainéal tagairt a dhéanamh do Iarratais ar Chlárú agus Iarratais ar Chlárú a AthnuachanTreoirlínteMeasúnuithe ar Dhuine Oiriúnach agus Cuí 

3. An Coiste Clárúcháin

3.1 Tá coiste ar a dtugtar an Coiste Clárúcháin curtha ar bun ag an gComhairle Mhúinteoireachta de bhun alt 24 an Achta.

3.2 Bíonn ar a laghad trí chomhalta dhéag ar an gCoiste Clárúcháin. Bíonn tromlach simplí d’iomlán na gcomhaltaí ag tráth an chruinnithe de dhíth maidir le córam ag cruinniú de chuid an Choiste.

3.3 Áirítear go dtagann faoi scáth bhearta an Choiste Clárúcháin, ag feidhmiú dó thar ceann na Comhairle, athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí de chuid an Phainéil nuair a iarrann an t-iarratasóir sin, de réir mar a luaitear sa nós imeachta seo. Le linn don Choiste Clárúcháin beart den sórt sin a dhéanamh, tugtar an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin air. Baintear úsáid as an téarma Grúpa Athbhreithnithe (maidir le Cúrsaí Clárúcháin) nó “an Grúpa” síos tríd an Nós Imeachta seo.

3.4 Cruinnithe príobháideacha is ea cruinnithe an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin. Ina ainneoin sin, sa chás go n-iarrann iarratasóir ar chlárú, nó múinteoir cláraithe atá ag féachaint le hathnuachan a dhéanamh ar an gclárú, éisteacht ó bhéal, tá an té sin i dteideal a bheith i láthair chun cur faoi bhráid a dhéanamh ina (h)aonar nó le cúnamh ó chomhghleacaí, ionadaí dlí nó ionadaí ceardchumainn.

3.5 Beidh cúnamh rúnaíochta ag an nGrúpa ó dhuine nó níos mó ná duine amháin d’fhoireann na Comhairle Múinteoireachta ar a mbeidh freagracht as cúrsaí riaracháin i ndáil le feidhmiú an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin. Is féidir leis na daoine sin a bheith i láthair ag cruinnithe de chuid an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin.

3.6 Is féidir leis an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin comhairleoir dlí a bheith i láthair tráth ar bith le linn na n-imeachtaí chun comhairle dlí agus cúnamh a chur ar fáil don Ghrúpa agus don rúnaíocht faoi ghné ar bith d’obair measúnóireachta an Ghrúpa i ndáil le hiarratas ar chlárú nó ar chlárú a athnuachan.

3.7 Ag éisteacht ó bhéal, is féidir le ball den fhoireann ar a dtugtar an tOifigeach Clárúcháin (nó ball a ainmnítear), chomh maith le haon ionadaí dlí a thagann i láthair thar ceann an té sin, an t-iarratas agus cinneadh an Phainéil a chur i láthair an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin.

3.8 I gcás éisteacht ó bhéal, socróidh an rúnaíocht go mbíonn luathscríobhaí i láthair chun trascríbhinn den éisteacht ó bhéal a ullmhú.

3.9 Agus iarratas ar chlárú nó ar chlárú a athnuachan á mheas, is féidir leis an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin tagairt a dhéanamh do Applications for Registration and Applications for Renewal of Registration – Guidelines – Fit and Proper Person Assessments.

4. An Próiseas Clárúcháin – Measúnacht maidir le Duine Cuí Oiriúnach

4.1 I gcomhréir le halt 31 an Achta, is féidir le duine iarratas ar chlárú a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

4.2 Beidh fianaise ar dhea-cháil an iarratasóra, chomh mór agus a bhaineann sin leis an iarratasóir a bheith cuí oiriúnach mar dhuine, isteach leis an iarratas ar chlárú.

4.3 Éilítear ar an iarratasóir, ina leith sin, dearbhú tola a chur ar fáil chomh maith le faisnéis eile a bhíonn de dhíth ionas gur féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta nochtadh grinnfhiosrúcháin maidir leis an iarratasóir a fháil ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin nó grinnfhiosrúchán as tír iasachta nó nochtadh póilíní (sa chás go mbaineann le hábhar). D’fhéadfadh, anuas air sin, mar chuid den phróiseas iarratais, go n-iarrfaí ar an iarratasóir dearbhú ina leith féin a líonadh isteach agus faisnéis eile a chur ar fáil le tabhairt san áireamh agus an cheist maidir lena bheith cuí oiriúnach mar dhuine á meá. Is féidir gach faisnéis a thugtar chun suntais le linn phróiseas an iarratais a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an cuí oiriúnach mar dhuine an t-iarratasóir.

4.4 Ní dhéanfar a (h)ainm a chur ar an gclár mura mbíonn an Chomhairle cinnte gur duine cuí oiriúnach atá san iarratasóir.

Céim an Phainéil

4.5 Sa chás go dtugtar faisnéis chun suntais a bhfuil tábhacht léi maidir le socrú an bhfuil an t-iarratasóir cuí oiriúnach mar dhuine, nó nach bhfuil, cuirtear an t-iarratas faoi bhráid an Phainéil lena mheas.

4.6 Cuirtear sin in iúl don iarratasóir i scríbhinn agus tugtar cuireadh don iarratasóir ábhar i scríbhinn a chur faoi bhráid an Phainéil laistigh de thréimhse áirithe agus sula ndéantar aon chinneadh i ndáil leis an iarratasóir a bheith cuí oiriúnach mar dhuine. Is féidir leis an iarratasóir socrú faisnéis, teistiméireachtaí maidir le dea-cháil agus teistiméireachtaí fostaíochta san áireamh, a chur ar fáil le haon chur faoi bhráid i scríbhinn.

4.7 Is féidir leis an bPainéal breis faisnéise a lorg. Is féidir leis an bPainéal fianaise a lorg ón iarratasóir, nó aon duine, eagraíocht nó gníomhaireacht eile a bhaineann le hábhar, d’fhonn aon chuid den fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir faoi bhráid a dheimhniú.

4.8 Déanfar an cháipéisíocht ar fad a thagann isteach a chur ar fáil don iarratasóir sula ndéanann an Painéal cinneadh agus tabharfar deis don iarratasóir freagra i scríbhinn a chur faoi bhráid an Phainéil.

4.9 Sa chás go socraíonn an Painéal gur duine cuí oiriúnach an t-iarratasóir maidir le clárúchán, is féidir ainm an iarratasóra a chur ar an gclár, gan aon choinníoll ag gabháil leis an gclárú nó le coinníoll nó coinníollacha éagsúla ag gabháil leis.

4.10 Sa chás go socraíonn an Painéal nach duine cuí oiriúnach an t-iarratasóir maidir le clárúchán, diúltóidh an Painéal ainm an iarratasóra a chur ar an gclár.

4.11 Tabharfaidh an Painéal cúiseanna leis an gcinneadh.

4.12 Sa chás go socraíonn an Painéal ainm an iarratasóra a chur ar an gclár ar choinníoll amháin nó níos mó ná coinníoll amháin, nó go socraítear diúltú ainm an iarratasóra a chur ar an gclár, cuirfear an cinneadh sin agus an chúis nó na cúiseanna leis an gcinneadh in iúl don iarratasóir i scríbhinn agus tabharfar de rogha don iarratasóir a éileamh go ndéanfadh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin athbhreithniú ar an gcinneadh. Cuirfear in iúl don iarratasóir gur féidir, sa chás nach n-iarrann an t-iarratasóir athbhreithniú arna dhéanamh ag an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin laistigh de 21 lá ó chinneadh an Phainéil a fháil, gur féidir leis-sean nó léise, faoi réir Alt 31(8) an Achta, iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt maidir le cinneadh an Phainéil a chur ar neamhní laistigh de thréimhse 21 lá ó théann an chéad tréimhse 21 lá i léig.

Céim an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin

4.13 Ní mór aon iarratas a dhéanann iarratasóir ar athbhreithniú de chuid an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin a bheith i scríbhinn. Ní mór an t-iarratas sin a dhéanamh laistigh de thréimhse 21 lá ó thagann cinneadh an Phainéil chuig an iarratasóir.

4.14 Is féidir le hiarratasóir éisteacht ó bhéal os comhair an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin a éileamh an tráth a n-iarrtar athbhreithniú ar chinneadh an Phainéil, ar mheasúnacht maidir le cuibheas agus oiriúnacht an duine a dhéanamh, diúltú ainm a chur ar an gclár nó coinníoll nó coinníollacha a chur ag gabháil leis an gclárúchán. Sa chás go n-iarrtar éisteacht ó bhéal, cuirfidh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin dáta agus tráth maidir leis an éisteacht ó bhéal in iúl don iarratasóir. Tabharfar fógra ar a laghad 21 lá don iarratasóir.

  • Ag an éisteacht ó bhéal, cuirfidh Oifigeach Clárúcháin na Comhairle (nó duine a ainmnítear) chomh maith le haon ionadaí dlí a thagann i láthair thar ceann Oifigeach Clárúcháin, eolas ar an iarratas agus ar an gcinneadh a rinne an Painéal in iúl don Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin. Tabhair deis don iarratasóir cur faoi bhráid ó bhéal a dhéanamh leis an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin Is féidir a iarraidh ar an iarratasóir nó ar aon ionadaí dlí nó eile atá ag cuidiú leis an iarratasóir ceisteanna a chuireann comhaltaí de chuid an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin air nó uirthi a fhreagairt.

4.15 Is féidir leis an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin breis faisnéise a lorg. Is féidir leis an nGrúpa fianaise a lorg ón iarratasóir, nó aon duine, eagraíocht nó gníomhaireacht eile a bhaineann le hábhar, d’fhonn aon chuid den fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir faoi bhráid a dheimhniú.

4.16 Tabharfaidh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin an cháipéisíocht ar fad a chuirtear ar fáil don Ghrúpa agus aon chur faoi bhráid a rinneadh faoi mheas.

4.17 Déanfar an cháipéisíocht ar fad a thagann isteach a chur ar fáil don iarratasóir sula ndéanann an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin cinneadh.

4.18 Déanfaidh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin cinneadh an Phainéil, an cháipéisíocht ar fad a cuireadh ar fáil agus gach cur faoi bhráid a rinneadh a mheas agus is féidir cinneadh a dhéanamh:

a) An t-iarratasóir a chlárú gan aon choinníoll nó le coinníoll amháin nó níos mó ná coinníoll amháin ag gabháil leis an gclárú; nó

b) Diúltú an t-iarratasóir a chlárú.

4.19 Tabharfaidh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin cúiseanna leis an gcinneadh.

4.20 Sa chás go ndiúltaíonn an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin ainm an iarratasóra a chur ar an gclár nó go socraíonn an Grúpa gur féidir an t-iarratasóir a chlárú ar choinníoll amháin nó níos mó ná coinníoll amháin, cuirfear sin in iúl don mhúinteoir le fógra i scríbhinn laistigh de 21 lá ó dháta an chinnidh agus cuirfear na cúiseanna leis an gcinneadh in iúl don iarratasóir. Cuirfear in iúl don iarratasóir chomh maith gur féidir leis-sean nó léise, faoi réir Alt 31(8) an Achta, iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt maidir leis an gcinneadh a chur ar neamhní laistigh de thréimhse 21 lá ó thagann an fógra maidir le cinneadh an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin.

5. An Próiseas maidir le Clárú a Athnuachan – Measúnacht maidir le Duine Cuí Oiriúnach

5.1 De bhun Alt 33 an Achta, is féidir le múinteoir cláraithe iarratas a chur isteach uair sa bhliain go ndéanfaí clárú an mhúinteora a athnuachan.

5.2 Mar chuid den phróiseas maidir le clárú a athnuachan, is féidir leis an gComhairle measúnacht a dhéanamh ar an gceist an duine cuí oiriúnach an múinteoir cláraithe maidir leis an gclárú a athnuachan.

5.3 Tabharfar fógra i scríbhinn don mhúinteoir cláraithe sa chás go mbíonn i gceist ag an gComhairle nochtadh grinnfhiosrúcháin a lorg chun críche clárú an mhúinteora cláraithe a athnuachan, i gcomhréir le halt 33(5) an Achta.

5.4 Sa chás go gcuirtear in iúl do mhúinteoir cláraithe go bhfuil i gceist ag an gComhairle measúnacht maidir lena bheith cuí oiriúnach mar dhuine a dhéanamh, tá dlite ar an múinteoir cáilithe dearbhú tola a chur ar fáil chomh maith le faisnéis eile a bhíonn de dhíth ionas gur féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta nochtadh grinnfhiosrúcháin maidir leis an múinteoir cáilithe a fháil ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin nó grinnfhiosrúchán as tír iasachta nó nochtadh póilíní (sa chás go mbaineann le hábhar). D’fhéadfadh, anuas air sin, mar chuid den phróiseas maidir le clárú a athnuachan, go n-iarrfaí ar an múinteoir cláraithe dearbhú ina leith féin a líonadh isteach agus faisnéis eile a chur ar fáil le tabhairt san áireamh agus an cheist maidir lena bheith cuí oiriúnach mar dhuine á meá.

5.5 Ní dhéanfar clárú a athnuachan mura mbíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta cinnte gur duine cuí oiriúnach an múinteoir cáilithe. Is féidir gach faisnéis a thugtar chun suntais le linn phróiseas an iarratais maidir le clárú a athnuachan a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an cuí oiriúnach mar dhuine an múinteoir cáilithe.

Céim an Phainéil

5.6 Go ginearálta, tá dhá bhealach ina dtarlódh ábhar a theacht faoi bhráid an Phainéil. Ar an gcéad dul síos, sa chás nach ndéanann múinteoir cláraithe, taobh istigh de thréimhse sonraithe, cloí le fógra ag iarraidh air nó uirthi dearbhú tola a chur ar fáil mar aon le haon fhaisnéis eile a bheadh de dhíth ionas gur féidir leis an gComhairle nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil, cuirfear mainneachtain ina leith sin in iúl don Phainéal. Ar an dara rud, sa chás go dtugtar faisnéis chun suntais a bhfuil tábhacht léi maidir le socrú an bhfuil an t-iarratasóir cuí oiriúnach mar dhuine, nó nach bhfuil, cuirtear an t-iarratas faoi bhráid an Phainéil lena mheas.

A. Mainneachtain déanamh de réir fógra

5.7 Sa chás nach ndéanann múinteoir cláraithe, taobh istigh de thréimhse sonraithe, de réir fógra ag iarraidh air nó uirthi dearbhú tola a chur ar fáil mar aon le haon fhaisnéis eile a bheadh de dhíth ionas gur féidir leis an gComhairle nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil, cuirfear in iúl don mhúinteoir cláraithe le fógra i scríbhinn go bhféadfadh an Chomhairle diúltú clárú an mhúinteora a athnuachan agus gur féidir leis an múinteoir, laistigh de thréimhse áirithe, ábhar a chur faoi bhráid i ndáil leis an mainneachtain déanamh de réir fógra agus, chomh maith leis sin, i ndáil lena bheith cuí oiriúnach mar dhuine maidir le hathnuachan ar an gclárú. Is féidir leis an múinteoir cláraithe socrú faisnéis a chur ar fáil, teistiméireachtaí maidir le dea-cháil agus teistiméireachtaí fostaíochta san áireamh.

5.8 Is féidir leis an bPainéal breis faisnéise a lorg. Is féidir leis an bPainéal fianaise a lorg ón múinteoir cláraithe, nó aon duine, eagraíocht nó gníomhaireacht eile a bhaineann le hábhar, d’fhonn aon chuid den fhaisnéis a chuir an múinteoir cláraithe faoi bhráid a dheimhniú. 6 Nós Imeachta – Measúnacht maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht (Clárú agus Clárú a Athnuachan)

5.9 Sa chás nach ndéanann múinteoir cláraithe, taobh istigh de thréimhse sonraithe, de réir fógra ag iarraidh air nó uirthi dearbhú tola a chur ar fáil mar aon le haon fhaisnéis eile a bheadh de dhíth ionas gur féidir leis an gComhairle nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil, ní mór don Phainéal ar an gcéad dul síos a mheas ar tugadh cúiseanna réasúnacha le mainneachtain den sórt sin.

5.10 Sa chás nach dóigh leis an bPainéal gur tugadh cúiseanna réasúnacha maidir leis an mainneachtain, diúltóidh an Painéal clárú an mhúinteora cláraithe a athnuachan.

5.11 Sa chás gur dóigh leis an bPainéal gur tugadh cúiseanna réasúnacha maidir leis an mainneachtain, déanfaidh an Painéal an cheist i ndáil leis an múinteoir cáilithe a bheith cuí oiriúnach mar dhuine maidir le hathnuachan a dhéanamh ar an gclárú ina leith a mheas.

5.12 Sa chás go socraíonn an Painéal gur duine cuí oiriúnach an múinteoir cláraithe maidir le clárú a athnuachan, is féidir clárú an mhúinteora cláraithe a athnuachan, gan aon choinníoll ag gabháil leis an gclárú nó le coinníoll nó coinníollacha éagsúla ag gabháil leis.

5.13 Sa chás go socraíonn an Painéal nach duine cuí oiriúnach an múinteoir cláraithe maidir le hathnuachan ar chlárú, diúltóidh an Painéal clárú an mhúinteora cláraithe a athnuachan.

5.14 Tabharfaidh an Painéal cúiseanna leis an gcinneadh.

5.15 Sa chás go socraíonn an Painéal athnuachan a dhéanamh ar chlárú an mhúinteora cláraithe faoi réir choinníoll amháin nó níos mó ná coinníoll amháin, nó diúltú clárú an mhúinteora cláraithe a athnuachan, cuirfear an cinneadh sin in iúl don mhúinteoir cláraithe i scríbhinn agus tabharfar de rogha don mhúinteoir cláraithe a éileamh go ndéanfadh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin athbhreithniú ar an gcinneadh. Cuirfear in iúl don iarratasóir gur féidir, sa chás nach n-iarrann an t-iarratasóir athbhreithniú arna dhéanamh ag an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin laistigh de 21 lá ó thagann cinneadh an Phainéil, gur féidir leis-sean nó léise, faoi réir Alt 33(18) an Achta, iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt maidir le cinneadh an Phainéil a chur ar neamhní laistigh de thréimhse 21 lá ó théann an chéad tréimhse 21 lá i léig.

B. Sa chás go dtugtar faisnéis chun suntais a bhfuil tábhacht léi maidir le socrú an bhfuil múinteoir cláraithe cuí oiriúnach mar dhuine nó nach bhfuil

5.16 Sa chás go dtugtar faisnéis chun suntais a bhfuil tábhacht léi maidir le socrú an bhfuil an t-iarratasóir cuí oiriúnach mar dhuine, nó nach bhfuil, cuirtear sin in iúl don iarratasóir i scríbhinn agus tugtar cuireadh don iarratasóir ábhar i scríbhinn a chur faoi bhráid an Phainéil laistigh de thréimhse áirithe. Is féidir leis an iarratasóir socrú faisnéis, teistiméireachtaí maidir le dea-cháil agus teistiméireachtaí fostaíochta san áireamh, a chur ar fáil le haon chur faoi bhráid i scríbhinn.

5.17 Is féidir leis an bPainéal breis faisnéise a lorg. Is féidir leis an bPainéal fianaise a lorg ón múinteoir cláraithe, nó aon duine, eagraíocht nó gníomhaireacht eile a bhaineann le hábhar, d’fhonn aon chuid den fhaisnéis a chuir an múinteoir cláraithe faoi bhráid a dheimhniú.

5.18 Déanfar an cháipéisíocht ar fad a thagann isteach a chur ar fáil don mhúinteoir cláraithe sula ndéanann an Painéal cinneadh agus tabharfar deis don mhúinteoir cláraithe freagra i scríbhinn a chur faoi bhráid an Phainéil.

5.19 Sa chás go socraíonn an Painéal gur duine cuí oiriúnach an múinteoir cláraithe maidir le clárú a athnuachan, is féidir clárú an mhúinteora cláraithe a athnuachan, gan aon choinníoll ag gabháil leis an gclárú nó le coinníoll nó coinníollacha éagsúla ag gabháil leis.

5.20 Sa chás go socraíonn an Painéal nach duine cuí oiriúnach an múinteoir cláraithe maidir le hathnuachan ar chlárú, diúltóidh an Painéal clárú an mhúinteora cláraithe a athnuachan.

5.21 Tabharfaidh an Painéal cúiseanna leis an gcinneadh.

5.22 Sa chás go socraíonn an Painéal athnuachan a dhéanamh ar chlárú an mhúinteora cláraithe faoi réir choinníoll amháin nó níos mó ná coinníoll amháin, nó diúltú clárú an mhúinteora cláraithe a athnuachan, cuirfear an cinneadh sin in iúl don mhúinteoir cláraithe i scríbhinn agus tabharfar de rogha don mhúinteoir cláraithe a éileamh go ndéanfadh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin athbhreithniú ar an gcinneadh. Cuirfear in iúl don iarratasóir gur féidir, sa chás nach n-iarrann an t-iarratasóir athbhreithniú arna dhéanamh ag an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin laistigh de 21 lá ó thagann cinneadh an Phainéil, gur féidir leis-sean nó léise, faoi réir Alt 33(18) an Achta, iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt maidir le cinneadh an Phainéil a chur ar neamhní laistigh de thréimhse 21 lá ó théann an chéad tréimhse 21 lá i léig.

Céim an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin

5.23 Ní mór aon iarratas a dhéanann múinteoir cláraithe ar athbhreithniú de chuid an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin a bheith i scríbhinn. Ní mór an t-iarratas sin a dhéanamh laistigh de thréimhse 21 lá ó thagann cinneadh an Phainéil chuig an múinteoir cláraithe.

5.24 Is féidir leis an múinteoir cláraithe éisteacht ó bhéal os comhair an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin a éileamh an tráth a n-iarrtar athbhreithniú ar chinneadh an Phainéil, ar mheasúnacht maidir le cuibheas agus oiriúnacht an duine a dhéanamh, diúltú ainm a chur ar an gclár nó coinníoll nó coinníollacha a chur ag gabháil leis an gclárúchán. Sa chás go n-iarrtar éisteacht ó bhéal, cuirfidh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin dáta agus tráth maidir leis an éisteacht ó bhéal in iúl don iarratasóir. Tabharfar fógra ar a laghad 21 lá don mhúinteoir cláraithe.

5.25 Ag an éisteacht ó bhéal, cuirfidh Oifigeach Clárúcháin na Comhairle (nó duine a ainmnítear) chomh maith le haon ionadaí dlí a thagann i láthair thar ceann Oifigeach Clárúcháin, eolas ar an iarratas agus ar an gcinneadh a rinne an Painéal in iúl don Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin. Tabhar deis don mhúinteoir cláraithe cur faoi bhráid ó bhéal a dhéanamh leis an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin. Is féidir a iarraidh ar an múinteoir cláraithe nó ar aon ionadaí dlí nó eile atá ag cuidiú leis an múinteoir cláraithe ceisteanna a chuireann comhaltaí de chuid an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin air nó uirthi a fhreagairt.

5.26 Is féidir leis an nGrúpa Athbheithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin breis faisnéise a lorg. Is féidir leis an nGrúpa fianaise a lorg ón iarratasóir, nó aon duine, eagraíocht nó gníomhaireacht eile a bhaineann le hábhar, d’fhonn aon chuid den fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir faoi bhráid a dheimhniú.

5.27 Déanfar an cháipéisíocht ar fad a thagann isteach a chur ar fáil don iarratasóir sula ndéanann an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin cinneadh.

5.28 Tharfaidh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin an cháipéisíocht ar fad a chuirtear ar fáil don Ghrúpa agus aon chur faoi bhráid a rinneadh faoi mheas.

5.29 Déanfaidh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin cinneadh an Phainéil, an cháipéisíocht ar fad a cuireadh ar fáil agus gach cur faoi bhráid a rinneadh a mheas agus is féidir cinneadh a dhéanamh:

a) Athnuachan a dhéanamh ar chlárú an mhúinteora cláraithe gan aon choinníoll nó le coinníoll amháin nó níos mó ná coinníoll amháin ag gabháil leis an gclárú; nó

b) Diúltú clárú an mhúinteora cláraithe a athnuachan

5.30 Tabharfaidh an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin cúiseanna leis an gcinneadh.

5.31 Sa chás go ndiúltaíonn an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin athnuachan a dhéanamh ar chlárú an mhúinteora cláraithe nó go socraíonn an Grúpa gur féidir an múinteoir a chlárú faoi réir choinníollacha nua, cuirfear sin in iúl don mhúinteoir le fógra i scríbhinn laistigh de 21 lá ó dháta an chinnidh agus cuirfear na cúiseanna leis an gcinneadh in iúl don mhúinteoir. Cuirfear in iúl don mhúinteoir chomh maith gur féidir leis-sean nó léise, faoi réir Alt 33(18) an Achta, iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt maidir leis an gcinneadh a chur ar neamhní laistigh de thréimhse 21 lá ó thagann an fógra maidir le cinneadh an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin.

6. Nochtadh Grinnfhiosrúcháin

6.1 D’fhéadfadh go mbeadh nochtadh grinnfhiosrúcháin á thabhairt san áireamh ag an bPainéal nó ag an gCoiste Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin agus socrú á dhéanamh cibé an bhfuil duine cuí oiriúnach le cur ar an gclár nó le hathnuachan a dhéanamh ar chlárúchán ina leith.

6.2 D’fhéadfadh eolas de na cineálacha seo a leanas a bheith i gceist le nochtadh grinnfhiosrúcháin:

a) Ráiteas faoi fhaisnéis shonraithe (más ann dá leithéid) maidir leis an duine,

b) Sonraí faoi thaifead coireachta (más ann dá leithéid) nó faoi ionchúiseamh ionchais,

c) Ráiteas nach bhfuil aon taifead coireachta ná faisnéis shonraithe le lua.

6.3 I gcomhréir leis na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, 2012 go dtí 2016, ciallaíonn faisnéis shonraithe i ndáil leis an duine is ábhar d’iarratas maidir le nochtadh grinnfhiosrúcháin, faisnéis maidir le cinneadh nó díobháil do dhuine eile a fhaightear –

a) ón nGarda Síochána de bhun imscrúdú a dhéanamh faoi chion nó de bhun aon fheidhm eile a leagtar ar an nGarda Síochána de réir nó faoi réir aon achtachán nó an dlí coiteann, nó

b) ó eagraíocht shonraithe de bhun fho-alt (1) nó (2) d’alt 19, i ndáil leis an duine ar faisnéis í de chineál a bheadh ina cúis réasúnach le himní bona fide go bhféadfadh an duine –

i. díobháil a dhéanamh do leanbh nó do dhuine leochaileach;

ii. a thabhairt go dtarlódh díobháil do leanbh nó do dhuine leochaileach;

iii. aon leanbh nó duine leochaileach a chur i mbealach a dhíobhála; iv. iarracht a dhéanamh díobháil a dhéanamh do leanbh nó do dhuine leochaileach; nó v. a áitiú ar dhuine eile díobháil a dhéanamh do leanbh nó do dhuine leochaileach.

6.4 Sa chás go dtagann nochtadh grinnfhiosrúcháin mar chuid den phróiseas clárúcháin agus go mbíonn faisnéis shonraithe i gceist leis an nochtadh sin a bhaineann le cineál iompair de chuid an mhúinteora a tharla roimh an 29 Aibreán 2016, ní féidir an fhaisnéis a thabhairt san áireamh mura mbeadh an t-iompar a bhaineann le hábhar ina chion coiriúil an tráth ar tharla an t-iompar sin.

6.5 Sa chás go dtagann nochtadh grinnfhiosrúcháin mar chuid den phróiseas maidir le clárúchán a athnuachan agus go mbíonn faisnéis shonraithe i gceist leis an nochtadh sin a bhaineann le cineál iompair de chuid an mhúinteora a tharla roimh an 2 Samhain 2016, ní féidir an fhaisnéis a thabhairt san áireamh mura mbeadh an t-iompar a bhaineann le hábhar ina chion coiriúil an tráth ar tharla an t-iompar sin. Nós Imeachta – Measúnacht maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht (Clárú agus Clárú a Athnuachan) 9

6.6 Is féidir leis an gComhairle faisnéis atá ina cuid de nochtadh grinnfhiosrúcháin a fhaigheann an Chomhairle chun críche athnuachan a dhéanamh ar chlárú an mhúinteora faoi alt 33 a chur ar fáil d’fhostóir an mhúinteora cáilithe sa chás – a) go measann an Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht (ar an gComhairle an fheidhm seo a tharmligean) go bhfuil an fhaisnéis is cuid den nochtadh sin den chineál a bheadh ina cúis réasúnach le himní bona fide go bhféadfadh an múinteoir

i. díobháil a dhéanamh do leanbh nó do dhuine leochaileach;

ii. a thabhairt go dtarlódh díobháil do leanbh nó do dhuine leochaileach;

iii. aon leanbh nó duine leochaileach a chur i mbealach a dhíobhála;

iv. iarracht a dhéanamh díobháil a dhéanamh do leanbh nó do dhuine leochaileach; nó

v. a áitiú ar dhuine eile díobháil a dhéanamh do leanbh nó do dhuine leochaileach

agus

c) gur eol don Chomhairle cé hé fostóir an mhúinteora.

6.7 Sa chás go mbíonn beartaithe faisnéis atá ina cuid de nochtadh grinnfhiosrúcháin a fhaigheann an Chomhairle chun críche athnuachan a dhéanamh ar chlárú an mhúinteora faoi alt 33 a chur ar fáil d’fhostóir an mhúinteora cáilithe, cuirfear fógra i scríbhinn ina leith sin chuig an múinteoir agus tabharfar cuireadh dó nó di ábhar ina leith a chur faoi bhráid laistigh de thréimhse áirithe. Déanfar aon ábhar a chuirtear faoi bhráid a mheas sula ndéantar socrú cibe an gcuirfear an fhaisnéis atá ina cuid den nochtadh grinnfhiosrúcháin ar fáil d’fhostóir an mhúinteora.

7. Ginearálta

7.1 Ní fhágann neamhchomhréireacht leis an Nós Imeachta nach bailí imeachtaí ná bearta a rinneadh mura dtugann an Painéal nó an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúchán, de réir thosca an cháis, de threoir nach ea. Is féidir imeachtaí nó bearta dá leithéid a chur de leataobh go hiomlán nó i bpáirt toisc mírialtacht, nó iad a leasú nó déileáil leo ar bhealach eile ar mhodh nó i dtéarmaí a mheasann an Painéal nó an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin, de réir thosca an cháis, a bheith oiriúnach.

7.2 Ní bhaineann Alt 7.1 ón gceangal forálacha faoin reachtaíocht agus na Rialacháin a chomhlíonadh.

7.3 Féachfaidh an Painéal agus an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin le hiarratais a phróiseáil chomh luath agus is féidir, ach sin le haird ar chúrsaí an chirt agus ar shrianta riaracháin a thabhairt san áireamh chomh maith.

7.4 Feidhmeoidh an Painéal agus an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúchán de réir phrionsabail an nós imeachta cóir i gcónaí.

7.5 D’aontaigh an Chomhairle an Nós Imeachta de réir chomhairle ón gCoiste Clárúcháin agus déanfar an nós imeachta a chur faoi athbhreithniú ó thráth de chéile de réir mar is gá.

7.6 Ní dhéanfar aon leasú ar an Nós Imeachta seo gan fógra faoin leasú beartaithe a chur go foirmeálta faoi bhráid chruinniú den Choiste Clárúcháin.