Tá dhá bhealach ann.
- Is é an chéad bhealach ná clár fochéime OTM a bhaint amach. Tógann sé seo ceithre bliana go ginearálta.
- Is é an dara bhealach ná iarchéim a bhaint amach, ar a dtugtar Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO). Tógann sé seo dhá bhliain. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an MGO le linn na bliana deiridh de do bhunchéim Leibhéal 8, nó nuair atá do chéim Leibhéal 8 bainte amach agat. Ba chóir go mbainfeadh do chéim Leibhéal 8 le réimse ábhair curaclaim*.
Nuair a bheidh do chlár fochéime OTM nó an MGO bainte amach agat, beidh tú i dteideal clárú mar mhúinteoir iar-bhunscoile leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Nóta: Ní gá aon chumas Gaeilge a bheith agat, mura mian leat a bheith i do mhúinteoir iar-bhunscoile Gaeilge, nó obair i ngaelscoil.
Taispeánann an léaráid thíos an dá bhealach is coitianta as a dtagann clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
*Roimh áit a fháil ar an MGO (iar-bhunscoile) ní mór duit na riachtanais d’ábhar curaclaim amháin ar a laghad a bheith comhlíonta agat mar atá leagtha amach i Riachtanais an Ábhair Churaclaim.
Ardteistiméireacht (nó a comhionann)
Tá dhá bhealach ann d’oideachas tosaigh múinteoirí
- Bealach 1: Clár fochéime OTM (atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhuinteoireachta) (4 bliana)
- Bealach 2: Bunchéim Leibhéal 8 in ábhar curaclaim* agus Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) ina dhiaidh sin (dhá bhliain)
Cláru leis an gComhairle Mhuinteoireachta
Múinteoir iar-bhunscoile cáilithe réidh le haigh fostaíochta
Cláir chreidiúna oiliúna tosaigh múinteoirí (iar-bhunmhúinteoireacht)
- Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (Conamara, Cathair na Gaillimhe agus Coláiste San Aingeal)
- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- Coláiste Hibernia (MGO amháin)
- Coláiste Mhuire gan Smál (Durlas)
- Ollscoil Mhá Nuad
- Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (Coláiste Ealaíne is Deartha Crawford)
- Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha
- Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (Áth Luain agus Luimneach)
- Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
- Ollscoil na Gaillimhe
- Ollscoil Luimnigh

Bí ag smaoineamh
- Is tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) a dhéantar formhór na n-iarratas ar chláir fochéime OTM. Ní mór duit an próiseas iarratais a sheiceáil leis an ollscoil/ coláiste.
- Mar is amhlaidh le gach cúrsa CAO, ní mór duit na riachtanais iontrála ar fad atá leagtha síos ag an ollscoil / coláiste a chomhlíonadh i do bhliain iontrála. D’fhéadfadh go gciallódh sé seo go mbeadh ort líon áirithe pointí a bhaint amach id’Ardteistiméireacht. Nó do mhic léinn lánfhásta, b’fhéidir go mbeidh ort freastal ar agallamh. Sula ndéanann tú iarratas, déan cinnte liosta iomlán na riachtanas iontrála a léamh, mar go bhféadfadh difríochtaí a bheith ann idir na hinstitiúidí tríú leibhéal.
- Má roghnaíonn tú clár fochéime OTM a dhéanamh, déanfaidh do chúrsa ábhar curaclaim amháin nó níos mó a chomhcheangal le staidéar oideachas múinteoirí, rud a chuirfidh ar do chumas ábhar amháin ar a laghad a mhúineadh go leibhéal ardleibhéil na hArdteistiméireachta tar éis duit do chéim a bhaint amach.
- Má roghnaíonn tú an MGO a dhéanamh, ní mór duit na riachtanais a chomhlíonadh chun ábhar amháin ar a laghad a theagasc go leibhéal ardleibhéil na hArdteistiméireachta. Moltar duit féachaint an gcomhlíonann an bhunchéim aroghnaíonn tú Riachtanais Ábhar Curaclaim na Comhairle Múinteoireachta don ábhar/na hábhair is mian leat a mhúineadh.
- Agus ábha(i)r á roghnú agat le múineadh, cuimhnigh go mbíonn éileamh níos mó ar roinnt ábhar ná ar ábhair eile. I measc n-ábhar seo tá nuatheangacha iasachta, Gaeilge, matamaitic, eacnamaíocht bhaile, agus ábhair eolaíochta. Beidh sé seo tábhachtach nuair a bheidh iarratas á dhéanamh agat ar phoist mhúinteoireachta.
- Má dhéanann tú staidéar ar mhúinteoireacht iar-bhunscoile lasmuigh d’Éirinn agus má ghnóthaíonn tú stádas ‘múinteora láncháilithe’, is féidir leat iarratas adhéanamh ar chlárú mar mhúinteoir in Éirinn faoi Threoir an AE 2005/36/EC. Déanfar measúnú ar do cháilíochtaí lena chinntiú go bhfuil siad ar chomhchaighdeán leis na cinn a ghnóthaíonn céimithe na gclár OTM in Éirinn. Má aimsítear difríochtaí suntasacha idir do cháilíocht agus an cháilíocht a ghnóthaíonn céimithe na gclár creidiúnaithe in Éirinn, féadfar coinníollacha a chur i bhfeidhm ar do chlárú. Cinntíonn sé seo go bhfuil an bunchaighdeáin chéanna d’oideachas tosaigh múinteoirí bainte amach ag gach múinteoir in Éirinn. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Cháilithe Lasmuigh d’Éirinn.
Is scéim maoinithe é an Clár le haghaidh Bealach Rochtana ar Ard-Oideachas atá deartha chun tacú le agus rochtain mhéadaithe ar OTM a sholáthar do chatagóirí áirithe daoine. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag studentfinance.ie
Cuireann roinnt ollscoileanna agus coláistí cúrsaí ar fáil chun tacú le rochtain ar oideachas tosaigh múinteoirí do dhaoine ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht go traidisiúnta sa mhúinteoireacht. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag leathanach gréasáin na Roinne Oideachais ‘Teaching Transforms‘.
Cúnamh airgid
Is é an príomh-chúnamh airgid atá ar fáil do mhic léinn incháilithe atá ag freastal ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais lánaimseartha ná an deontas mac léinn, a bhféadfadh deontas cothabhála nó deontas táillí a bheith san áireamh leis, ag brath ar incháilitheacht.
Tá tuilleadh eolais faoi sparánachtaí agus cúnamh airgid eile agus na critéir don Scéim Táillí In Aisce ar fáil ag studentfinance.ie.
Naisc úsáideacha eile:
- Is féidir eolas a fháil ar chláir scoláireachta agus sparánachta eile ag gov.ie/dfheris
- Is é Tacaíocht Uilechoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), údarás sparánachta náisiúnta na hÉireann do gach deontas ardoideachais agus breisoideachais.
- Is ciste tiomanta é an Clár um Rochtain ar Ardoideachas atá roinnte i dtrí shnáithe, tiomanta do rannpháirtíocht grúpaí faoi ghannionadaíocht san ardoideachas amhéadú.
Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais?
Is foinse iontach faisnéise é leathanach gréasáin na Roinne Oideachais ‘Teaching Transforms’
Freastalaíonn foireann na Comhairle Múinteoireachta agus na Roinne Oideachais go rialta ar aontaí gairme i gcoláistí agus in ollscoileanna. Coinnigh súil ar na leathanaigh shóisialta chun an t-eolas is déanaí a fháilevents @teachingcouncil / @Education_Ire