Cad atá i gceist le clárú le coinníoll?
Deonófar clárú le coinníoll(acha) duit mura bhfuil ceanglais chlárúcháin uile na Comhairle comhlíonta ag d’iarratas.
Mínítear sa mhír seo:
- Cad iad na coinníollacha
- Cad is gá duitse a dhéanamh chun iad a chomhlíonadh
- An fráma ama faoina gcaithfear iad a chomhlíonadh.
Déantar na coinníollacha a thaifeadadh ar an gClár agus ar do litir um Chlárú Coinníollach.
Mura gcomhlíonann tú na coinníollacha go léir laistigh den tréimhse agus mura ndeonaítear síneadh ama duit, rachaidh do chlárú i léig.
Coinníollacha cleachtais ghairmiúil iarcháilíochta
- Droichead - Is é Droichead an próiseas ionduchtaithe le haghaidh múinteoirí nuacháilithe (MNCanna) agus múinteoirí nach bhfuil an tréimhse riachtanach cleachtais gairmiúil críochnaithe acu roimhe seo. 
- Cáilíocht d’Oideachas Múinteoirí (COM) - Má tá tú cláraithe go coinníollach faoi Bhealach 3 – Breisoideachas, ní mór duit cáilíocht d’oideachas múinteoirí (COM) atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a chuir i gcrích. 
- Iarratas ar shíneadh a chur le tréimhse chlárúcháin choinníollaigh - Mura bhfuil tú in ann na ceanglais maidir le coinníoll clárúcháin a chomhlánú laistigh den tréimhse, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle ar shíneadh. 
- Scrúdú Staire & Struchtúir (S&S) - Mar mhúinteoir iar-bhunscoile a bhfuil oideachas múinteora faighte agat lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, ní mór duit eolas a fháil ar stair agus struchtúr chóras oideachais na hÉireann sular féidir leat clárú go hiomlán. 
- Clárúchán iomlán a dheonú do mhúinteoirí ar phromhadh i suíomh srianta - Más múinteoir thú ar phromhadh i suíomh srianta, d’fhéadfá a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar chlárú iomlán san earnáil sin faoi réir critéir áirithe. 
- Clár Ceardlainne Ionduchtúcháin (bunscoil agus iar-bhunscoil) - Ní mór duit an Clár Ceardlainne Ionduchtúcháin a chomhlánú má chríochnaigh tú: Droichead roimh an 01 Meán Fómhair 2013 (Droichead Píolótach), nó na próisis thraidisiúnta Promhaidh nó FIC ach tá coinníoll Chlár Ceardlainne Ionduchtúcháin fós ann. 
- Ag comhlánú do phromhaidh - Ó mhí Mheán Fómhair 2020 i leith is é Droichead an t-aon bhealach ionduchtaithe do gach MNC bunscoile. Níl próiseas traidisiúnta an phromhaidh ar fáil a thuilleadh. 
- Fostaíocht iarcháilíochta (FIC) - Más múinteoir iar-bhunscoile thú a cláraíodh roimh an 1 Meitheamh 2020, d’fhéadfadh fostaíocht iarcháilíochta (FIC) a bheith ina rogha i gcúinsí teoranta. 
- Riachtanas na Gaeilge (RG) - Mar mhúinteoir bunscoile a bhfuil clár oideachais múinteoirí déanta acu lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, baineann coinníoll Riachtanas na Gaeilge (RG) le do chlárú de ghnáth. 
- Easnaimh Cháilíochta (EC) - Má tá tú láncháilithe mar mhúinteoir lasmuigh de Phoblacht na hÉireann ach nach bhfuil na cáilíochtaí riachtanacha le haghaidh clárúcháin i bPoblacht na hÉireann agat, d’fhéadfá a bheith cláraithe ar an gcoinníoll go gceartóidh tú an t-easnamh laistigh de thréimhse shonraithe. De ghnáth ní bhíonn an tréimhse seo níos mó ná trí bliana ó dháta an chláraithe. 
- Ionduchtú Thar Lear - Más amhlaidh gur chríochnaigh tú próiseas ionduchtúcháin foirmiúil atá aitheanta ag an stát i dtír eile, ní mór duit iarratas a chur isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ar mheasúnú a dhéanamh ar an bpróiseas sin chun incháilitheacht a chinneadh maidir le haitheantas a fháil i bPoblacht na hÉireann.