Aistrigh:
Gaeilge
English

Mura bhfuil tú in ann aghaidh a thabhairt ar an gcoinníoll/na coinníollacha atá ceangailte le do chlárú faoin dáta éaga agus mura bhfuil do chlárú ag teastáil uait chun críocha fostaíochta mar mhúinteoir, ba chóir duit tú féin a bhaint den Chlár go deonach.

Eolas tábhachtach le tabhairt faoi deara maidir le Baint Deonach

  • Trí tú féin a bhaint den Chlár go deonach, is féidir leat do chlárú coinníollach a dhíghníomhachtú go dtí go mbeidh tú in ann aghaidh a thabhairt ar an gcoinníoll.
  • Má roghnaíonn tú tú féin a bhaint den Chlár go deonach agus má tá iarmhéid ama fágtha agat chun aghaidh a thabhairt ar an gcoinníoll a bhaineann le do chlárú, coinneoidh tú an t-iarmhéid ama seo, agus cuirfear i bhfeidhm arís é sa chás go dteastaíonn uait filleadh ar an gclár arís.
  • Má théann tú as feidhm nó má bhaintear den Chlár thú de bharr nár thug tú aghaidh ar do choinníoll faoin dáta éaga, beidh ort fianaise a thabhairt ar an gcaoi ar athraigh do chúinsí chun gur féidir leat aghaidh a thabhairt ar do choinníoll má shocraíonn tú iarratas a dhéanamh chun filleadh ar an gclár.

Chun tú féin a bhaint den Chlár go deonach, logáil isteach i dtairseach Mo Chlárú agus roghnaigh Baint Deonach.

Conas síneadh a chur le tréimhse de chlárú coinníollach

Mura bhfuil tú in ann na ceanglais maidir le coinníoll clárúcháin a chomhlánú laistigh den tréimhse, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle ar shíneadh.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar shíneadh sé mhí roimh dháta éaga an choinníll.

Agus iarratas á dhéanamh agat ar shíneadh, ní mór duit na deacrachtaí agus/nó na cúinsí a chuir cosc ort na bearta riachtanacha a chur i gcrích sa tréimhse a leagan amach.

Déanfaidh an Chomhairle iarratais den sórt seo a mheas sna comhthéacsanna seo a leanas:

  • Cineál an choinníll clárúcháin
  • An dul chun cinn atá déanta go dtí seo
  • An obair atá fós le críochnú

Déantar gach iarratas ar shíneadh a mheas ar a fhiúntas féin.

De ghnáth bronntar síntí ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Tinneas fada a chuireann cosc ort bheith ag obair
  • Tinneas tromchúiseach ar gharghaol agus tú ag gníomhú mar chúramóir
  • Bás ball teaghlaigh nó cleithiúnaithe
  • Saoire mháithreachais, atharthachta, uchtaíoch nó neamhíoctha
  • Mura bhfaigheann tú an fhostaíocht atá riachtanach chun coinníoll a chomhlíonadh
  • Taisteal nó fostaíocht choigríche fhadtéarmach lasmuigh de Phoblacht na hÉireann
  • Tá clár oideachais nó cáilíocht lánaimseartha á dhéanamh agat.

Conas iarratas a dhéanamh ar shíneadh ama

Chun iarratas a dhéanamh ar shíneadh ama:

  • Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú 
  • Téigh chuig an rannán Mo Choinníollacha
  • Roghnaigh an cnaipe Cuir Iarratas ar Shíneadh isteach
  • Lean na treoracha atá ann

Déanfaidh Stiúrthóir na Comhairle nó a (h)ainmní iarratas ar shíneadh a mheas.

Má dhiúltaítear do d’iarratas, is féidir leat an cinneadh seo a achomharc chuig ár gCoiste Clárúcháin.

Conas a chuirfear ar an gclár arís thú tar éis don chlárú dul i léig

Má chuaigh do chlárú i léig agus más mian leat a bheith ar an gclár arís, seans go mbeidh ort na nithe seo a leanas a chur isteach arís:

  • Foirm iarratais
  • Tras-scríbhinní
  • Doiciméadú maidir le fianaise i dtaobh carachtair
  • Doiciméid tacaíochta eile

Caithfear bunriachtanais an choinníll a chomhlíonadh freisin.

Leanann an próiseas athchláraithe seo Alt 31(5) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta.

Má tá tú cláraithe le coinníoll(acha) agus má fhágann tú an clár go deonach agus má dhéanann tú iarratas ar athiontráil níos déanaí, is féidir leat iarmhéid na tréimhse a deonaíodh ar dtús a úsáid chun riachtanais na gcoinníollacha a chomhlíonadh.

Nósanna Imeachta Measúnaithe ar Shíneadh Iarratais