Aistrigh:
Gaeilge
English

Conas a dhéanaim Iarratas RFC?

Más mian leat iarratas a chur isteach faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2014 (Rialacháin RFC 2007-2014) a bhaineann leis an gComhairle Mhúinteoireachta, cuir isteach é le do thoil chuig an gComhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, nó seol ríomhphost chuig foi@teachingcouncil.ie.

Bunriachtanais Iarratais Bhailí

Agus iarratas á dhéanamh agat ar fhaisnéis faoi Rialacháin RFC 2007-2018, ceanglaítear ort:

  • a rá go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC 2007-2018;
  • do shonraí teagmhála a sholáthar, lena n-áirítear uimhir theileafóin lae;
  • an fhaisnéis chomhshaoil a theastaíonn a lua i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, agus sonraigh an fhoirm agus an modh rochtana atá ag teastáil;
  • de réir na Rialachán, féadfaidh Údarás Poiblí cinneadh a dhéanamh táille réasúnta a ghearradh as faisnéis faoin gcomhshaol a sholáthar (féach táillí thíos);
  • go hiondúil cuirfear an cinneadh ar d’iarratas in iúl duit laistigh de mhí amháin tar éis é a fháil.

Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuilim sásta le Cinneadh ar m'Iarratas?

Má mheasann tú gur diúltaíodh go hiomlán nó go páirteach do d’iarratas bunaidh ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, nó nár déileáladh i gceart leis ar bhealach eile de réir fhoráil Rialacháin RFC 2007-2018, féadfaidh tú, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis don údarás poiblí lena mbaineann cinneadh a fháil, iarraidh ar an údarás poiblí Athbhreithniú Inmheánach a dhéanamh ar an gcinneadh go páirteach nó go hiomlán.

Táillí

Ní éilítear le hiarratas go n-íocfar táille roimh ré, áfach, féadfaidh údarás poiblí táille réasúnach a ghearradh ar iarratais áirithe a fhaightear, mar a fhoráiltear in S.I. 133 de 2007 agus S.I. Uimh. 662 de 2011.

Sonraí Teagmhála

An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara

Ríomhphost: foi@teachingcouncil.ie