Aistrigh:
Gaeilge
English

Go ginearálta, is iad seo a leanas na feidhmeanna:

  • Glacaimid múinteoirí isteach sa ghairm trí chlárú.
  • Socraímid caighdeáin d’oideachais múinteoirí ag gach céim de ghairm beatha namúinteoireachta.
  • Bunóimid caighdeáin inniúlachta gairmiúla agus iompair.
  • Déanaimid imscrúdú ar ghearáin a dhéantar i gcoinne múinteoirí cláraithe.

I seachadadh a fheidhmeanna, tá an Chomhairle tiomanta do sheirbhís chustaiméara den chaighdeán is airde a sholáthar don phobal agus do pháirtithe leasmhara, le fócas ar bheith gairmiúil, oscailte agus trédhearcach fós. Leagtar amach sa Chairt seo an taithí seirbhíse a bhfuil sé mar aidhm ag an gComhairle Mhúinteoireachta a chur ar fáil don phobal agus do gheallsealbhóirí trí fhaisnéis a sholáthar maidir le:

  • Ár gcaighdeáin seirbhíse
  • Conas aiseolas a sholáthar ar an tseirbhís arna soláthar ag an gComhairle
  • Conas gearán a dhéanamh maidir leis an tseirbhís arna soláthar ag an gComhairle
  • Conas gearán a dhéanamh le hOifig an Ombudsman maidir leis an tseirbhís arna soláthar ag an gComhairle

Forbraíodh an Gealltanas um Sheirbhís do Chustaiméirí chun tiomantas na Comhairle seirbhís d’ardchaighdeán a chur ar fáil de réir tionscnaimh Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí ceadaithe ag an Rialtas.

Ráiteas Cóimheasa

Tá foireann na Comhairle tiomanta do dhul i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara go léir go gairmiúil agus le meas. Is cuma má scríobhann tú, má chuireann tú glaoch orainn, má sheolann tú ríomhphost chugainn nó má théann tú go pearsanta chuig Oifigí na Comhairle, déileálfaimid le d’fhiosrúchán go héifeachtach agus go pras agus caithfimid leat le cúirtéis agus le meas. Mar chúiteamh táthar ag súil go ndéileálfar le foireann na Comhairle go measúil agus go cúirtéiseach. Ní ghlactar le teanga agus nó le hiompar atá maslach nó bagrach, agus cuirfear deireadh le teagmháil má tá ball foirne faoi réir iompraíochta den sórt sin.

Teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí na modhanna seo a leanas:

Ríomhphost

B’fhéidir gur mhaith leat do cheist a chur ar ríomhphost chuig info@teachingcouncil.ie. Más infheidhme, tabhair uimhir thagartha an iarratais nó d’uimhir chláraithe agus earnáil — Bunoideachas, Iar-Bhunoideachas nó Breisoideachas.

Teileafón

Is í ár n-uimhir theileafóin ná + 353 (1) 651 7900.

Is iad na huaireanta reatha le haghaidh glaonna teileafóin ag teacht isteach ná:

Dé Luain – Dé hAoine, gan laethanta saoire san áireamh: 12.00 pm – 5.00 pm

Dúnann na línte teileafóin ag 4 pm ar an lá oibre deireanach roimh saoire phoiblí.

Tabhair faoi deara nach féidir linn ach faisnéis chlárúcháin a phlé leis an iarratasóir nó leis an múinteoir cláraithe.

Coinní

Éascaímid coinní. Sula ndéantar coinne a shocrú ag an gComhairle Mhúinteoireachta, tógfaimid na céimeanna riachtanacha go léir agus déanfaimid iniúchadh ar na bealaí go léir chun iarracht a dhéanamh do cheist a réiteach, ar mhaithe le do chuid ama a shábháil.

Chun coinne a iarraidh:

Tiomantas na Comhairle Múinteoireachta Duit

Cumarsáid Scríofa lena n-áirítear Ríomhphoist

Má dhéanann tú teagmháil linn trí litir nó ríomhphost, déanfaimid ár ndícheall:

  • Freagra scríofa a sheoladh chugat ag admháil go bhfuarthas do cheist laistigh de thrí lá oibre
  • Freagra a thabhairt duit i scríbhinn agus/nó ar an nguthán laistigh de fiche lá oibre. (I gcásanna áirithe, is freagra eatramhach é seo, ach tabharfaimid comhairle duit nuair a eiseoidh freagra deiridh)
  • I gcásanna áirithe, freagra eatramhach a bheidh anseo, ach cuirfimid in iúl duit cathain a eiseofar freagra deiridh.
  • Cinntigh go bhfuil ainm teagmhála foirne, uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist i ngach cumarsáid

Cumarsáid Teileafóin

Má dhéanann tú teagmháil linn ar an teileafón, déanfaimid ár ndícheall:

  • Do ghlao a fhreagairt go pras le linn uaireanta oifige liostaithe, 12pm – 5pm.
  • Ár n-ainm agus ár réimse oibre a thabhairt duit nuair a fhreagraímid
  • Teachtaireachtaí gutha a fhreagairt a luaithe is féidir
  • An t-eolas atá uait a sholáthar duit (tabhair faoi deara go gceanglaítear orainn, ar chúiseanna cosanta sonraí, céannacht múinteoirí cláraithe agus iarratasóirí ar chlárú (lena n-áirítear grinnfhiosrúchán) a dhearbhú trí thrí phíosa faisnéise pearsanta a lorg sula bpléimid sonraí clárúcháin/iarratais)
  • Glaoch a chur ar ais chugat mura bhfuilimid in ann déileáil le do cheist láithreach
  • É a dhéanamh éasca teagmháil a dhéanamh linn ar +353 (1) 6517900

Taifeadadh glaonna

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil córas taifeadta glaonna i bhfeidhm agus go bhféadfaí glaonna a thaifeadadh chun críocha oiliúna agus fíoraithe.

Cuairt ar Oifig na Comhairle Múinteoireachta (Seirbhís Coinne)

I bhformhór na gcásanna, beidh an pobal i gcoitinne, múinteoirí, iarratasóirí, srl. in ann a ngnó a dhéanamh linn trí ríomhphost, teileafón, litir nó trínár suíomh gréasáin, www.teachingcouncil.ie.

o Má tá tú ag iarraidh cuairt ar thabhairt ar ár n-oifigí, áfach, tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil seirbhís coinne i bhfeidhm.

Sula ndéantar coinne a shocrú ag an gComhairle Mhúinteoireachta, tógfaimid na céimeanna riachtanacha go léir agus déanfaimid iniúchadh ar na bealaí go léir chun iarracht a dhéanamh do cheist a réiteach, ar mhaithe le do chuid ama a shábháil.

Cinnteoidh an tseirbhís coinní:

  • Go mbeidh ball foirne ón rannóg ábhartha ar fáil chun bualadh leat
  • Go gcuirfear áiseanna oiriúnacha ar fáil do chruinnithe
  • Go mbeidh tuiscint ag an mball foirne lena mbaineann ar do cheist agus go mbeidh siad in ann déileáil leis go pras.
  • Go mbuailfear leat go poncúil agus go seachnófar tréimhsí fada feithimh
  • Cinnteoidh an Chomhairle Mhúinteoireachta go mbeidh ár n-oifigí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas

Chun coinne a iarraidh

Cumarsáid le Soláthraithe

Oibreoimid nósanna imeachta tairisceana agus ceannacháin atá soiléir, neamhchlaonta agus trédhearcach de réir na dTreoirlínte um Sholáthar Poiblí. Cinnteoimid go ndéanfar íocaíochtaí le soláthraithe de réir na reachtaíochta agus na rialachán um Íoc Pras.

Rochtain ar Thaifid

Nuair a bhaineann tú leas as na meicníochtaí reachtúla a sholáthraítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus an reachtaíocht um Chosaint Sonraí chun rochtain a lorg ar thaifid atá i seilbh na Comhairle, déanfar gach iarracht iad seo a chur ar fáil duit sa fhráma ama is giorra is féidir.

Seirbhís trí Ghaeilge

Déanann an Chomhairle soláthar sonrach do sheachadadh a seirbhísí i nGaeilge. Agus é sin á dhéanamh, tá sé á threorú ag forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Féachfaidh an Chomhairle lena chinntiú go bhfreagraítear i nGaeilge do chumarsáid a fhaightear i nGaeilge (scríofa agus ó bhéal). Tá roinnt d’fhoireann na Comhairle inniúil sa Ghaeilge agus, nuair is féidir, tabharfaidh siad aghaidh ar cheisteanna i nGaeilge.

Cumarsáid sna Meáin Shóisialta

Úsáideann an Chomhairle Mhúinteoireachta ardáin meán sóisialta, lena n-áirítear X (Twitter roimhe seo), Facebook & Instagram, chun na geallsealbhóirí a thabhairt cothrom le dáta maidir le gníomhaíochtaí na Comhairle. Tabhair faoi deara le do thoil gur seirbhís craolta amháin iad na hardáin meán seo.

Comhionannas/Éagsúlacht

Táimid tiomanta do sheirbhís chuimsitheach agus inrochtana a sholáthar do gach duine. Déanaimid gach iarracht a chinntiú go bhfuil ár bhfoirgneamh fáilteach, feidhmiúil agus freastal ar dhaoine de gach cumas.

Má tá tú ag tabhairt cuairte ar ár bhfoirgneamh agus má tá riachtanas inrochtaineachta ar leith agat ar mhaith leat a thabhairt chun aird dúinn, déan teagmháil lenár n-Oifigeach Rochtana Shane Gorey info@TeachingCouncil.ie le do thoil.

Is mór againn do chuid aiseolais agus táimid tiomanta do fheabhsuithe leanúnacha a dhéanamh. Má thagann tú ar aon bhacainní inrochtaineachta laistigh dár bhfoirgneamh nó má tá moltaí agat le haghaidh feabhsuithe, déan teagmháil lenár n-Oifigeach Rochtana.

Aiseolas agus Gearáin

Ionas gur féidir linn foghlaim ó do thaithí ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil agus ár gcórais a fheabhsú de réir mar is cuí, bheimis sásta d’aiseolas nó gearán a fháil i scríbhinn chuig:

Oifigeach Caidrimh le Custaiméirí
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad,
Maigh Nuad,
Co. Chill Dara,
W23 Y7X0.

Ríomhphost: customerrelations@teachingcouncil.ie

Fón: +353 (0)1 651 7900

  • Ach a bhfaightear gearán, cuirfidh ball dár bhFoireann Seirbhíse do Chustaiméirí admháil chugat faoi cheann trí lá oibre. Féadfaidh ball den Fhoireann Seirbhíse do Chustaiméirí dul i dteagmháil leat chun faisnéis bhreise ábhartha a lorg.
  • I ndiaidh an gearán a fhiosrú, cuirfimid freagra mionsonraithe chugat faoi cheann fiche lá oibre.

Déanfaimid an méid seo a leanas:

  • Déileálfar le gach gearán ar bhealach éifeachtach, cothrom agus rúnda.
  • Coinneofar thú ar an eolas i dtaobh dul chun cinn do cheiste, mura réitítear an fhadhb laistigh de na hamlínte a leagadh amach thuas.

Nós Imeachta Achomhairc

Mura bhfuil tú sásta le toradh an imscrúdaithe ar do ghearán, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh chuig:

Leas-Stiúrthóir
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad,
Maigh Nuad,
Co. Chill Dara
W23 Y7X0

Ríomhphost: info@teachingcouncil.ie (Leas-Stiúrthóir FAO)
Fón: +353 (0)1 651 7900

Nós Imeachta Achomhairc Breise

Más dóigh leat nár caitheadh go cothrom leat nó mura bhfuil tú sásta lenár gcinneadh i dtaca le do ghearán, beidh deis ar fáil duit chun dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman. Scrúdaíonn foireann an Ombudsman gearáin faoi ghníomhaíochtaí riaracháin Ranna agus Oifigí Rialtais.

Is é an bealach is fearr chun teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ná trí:

  • Cliceáil ar an nasc ‘Déan Gearán’ ag www.ombudsman.ie nó
  • Ag scríobh chuig: Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773 nó
  • Ag glaoch ar an Ombudsman ar 01 639 5600 má tá aon cheist agat nó má tá cabhair uait le do ghearán.