1. Buntreoir ar an Sparánacht um Chomharfhoghlaim Ghairmiúil
Tá dhá phríomhchuspóir ag an sparánacht seo:
- Pobail Ghairmiúla Chomhoibríocha a Thógáil: Tá an sparánacht deartha chun tacú le cruthú agus inbhuanaitheacht na bpobal foghlama gairmiúla.
- Gairm na Múinteoireachta a Chur Chun Cinn: Beidh ar gach duine a fhaigheann sparánacht sócmhainní digiteacha a chruthú lena dtaispeántar a ngníomhaíochtaí foghlama gairmiúla agus a tionchar ar fhoghlaim ghairmiúil na foirne. Úsáidfear iad chun gairm na múinteoireachta a chur chun cinn ar bhealach níos leithne.
2. Gníomhaíochtaí Incháilithe
Féadfaidh scoileanna an sparánacht seo a úsáid chun oibriú i gcomhar le scoileanna eile chun gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla a eagrú agus a óstáil. Ní mór do na gníomhaíochtaí a roghnaítear díriú ar fhoghlaim ghairmiúil an mhúinteora, seachas ar thorthaí na ndaltaí.
Ní mór do na gníomhaíochtaí a ailíniú le ceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
Pobail Foghlama Gairmiúla a Chruthú: Comhoibriú le scoileanna eile sa cheantar áitiúil chun pobail foghlama gairmiúla a chruthú i dtaca le leasanna oideachais comhroinnte.
Ceardlanna/Imeachtaí a Óstáil: Múinteoirí ó scoileanna éagsúla a thabhairt le chéile chun dea-chleachtais a roinnt agus chun foghlaim óna chéile (mar shampla, lá um fhoghlaim chomhroinnte).
Cuireadh a thabhairt do chainteoirí: A shocrú go dtabharfaidh cainteoir seisiún forbartha nó faisnéise do mhúinteoirí i do scoil nó i gcnuasach scoileanna.
Imeachtaí/Cláir Chomhpháirteacha um Fhorbairt Ghairmiúil: Comhoibriú le scoileanna eile chun imeacht nó clár forbartha gairmiúla a eagrú i ndáil le hábhair cosúil le dearadh uilíoch don fhoghlaim, teicneolaíocht san oideachas, cleachtas athchóiritheach, forbairt inniúlachta ceannaireachta, cleachtas athmhachnaimh, forbairt caidreamh agus oibriú le tuismitheoirí, nó taighde gníomhaíochta ar thopaic roghnaithe.
Staidéar Ceachta a Eagrú: Dul i gcomhpháirtíocht le scoileanna eile chun staidéar ceachta a dhéanamh ina ndéanann múinteoirí foghlaim agus múinteoireacht a phleanáil chomh maith le breathnú agus anailís a dhéanamh orthu i ‘gceachtanna taighde’ i gcomhpháirt lena chéile.
3. Téamaí Iarratais
Ní mór d’iarratais a bheith bunaithe ar cheann amháin ar a laghad de na téamaí seo a leanas:
Cleachtas Ionchuimsitheach
Múineadh na Gaeilge/Múineadh trí Ghaeilge
Ceannaireacht agus Caidreamh Gairmiúil
Folláine
Ailíniú le beartas ainmnithe de chuid na Comhairle Múinteoireachta nó le Beartas nó Straitéis de chuid na Roinne Oideachais agus Óige, mar shampla, Cosán, Droichead, FMS (Ag breathnú ar an Scoil Againne).
4. Sonraí Maoinithe
Leis an sparánacht, cuirtear dhá bhanda maoinithe ar fáil, ag brath ar líon na scoileanna atá páirteach sa chomhoibriú, mar atá leagtha amach thíos:
- Banda 1: €2,000 – Gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla a bhfuil dhá scoil nó níos mó páirteach iontu
- Banda 2: €5,000 le haghaidh gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla a bhfuil trí scoil nó níos mó páirteach iontu
Íocfar an sparánacht iomlán leis an scoil cheannais/BOO sa chomhar a bhainisteoidh na cistí i measc na scoileanna rannpháirteacha de réir mar is cuí.
5. Critéir incháilitheachta
Déanfar iarratais a scagadh chun a gcáilitheacht a chinneadh bunaithe ar na critéir seo a leanas. Mura gcomhlíontar na critéir uile thíos le hiarratas, d’fhéadfaí a mheas nach bhfuil sé incháilithe.
Comhar: Ní mór d’iarratais fianaise a léiriú den chomhar le scoil nó coláiste breisoideachais aitheanta amháin eile ar a laghad a bhfuil uimhir rolla acu. Chun an sparánacht a riar, beidh sonraí na scoile ceannais agus gach scoile atá i gcomhar ag teastáil uainn. Féadfar scoileanna a ainmniú mar scoileanna atá i gcomhar ar iarratais iomadúla.
Cé nach riachtanas é, spreagtar iarratasóirí chun féachaint ar oibriú i gcomhar lena n-ionad tacaíochta oideachais áitiúil, i dteannta institiúid ardoideachais áitiúil nó ionad oideachais áitiúil ar nós ionad Ógtheagmhála.
Cé nach riachtanas é, spreagtar iarratasóirí chun féachaint ar oibriú i gcomhar le hearnáil eile. Mar shampla, féadfaidh bunscoil nascadh le hiar-bhunscoil, nó féadfaidh iar-bhunscoil nascadh le coláiste breisoideachais.
Iarratasóir: Ní mór don iarratasóir a bheith ina mhúinteoir cláraithe ag cur iarratas isteach thar ceann na scoile ceannais. Mura bhfuil tú ag obair i scoil (mar shampla, mar gheall ar iasacht, dul ar scor etc.) ní mór duit dul i gcomhpháirtíocht le scoil cheannais chun páirt a ghlacadh sa scéim sparánachta.
Scoileanna: Ní mór na scoileanna atá páirteach in iarratas a bheith aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Óige agus uimhir rolla a bheith acu i bPoblacht na hÉireann, nó a bheith ina gcoláiste breisoideachais a bhfuil uimhir rolla acu i bPoblacht na hÉireann.
Ní fhéadfaidh scoil feidhmiú mar iarratasóir ceannais ach ar iarratas amháin. Más rud é go gcuireann scoil cheannais níos mó ná iarratas amháin isteach, ní dhéanfar breithniú ach ar an gcéad iarratas bailí a fhaightear.
Sonraí na scoile ceannais agus na scoile comhoibríche/scoileanna comhoibríocha: Chun an sparánacht a riar, beidh sonraí na scoile ceannais agus gach scoile comhoibríche ag teastáil uainn.
Buiséad: Ní mór miondealú mionsonraithe a bhfuil costáil déanta air maidir leis an gcaoi a gcaithfear an sparánacht a chur san áireamh ar an bhfoirm iarratais.
Toiliú ó scoileanna comhoibríocha: Ní mór toiliú don iarratas a lorg ón bPríomhoide, ón Leas-Phríomhoide nó a chomhionann i ngach scoil chomhoibríoch sula gcuirtear an t-iarratas isteach. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndéanfaidh foireann na Comhairle Múinteoireachta seiceáil inmheánach deiridh chun feasacht agus tacaíocht ceannaireachta scoile agus/nó scoileanna comhoibríocha a dhearbhú sula mbronnfar an sparánacht.
Cur síos ar ghníomhaíochtaí foghlama gairmiúla: Cur síos mionsonraithe ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe a ailíníonn leis na gníomhaíochtaí agus na téamaí incháilithe a liostaítear sna treoirlínte.
Tionchar: Aidhmeanna agus cuspóirí soiléire maidir le tionchar na ngníomhaíochtaí molta ar fhoghlaim ghairmiúil na foirne agus na scoileanna atá i gceist.
Sócmhainn dhigiteach: Comhaontú chun sócmhainn dhigiteach a chur isteach mar atá leagtha amach i d’iarratas.
6. Riachtanas sócmhainní digiteacha
Chun an mhúinteoireacht mar ghairm a chur chun cinn, ní mór do gach faighteoir sparánachta sócmhainn dhigiteach a chruthú a thaispeánfaidh a ngníomhaíocht nó toradh a ngníomhaíochta ar fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí. Féadfaidh na sócmhainní digiteacha sin a bheith i bhfoirm aon chinn díobh seo a leanas:
- roinnt grianghraf/físeáin a thaispeánann na gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla i mbun gnímh,
- póstaer,
- déantán digiteach (mar shampla, beart T-REX nó Padlet),
- machnamh físe (mar shampla, machnamh fuaime nó físe ar conas a bhain na múinteoirí leas as an sparánacht).
Ní mór na sócmhainní digiteacha sin a roinnt linn faoi 6pm, Dé hAoine, an 15 Bealtaine 2026.
Déanfar iad a thiomsú, a fhorbairt agus a úsáid chun gairm na múinteoireachta a chur chun cinn.
Féadfar na sócmhainní digiteacha a chur ar ár suíomh gréasáin agus ar ár gcainéal meán sóisialta chun comhoibriú gairmiúil a chur chun cinn agus chun gairm na múinteoireachta a thaispeáint ar bhonn níos leithne.
Níor cheart ainmneacha na ndaoine a glacadh sa tsócmhainn dhigiteach a chur isteach. Níor cheart aon íomhánna de mhionaoisigh nó de dhaoine fásta leochaileacha a chur isteach.
Tá sé de fhreagracht ar gach scoil a chinntiú go gcuirtear gach duine aonair ar an eolas faoi úsáid an phíosa scannánaíochta ionas gur féidir leo cinneadh a dhéanamh gan páirt a ghlacadh más mian leo.
7. Oibleagáidí breise
Chomh maith le sócmhainn dhigiteach, ní mór d’fhaighteoirí sparánachtaí na nithe seo a leanas a chur isteach faoi 6pm, Dé hAoine, an 15 Bealtaine 2026:
- machnamh gearr scríofa ar do thaithí agus ar thionchar na ngníomhaíochtaí foghlama gairmiúla,
- suirbhé aiseolais a eiseofar chuig gach faighteoir sparánachtaí rathúla.
- forbhreathnú buiséid ina gcuirtear síos ar an gcaoi ar caitheadh an sparánacht.
8. Rúibric Scórála
Déanfar gach iarratas a scóráil de réir na gcritéar incháilitheachta seo a leanas, tar éis scagadh a dhéanamh orthu:
Critéir | Uasmhéid na bPointí | Nótaí Measúnaithe |
---|---|---|
Leibhéal comhair | 30 | Rannpháirtíocht scoileanna iolracha, IAOnna nó ionaid tacaíochta oideachais, nó ionad oideachais, mar shampla, suíomh Ógtheagmháil. Fianaise ar an gcaoi a dtarlóidh an comhar. Scóir níos airde le haghaidh comhar trasearnála*. |
Tionchar ar fhoghlaim ghairmiúil | 30 | Cuspóirí atá sainmhínithe go soiléir a bhfuil tionchar suntasach agus intomhaiste acu ar fhoghlaim ghairmiúil ar fud na scoileanna, agus fianaise ar fhoghlaim chomhroinnte. Gheobhaidh iarratais ina bhfuil múinteoirí ag glacadh ról gníomhach ina bhfoghlaim ghairmiúil scór níos fearr ná iarratais ina bhfuil ról éighníomhach ag múinteoirí. |
Ábharthacht do théamaí agus do bheartais | 15 | Ailíniú láidir le téamaí roghnaithe (Cleachtas Ionchuimsitheach, Múineadh na Gaeilge, Folláine, Ceannaireacht agus Caidreamh Gairmiúil) nó le beartas náisiúnta ainmnithe (mar shampla, ón gComhairle Múinteoireachta nó ón Roinn Oideachais agus Óige). |
Caighdeán an togra sócmhainne digití | 15 | Togra nuálach, cruthaitheach agus praiticiúil maidir le sócmhainn dhigiteach a chruthú lena dtaispeántar an ghníomhaíocht chun é a chur chun cinn ar bhonn níos leithne. |
Miondealú buiséid réalaíoch | 10 | Miondealú buiséid atá trédhearcach, réalaíoch agus a bhfuil údar maith leis. |
*Féadfar comhar trasearnála a shainmhíniú mar seo a leanas:
- bunscoil cheannais ag oibriú le hiar-bhunscoil, scoil speisialta nó Coláiste Breisoideachais
- iarbhunscoil cheannais ag oibriú le bunscoil, scoil speisialta nó Coláiste Breisoideachais
- scoil speisialta cheannais ag oibriú le bunscoil, iar-bhunscoil nó Coláiste Breisoideachais
- Coláiste Breisoideachais ceannais ag oibriú le bunscoil, iar-bhunscoil nó le scoil speisialta
9. Próiseas Measúnaithe
Déanfar iarratais a mheas mar seo a leanas:
Tréimhse | |
---|---|
Scagadh | Déanfar gach iarratas a scagadh de réir na gcritéar incháilitheachta a leagtar amach i gCuid 5. |
Scóráil | Déanfaidh painéal measúnaithe neamhspleách, arna cheapadh ag Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, na hiarratais incháilithe a scóráil. |
Aiseolas: Soláthrófar na cúiseanna nach raibh a n-iarratas incháilithe d’iarratasóirí neamh-incháilithe. Féadfaidh iarratasóirí nach n-éiríonn leo aiseolas a lorg faoina n-iarratas. Ní mór d’iarratasóirí nach n-éiríonn leo ríomhphost a sheoladh chuig feilte@teachingcouncil.ie agus aiseolas a iarraidh laistigh de 21 lá ón toradh a fháil.
10. Amlíne
Dáta | Sceideal |
---|---|
Dé Luain, an 8 Meán Fómhair 2025 | Iarratais ar oscailt |
Dé Céadaoin, an 24 Meán Fómhair | Seimineár gréasáin faisnéise a reáchtálann an Chomhairle Mhúinteoireachta chun tacú le hiarratasóirí. Deis a bheidh anseo chun ceisteanna a chur agus aon treoir a theastaíonn uait a fháil |
6pm Dé hAoine, an 31 Deireadh Fómhair | Cuirtear deireadh leis na hiarratais |
Dé Luain, an 1 Nollaig | Cuirtear scoileanna ar an eolas faoi thorthaí |
Dé Luain, an 8 Nollaig | Lá deireanach a ghlacfar le hachomhairc |
Lár mhí Eanáir 2026 | Íoctar le scoileanna |
Eanáir – Bealtaine | Glacann scoileanna páirt ina bhfoghlaim ghairmiúil mar a shonraítear ina n-iarratas |
6pm Dé hAoine, an 15 Bealtaine | Spriocdháta chun sócmhainní digiteacha, machnamh scríofa, suirbhé aiseolais agus forbhreathnú buiséid a chur isteach. |
11. Íocaíocht
Íocfar an sparánacht isteach i gcuntas bainc na scoile ceannais/Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO) i lár mhí Eanáir 2026.
Is faoin scoil cheannais/BOO atá an fhreagracht an íocaíocht sparánachta a bhainistiú i gcomhréir leis an iarratas a cuireadh isteach, agus i measc na scoileanna atá i gcomhar, de réir mar is cuí.
Beimid i dteagmháil go déanach i lár mhí Eanáir 2026 chun íocaíocht a shocrú.
12. Próiseas achomhairc
Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, ní mór duit achomharc foirmiúil scríofa a chur faoi bhráid Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta laistigh de 7 lá ón toradh a fháil. Seol an t-achomharc chuig feilte@teachingcouncil.ie
Caithfidh an t-achomharc cur síos soiléir a dhéanamh ar na forais achomhairc, ar cheart dóibh a bheith bunaithe ar earráidí nóis imeachta nó ar neamhréireachtaí braite sa phróiseas measúnaithe.
Próiseas Achomhairc | |
---|---|
Athbhreithniú ar Achomharc | Déanfaidh Painéal Achomhairc, ar a mbeidh measúnóirí nach raibh baint acu leis an bpróiseas cinnteoireachta bunaidh, athbhreithniú ar an achomharc. Ainmneoidh an Stiúrthóir an painéal. Déanfaidh an painéal measúnú ar leanadh an próiseas iarratais agus na critéir scórála i gceart agus go cothrom. |
Toradh an Achomhairc | Beidh sé mar aidhm ag an bPainéal Achomhairc teacht ar chinneadh laistigh de 15 lá oibre ón achomharc a fháil. Cuirfear an cinneadh deiridh in iúl duit trí ríomhphost. Beidh an cinneadh sin críochnaitheach agus ceangailteach. |
Gan eolas nua | Ní bhreithneofar achomhairc má tá siad bunaithe ar fhaisnéis nua nó ar athbhreithnithe ar an mbuniarratas. Ní féidir le hachomhairc ach dul i ngleic le cothroime nóis imeachta nó saincheisteanna measúnaithe. |
Toradh achomharc | Má sheastar le d’achomharc, déanfar athmhachnamh ar d’iarratas. Má dhiúltaítear d’achomharc, seasfaidh an cinneadh bunaidh. |
13. Conas Iarratas a Dhéanamh
Cuir iarratas isteach anseo.
15. Cosaint Sonraí
Is í an Chomhairle Múinteoireachta an Rialaitheoir Sonraí. Úsáidtear na sonraí a bhailítear sa phróiseas iarratais, mar shampla, ainmneacha agus sonraí teagmhála príomhoidí scoile nó a gcoibhéis chun na hiarratais ar sparánachtaí a riar. Úsáidtear sócmhainní digiteacha a chuirtear isteach mar chuid den scéim sparánachta chun an mhúinteoireacht a chur chun cinn mar ghairm.
Is é ár mbunús dlí maidir leis na sonraí sin a phróiseáil ná ár leas dlisteanach chun an mhúinteoireacht a chur chun cinn mar ghairm de réir ár n-oibleagáidí faoin Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001.
Mar atá sonraithe thuas, déanfar na sócmhainní digiteacha a roinnt ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta agus ar chuntais meán sóisialta, agus déanfar iad a dháileadh ar gach múinteoir cláraithe chomh maith. Coinneofar sócmhainní digiteacha ar feadh 36 mí chun críoch athbhreithnithe éifeachtúlachta, agus scriosfar iad ansin ar bhealach slán.
Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (DPA2018) tá roinnt cearta ag daoine aonair maidir lena sonraí pearsanta. Tá sé de cheart acu an méid seo a leanas a iarraidh orainn:
- rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta
- a gcuid sonraí pearsanta a cheartú i gcás go bhfuil siad mícheart
- a gcuid sonraí pearsanta a scriosadh i gcúinsí áirithe,
- an ceart chun srian a chur ar phróiseáil nó agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála in imthosca áirithe.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár OCS ag dpo@teachingcouncil.ie
Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí má chreideann tú nár chomhlíonamar na ceanglais faoi RGCS nó DPA 2018 maidir le do shonraí pearsanta.
16. Eolas Teagmhála
Má bhíonn aon cheisteanna agat nó má theastaíonn eolas breise uait, déan teagmháil le feilte@teachingcouncil.ie